Sábháilteacht Bóthair
- Naisc ábhartha eile
- Cothabháil Gheimhridh
- Bóithre & Iompar Sonraí
- Bóithre & Iompar Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Straitéis Iompair na Gaillimhe
- Mótarcháin
- An Glasbhealach ó Ghaillimh go Báile Átha Cliath
- An Ghlasbhealach na Clochán go hUachtar Ard
- Ghlasbhealach na Gaillimhe go hUachtar Ard
- Dúnadh Bóithre a Bhaineann leis an Aimsir
- Dúnadh Bóithre (Sealadach)
- Soilsiú Poiblí
- Modhanna rialú gréasáin
- Bainistíocht Tráchta
- Sábháilteacht Bóthair
- Tógáil Bóthair
- Tógáil Droichid
- Clár Bóithre
- Tograí Bóithre
- Cúrsaí Mara
- Dhúiche Draenála Dhún Coilín
- Clár Measúnaithe agus Bainistíochta Baol Tuilte
- Eastáit Tithíochta a Thógáil i Gcúram
- Fiosrúchán ar Bhóithre agus Seirbhísí
- Taisteal Gníomhach
- Cinntí ar Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí
I 1996, mar fhreagra ar líon an méid a bhásaíonn ar bhóithre na hÉireann a bheith ag dul i méid, d'iarr an Aire Comhshaoil grúpaí oibre do shábháilteacht ar bhóithre ag leibhéal áitiúil a bhunú. Aidhm an Choiste ná gach iarracht a dhéanann na gníomhaireachtaí ar fad a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a chomhordú chun líon na dtionóisc bóthair a laghdú.
Bunaíodh Coiste Sábháilteachta ar Bóthar le Chéile i gContae na Gaillimhe i mBealtaine, 1997, agus é déanta suas de hionadaithe Údarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Ceantar an Iarthair), An Garda Síochána, Údarás Bóithre Náisiúnta, comhaltaí tofa agus baill foirne Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tagann an Comhairle le chéile go rialta agus déanann siad iniúchadh ar na roghanna atá ann do shábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú do choisithe, tiománaithe agus úsáideoirí bóithre i gcoitinne. Tá tograí éagsúla agus tionscnaimh do sábháilteacht ar bhóithre déanta i gCo. na Gaillimhe go dtí seo.
Glacann Comhairle Chontae na Gaillimhe páirt ghníomhach i gcur chun cinn sábháilteacht ar bhóithre trí oideachas. Oifigeach Sábháilteachta Bóithre i gComhairle Chontae na Gaillimhe - Uimh. Fón. (091) 509360. roads@galwaycoco.ie
Beartais ceansú tráchta
Féadfaidh oibreacha forbartha bóthair, de bharr dromhchla tiomána feabhsaithe nó leithead bóithre méadaithe, luas trácha méadaithe a chur chun cinn ar rochtain isteach chuig timpealláin nó rochtain isteach chuig limistéir fhoirgnithe. Féadfaidh an Chomhairle bearta ar nós stialla tormáin, nó i gcás limistéir fhoirgnithe, scéimeanna maolaithe tráchta laistigh de theorainneacha criosanna luais de 50 km/h., lena n-áirítear athfhorbairt an bhóthair i dtrasghearrthacha. Caithfear moltaí do bhearta maolaithe tráchta a chur chuig Coimisinéir na Gardaí agus fógra a fhoilsiú sa nuachtán ag ceadú do thréimhse d'aon mí amháin chun uiríll a dhéanamh i scríbhinn chuig an gComhairle. Is feidhm comhaltaí tofa na Comhairle é bearta maolaithe tráchta a sholáthar nó a bhaint as mar aon le breithniú a dhéanamh ar uiríll
Clár traenála rothaíochta
Cuireann an Chomhairle Clár Oiliúna Rothaíochta chun cinn sna scoileanna i gContae na Gaillimhe. Soláthraíonn an Scoil um Shábháilteacht & Scileanna Rothaíochta an oiliúint. Sé costas an dalta ná €30.00 iomlán, ach soláthraíonn an Chomhairle agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre araon fóirdheontas €5.00 an dalta a ghlacann páirt sa chlár. Is é aidhm an tionscnaimh seo ná na scileanna a thabhairt do dhaoine óga a chabhróidh leo rothaíocht go slán sábháilte agus tugann sé sprioc dóibh clogad sábhála a chaitheamh i gcónaí agus iad ag rothaíocht.
Déan teangabháil leis an gcomhlacht ar ríomhphoist: safercycling@gmail.com nó fón 091 506942, nó http://www.safercyclinginitiative.com
Tuille eolas ó Uasal an Oifigeach Sábháilteachta Bóithre i gComhairle Chontae na Gaillimhe
Fón: 091- 509360 / Ríomhphoist: roads@galwaycoco.iie
Bandaí muinchille/ábhar frithchaiteach
Dáileann Comhairle Chontae na Gaillimhe bandaí muinchille agus éadach frithchaiteacha, saor in aisce chuig scoileanna, grúpaí pobail, & srl., lena n-úsáid ag coisithe/rothaithe.
Tuille eolas Uasal an Oifigeach Sábháilteachta Bóithre i gComhairle Chontae na Gaillimhe
Fón: 091- 509360 / Ríomhphoist:roads@galwaycoco.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte