Oideachas Feasachta Comhshaoil
- Naisc ábhartha eile
- Oideachas Feasachta Comhshaoil
- Leabhair agus Bileogaí
- Tionscnaimh pobail
- Bainistíocht Dramhaíl Bia
- Féilte agus Imeachtaí Glasa
- Táirgí Glantacháin níos Glaise
- Garraíodóireacht níos Glaise
- Clár Oideachais Scoileanna/ Scoileanna Glasa
- Cosc Dramhaíl
Iúil 2022
Is cuid thábhachtach de Phlean Gnó na Rannóige Timpeallachta é Clár Feasachta Timpeallachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Cuirtear eolas agus ábhar feasachta ar fáil a bhaineann leis na príomhcheisteanna timpeallachta, mar atá, bainistiú dramhaíola, bainistiú bruscair, éifeachtúlacht acmhainní, agus teachtaireachtaí ginearálta timpeallachta. Scaiptear eolas trí sheisiúin eolais pobail, cláir phobail, cláir scoile, imeachtaí bolscaireachta, imeachtaí áitiúla, láithreáin ghréasáin, na meáin agus na meáin shóisialta.
De bharr an méid seo, cuirtear san áireamh sa chlár timpeallachta rialacháin, reachtaíocht agus pleananna nua, agus forbraítear ábhar feasachta dá réir.
Maidir le bainistiú dramhaíola, is iad na príomhcheisteanna a bhféachtar orthu ná dea-chleachtas timpeallachta a chur chun cinn, dramhaíl a sheachaint agus cur amú bia a sheachaint, athchúrsáil agus athúsáid.
Chomh maith leis sin tacaítear le bailiúcháin sonracha eile arna n-eagrú ag eagraíochtaí eile agus cuirtear chun cinn iad - amhail bailiúcháin ar phlaisteach feirme arna eagrú ag IFFPG, rudaí leictreacha le WEEE Ireland etc.
Reáchtáiltear cláir phobail maidir le seachaint dramhaíola ar bhonn leanúnach freisin. Baineann siad le bainistiú dramhaíola agus le héifeachtúlacht acmhainní, seachaint dramhaíola, seachaint dramhaíl bia, agus seachaint dramhaíl ábhar tí dainséarach.
Cuid leanúnach den chlár feasachta timpeallachta is ea tionscnaimh frithbhruscair lena n-áirítear tionscnaimh mar an Glantachán Náisiúnta Earraigh, feachtais a chur i bhfeidhm mar an feachtas in aghaidh bruscar guma, salú ag madraí, clár Picker Pals agus feachtas feasachta sna pictiúrlanna agus ar an raidió.
Réimse eile a thagann faoi scáth an chláir feasachta timpeallachta ná éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn sa bhaile agus i ngnónna. Scaiptear eolas ar shealbhóirí tí agus ar lucht na hearnála gnó ar bhonn leanúnach maidir le héifeachtúlacht acmhainní ina leagtar amach na buntáistí eacnamaíochta agus timpeallachta a ghabhann le héifeachtúlacht acmhainní. Úsáidtear www.mywaste.ie mar acmhainn chun comhairle a chur ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí.
Cuid thábhachtach eile den Chlár Feasachta Timpeallachta is ea clár na Scoileanna Glasa. Ar na réimsí a thagann faoi scáth an chláir, tá bainistiú dramhaíola, bainistiú bruscair, caomhnú fuinnimh, caomhnú uisce, bithéagsúlacht agus saoránacht dhomhanda.
Réimsí eile a bhféachtar orthu sa chlár reatha ar fheasacht timpeallachta ná féilte glasa, tránna, cósta glas, cosaint sruthchúrsaí, rialú timpeallachta agus reachtaíocht.
Cuid thábhachtach eile den chlár feasachta timpeallachta ná rannpháirtíocht an phobail. Is trí ghrúpaí ar nós grúpaí na mbailte slachtmhara, grúpaí deonacha, lucht eagraithe féilte agus imeachtaí, grúpaí pobail, leabharlanna agus páirtithe leasmhara eile a bhíonn an pobal rannpháirteach ann.
Chomh maith leis sin, tá tacaíocht bhreise are fáil do ghrúpaí na mBailte Slachtmhara taobh istigh den phobal. Grúpaí iad sin go léir a oibríonn bliain i ndiaidh bliana taobh istigh de chlár na mBailte Slachtmhara chun an pobal áitiúil a fheabhsú. Tugtar tacaíocht do ghrúpaí i ndáil le bainistiú bruscair agus glanadh suas sa phobal, chun pleananna dramhaíola inbhuanaithe agus éifeachtúlacht acmhainní a ullmhú, seimineáir, ceardlanna agus imeachtaí bolscaireachta eile a chur ar fáil, ag dul i gcomhairle le scoileanna glasa, gnónna glasa a chur chun cinn sa phobal agus cláir dhramhaíola a chur ar fáil don phobal.
Anuas ar an lear mór bileoga eolais atá ann i dtaobh cúrsaí timpeallachta, baintear leas as stáisiúin áitiúla raidió, pictiúrlanna, láithreáin ghréasáin agus na meáin shóisialta chun eolas faoin timpeallacht a scaipeadh agus a chur ar fáil.
Tuilleadh eolais ón Rannóg Comhshaoil.
Sonraí Teagmhála na Rannóige Comhshaoil
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte