Clár Oideachais Scoileanna/ Scoileanna Glasa
- Naisc ábhartha eile
- Oideachas Feasachta Comhshaoil
- Leabhair agus Bileogaí
- Tionscnaimh pobail
- Bainistíocht Dramhaíl Bia
- Féilte agus Imeachtaí Glasa
- Táirgí Glantacháin níos Glaise
- Garraíodóireacht níos Glaise
- Clár Oideachais Scoileanna/ Scoileanna Glasa
- Cosc Dramhaíl
Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe cláir éagsúla comhshaoil ar fáil do scoileanna agus tá fáilte roimh gach scoil a bheith páirteach iontu. Tá an Oifigeach Feasachta Comhshaoil ar fáil le cuairt a thabhairt ar bhunscoileanna agus ar mheánscoileanna chun comhairle a chur orthu ar ábhar mar rialú bruscair, bainistiú dramhaíola, cosc ar dhramhaíl, caomhnú agus cosaint uisce agus cúrsaí fuinnimh. Is féidir cur i láthair a dhéanamh don scoil iomlán nó do ranganna faoi leith, don Idirbhliain, CSPE, LCVP, do lucht na hArdteistiméireachta Feidhmí, nó mar chuid de Sheachtain na Tíreolaíochta, Seachtain na hEolaíochta nó ag am ar bith le linn na bliana.
Tá an Oifigeach Feasachta Comhshaoil ar fáil freisin le heolas agus comhairle a chur ar réamhscoileanna agus ar iad siúd a fheidhmíonn saoráidí cúraim leanaí.
SCOILEANNA GLASA
Tugtar cuireadh do gach scoil i gCo. na Gaillimhe clárú do Chlár na Scoileanna Glasa. An Taisce a bhainistíonn Clár na Scoileanna Glasa i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe i limistéar feidhme Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Is tionscadal idirnáisiúnta é Scoileanna Glasa atá leagtha amach chun gníomh uile-scoile ar son an chomhshaoil a spreagadh agus aitheantas a thabhairt dó. Cabhróidh an próiseas seo le daltaí an tábhacht a bhaineann le cúrsaí comhshaoil a aithint agus iad a lánpháirtiú ina saol ar scoil agus sa mbaile. Is clár agus scéim gradam araon é Scoileanna Glasa. Féadfaidh scoil ar bith tabhairt faoin gclár trí threoirlínte áirithe a úsáid. Bronnfar an gradam ar scoileanna a bhaineann na seacht gcéim den chlár amach.
An méid bruscair agus dramhaíola a ghintear sa scoil an chéad chéim den chlár. Is féidir sin a dhéanamh trí chéimeanna simplí mar rialú bruscair, cosc ar dhramhaíl, múiríniú agus athchúrsáil. Chomh luath is a bhíonn na seacht gcéim den chlár bainte amach ag scoil, agus an méid bruscair agus dramhaíola laghdaithe aici, féadfaidh sí cur isteach ar an mBratach Ghlas ansin. Chomh luath is a bhronntar bratach, bogann an scoil ar aghaidh chuig téama nua: fuinneamh. Ní mór an bhratach a athnuachan gach dhá bhliain agus dírítear ar théama comhshaoil nua le linn gach tréimhse dhá bhliain.
Chun tuilleadh eolais faoi na cláir chomhshaoil scoileanna go léir a fháil, déan teagmháil le
Mark Molloy, Oifigeach Feasachta Comhshaoil Cúnta, Comhairle Chontae na Gaillimhe 091-509510 Ríomhphost: mkmolloy@galwaycoco.ie.
PICKER PALS
Mar chuid de chlár Feasachta Frithbhruscair 2022 Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe páirteach sa chlár in Picker Pals, féach na sonraí ar fad ag https://www.pickerpalsworld.org/ .
Faon gclár Picker Pals cuirfear leabhair scéalta agus gníomhaíochtaí, i nGaeilge nó i mBéarla, ar fáil do gach scoil chomh maith le tlúnna bruscair a thabharfaidh leanbh éagsúil abhaile leo gach seachtain. Beidh an pacáistiú ar fad déanta as ábhar uaschúrsáilte a bheifear in ann a úsáid arís. Rachaidh gach leanbh ar eachtra bailithe bruscair ina gceantar féin in éineacht lena muintir agus tuairisceoidh ar ais chuig a gcomhghleacaithe ranga ar na méid a tharla. Cuidíonn an t-amhrán The Picker Pals chun an teachtaireacht a scaipeadh maidir le dul i ngleic le bruscar ar bhealach spraíúil agus spóirtiúil chun leanaí a spreagadh a bheith páirteach sa gceist thábhachtach shóisialta agus timpeallachta seo.Is ar líne a chuirfear an clár ar fáil arna sholáthar ag VOICE IRELAND agus déanfar é a sheachadadh sa scoil trí chomhordaitheoir.
Sheol ríomhphoist chuig Mark Molloy ag mkmolloy@galwaycoco.ie nó 091509510 le haon cheisteanna a bheadh agat.
Próiseas Achomhairc
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte