Teacht Abhaile Gaillimhe 2024
Domh, 28 Iúil 2024 22:52:00 BST
Reáchtálfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, CLG na Gaillimhe agus na Seirbhísí Éigeandála teacht abhaile roimh Fhoireann Peile agus Bainistíocht na Gaillimhe i Staid Thuama. Cuirfear tús leis an gceiliúradh ó 2.00pm Dé Luain, 29 Iúil 2024, i Staid Thuama le ceol ó Seán Slattery & the Connections. Tá súil leis an bfhoireann ar 3.30pm nuair a chuirfear na himreoirí agus an fhoireann bainistíochta in aithne don slua.
Ticéid
Ní ócáid ticéadaithe atá anseo.
Socruithe páirceála poiblí / srianta tráchta
Beidh Dúnadh Bóithre i bhfeidhm ar gach bealach chuig an staid agus iarrtar ar phátrúin páirceáil i gcarrchlóis Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus dul ar aghaidh de shiúl na gcos. Beidh páirceáil saor in aisce ar fáil i gCarrchlóis na Comhairle Contae agus i gCarrchlós Ardeaglais Thuama.
Áiseanna Páirceála i dTuaim ar an 29 Iúil 2024
• Staid Thuama: Ní bheidh aon pháirceáil ar fáil ag Staid Thuama ná sa gcomharsanacht.
• Carrchlóis Phoiblí Chomhairle Chontae na Gaillimhe: Beidh páirceáil saor in aisce ar fáil i gCarrchlóis Phoiblí na Comhairle agus tarscaoilfear táillí ag:
• Sráid an Easpaig
• Sráid an Bhiocáire
• Fearann an Pháláis áit a bhfuil páirceáil theoranta ar fáil
• Ardeaglais ar Shráid an Easpaig: Tarscaoilfear páirceáil íoc agus Taispeáin roimh agus le linn na hócáide do theacht abhaile an fhoireann.
Tá páirceáil do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil i ngach carrchlós agus ar na sráideanna.
Páirceáil Mhídhleathach: Gearrfar fíneálacha tráchta ar aon fheithiclí atá páirceáilte go mídhleathach ar na sráideanna seo a chuireann bac ar rochtain feithiclí agus ar an sruth tráchta ar an 29 Iúil 2024.
Cinntigh le do thoil na rialacha páirceála a leanúint chun aon mhíchaoithiúlacht a sheachaint.
Is ócáid saor ó alcól a bheidh anseo.
Coinníollacha:
Cuardófar málaí nuair a théann tú isteach sa staid agus chun scuainí fada a sheachaint molaimid go láidir duit gan mála a thabhairt leat. Ní cheadófar aon rud a d'fhéadfaí a mheas mar ghuais a bheadh ann sa staid. Tógfar grianghraif agus físeáin ag an ócáid, a d'fhéadfaí a úsáid i bpoiblíocht na Comhairle / CLG na Gaillimhe / na nGardaí, tuairiscí bolscaireachta, ár láithreáin ghréasáin agus ar na meáin shóisialta. Tá fógra príobháideachais ar fáil ag www.galway.ie . Iarrtar ar bhaill den phobal atá ag freastal ar an ócáid cloí leis na treoracha nó an treoir a chuireann maoir, slándáil agus baill den Gharda Síochána ar fáil.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte