Scoil an Phiarsaigh
Déar, 19 MFómh 2024 15:45:00 BST
Scoil An Phiarsaigh chun plé a dhéanamh ar thábhacht na fiontraíochta a chruthú trí Ghaeilge.
Beidh a bhfuil i ndán do chruthú na fiontraíochta trí Ghaeilge ina hábhar plé i Scoil an Phiarsaigh a bheidh ar siúl i Ros Muc ar an 26ú & 27ú Meán Fómhair.
Tá Scoil an Phiarsiagh ag tógáil ar an rath a bhí ar na scoileanna samhraidh roimhe seo, Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, tionscnamh de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomhshamhlú Phádraig Mhic Phiarais le Ros Muc agus an meas a bhí aige ar an Gaeilge agus an cultúr Gaelach agus é ag iarraidh Éire níos fearr a bhaint amach. Is é Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Albert Dolan, a osclóidh Scoil An Phiarsaigh ar an Déardaoin, 26 Meán Fómhair in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Is imeacht saor in aisce í an scoil dhá lá, atá oscailte don phobal agus atá á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge. Mar chuid den chlár dhá lá beidh plé bríomhar ar chruthú fiontraíoct, plé ar stair áitiúil, logainmneacha agus béaloideas, ceol traidisiúnta ó cheoltóirí áitiúla agus ceardlann aireachais. Cuireann tionscnamh Scoil an Phiarsaigh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn.
Ar an Déardaoin, beidh ceoltóirí óga Chomhaltas Cheoltóirí Charna i mbun ceoil agus le críoch a chur leis an ócáid tráthnóna Déardaoin beidh léiriú ó Cheoltóirí óga Chois Fharraige.
Ar an 27 Meán Fómhair, roinnfidh ionadaithe ó eagraíochtaí tacaíochta chomh maith le fiontraithe seanbhunaithe a gcuid saineolais agus taithí ar fhiontair sna ceantair Ghaeltachta. Fiosróidh Fionnbarra Ó Brolcháin na buntáistí a bhaineann le brandáil Éireannach. Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisc ó Raidió na Gaeltachta ag déanamh éascú ar an bplé. Éascóidh an plé rannpháirtíocht an lucht féachana agus éisteachta agus is féidir ceisteanna a chur isteach roimh ré trí ríomhphost chuig: gaeilge@cocogaillimh.ie.
Dúirt Máirtín Ó Donnchadha, Oifigeach Forbartha Gaeilge i gComhairle Chontae na Gaillimhe, eagraí Scoil an Phiarsaigh, go mbeidh fiúntas ag baint leis an eolas faoi Fhiontraíocht agus go dtabharfaidh ionadaithe ó eagraíochtaí tacaíochta comhairle thábhachtach dóibh maidir le comhroinnt fiontraíochta agus díospóireacht a dhéanamh faoina bhfuil i ndán don fhiontraíocht trí Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.
Beidh mír spéisiúil eile ar siúl tráthnóna Dé hAoine an 27 Meán Fómhair, ceardlann cneasaithe suaimhneas intinne le Marian Ní Chonghaile chun cumhacht a thabhairt duit a ráthú, ní hamháin maireachtáil trí athléimneacht a shaothrú.
Chun clárú agus chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le gaeilge@cocogaillimh.ie nó glaoigh ar 091-509030.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte