Comhairle do Dhaoine a bhfuil Tobar acu
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Uisce Sonraí
- Seirbhísí Uisce Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Cáilíocht Uisce Óil
- Fógrai Poiblí
- Caomhnú Uisce
- Éilliú Uisce
- Aimsiú Siltí
- Cónasc Nua
- Dianaimsir
- Deontas do Thoibreacha Aonair
- Comhairle do Dhaoine a bhfuil Tobar acu
- Fóirdheontas Grúpscéim Uisce
- Leasúchán Luaidh Baile
- Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024-2026
Comhairle do dhaoine a bhfuil soláthar uisce aonair acu nó atá ag tarraingt uisce as soláthar uisce aonair m.sh toibreacha
As toibreacha go minic a chuirtear uisce ar fáil in go leor ceantair thuaithe. Sa chás nach mbíonn aon ghné “phoiblí” ag baint le soláthar, meastar gur soláthar neamhrialáilte é mar nach mbíonn feidhm go hiomlán sa chás seo leis na Rialacháin a bhaineann le hUisce Óil. Tá cáipéis threorach, áfach, d’úinéirí a bhfuil soláthar príobháideacha neamhrialáilte uisce acu agus d’úsáideoirí le fáil thíos ina bhfuil comhairle i dtaobh an soláthar a choinneáil slán:
Guidance Exempted Private Water Supplies 2012
Tá breis eolais thíos d’úinéirí a bhfuil soláthar príobháideach uisce acu a chuireann uisce ar fáil mar chuid de ghníomhaíocht tráchtála nó poiblí.
Comhairle d’úinéirí áitribh tráchtála nó áitribh as a gcuirtear uisce ar fáil le hól ag an bpobal ó sholáthairtí príobháideacha e.g. toibreacha
FSS agus Comhairle Chontae na Gaillimhe
Nóta maidir le hEolas Práinneach
D’fhéadfadh Baol Mór do Chúrsaí Sláinte agus Gnó a bheith i gceist le húsáid a bhaint as Soláthairtí Príobháideacha Uisce
Tá fianaise ann go bhfuil áitribh tráchtála go leor ag tosú ag baint úsáide as soláthairtí screamhuisce (toibreacha) gan tuiscint ar na rioscaí a bhaineann leis do shláinte an duine.
Ní bhíonn uisce as tobar, fiú más tobar domhain é, saor ó éilliú faecach. Is mó an baol i gceantair aolchloiche (mar atá i bhformhór Chontae na Gaillimhe), áiteanna nach bhfuil ithir dhomhain agus a bhfuil foinsí go leor d’éilliú faecach (umair mhúnlaigh, ainmhithe feirme). Ceapann go leor gnóthaí go mbíonn tobar slán acu mar go léiríonn torthaí tástálacha go bhfuil an t-uisce glan ó éilliú faecach ach is dearmad é sin a cheapadh. D’fhéadfadh uisce tobair a mbeadh toradh glan aige a bheith éillithe go trom laistigh de chúpla uair an chloig dá mbeadh báisteach throm ann.
D’fhéadfadh gnóthaí a cheapadh freisin go bhfuil cosaint acu má bhíonn saoráidí cóireála uisce ar an láthair, saoráidí mar saoráidí scagacháin, clóirínúcháin nó solas ultraivialait. D’fhéadfadh go dteipfeadh ar na córais ar fad atá ar fáil, áfach, mura gcoinnítear súil mhaith orthu agus i gcaoi iad. Tá srianta ag baint leo ar fad agus d’fhéadfadh nach n-oibreoidís sa chás is go dtarlódh éilliú mór dá mbeadh báisteach throm ann mar shampla.
Tá impleachtaí tromchúiseacha dlí ag baint le huisce óil a chur ar fáil don phobal ó fhoinse phríobháideach. Éilítear ort faoin dlí a chinntiú go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól agus a dheimhniú go bhfuil an chóireáil ag obair mar is ceart. Chomh maith leis sin, ní mór duit cead pleanála iomlán a fháil sula ndéanfá tobar do chríocha tráchtála.
Tá sé ríthábhachtach a thabhairt ar aird go bhféadfadh gnó a chuireann soláthar uisce príobháideach ar fáil an soláthar poiblí uisce a éilliú sa chás go mbeadh ceangal idir an dá sholáthar. Níor chóir uisce as toibreacha príobháideacha a cheangal leis an soláthar poiblí mar go bhfuil baol tromchúiseach ann don soláthar poiblí fiú más comhlaí neamhchúlaithe atá feistithe.
Go hachomair
- Ní féidir a cheapadh go bhfuil uisce as tobar sábháilte fiú má bhí roinnt tástálacha saotharlainne a rinneadh ar an uisce glan.
- Ní mór do dhuine cáilithe an obair chothabhála a dhéanamh ar chórais chóireála. D’fhéadfadh córais chóireála teipeadh agus sa chás sin d’fhéadfadh gur tusa a bheadh freagrach má chuirtear uisce éillithe ar fáil do chustaiméirí nó má éillítear an soláthar poiblí uisce.
- D’fhéadfadh ionfhabhtú tromchúiseach, agus i roinnt cásanna bagrach don bheatha, a bheith mar thoradh ar uisce éillithe a ól, ar uisce éillithe a úsáid chun leac oighir a dhéanamh, nó bia a ní nó a ullmhú nó a úsáid chun fiacla a ní.
- Má chuireann tú soláthar príobháideach uisce ar fáil ó d’áitribh ní mór duit faoin dlí a chinntiú go bhfuil an t-uisce sábháilte le hól.
I gcás fiosruithe maidir leis na ceanglais dlí a bhaineann le soláthar príobháideach uisce a sholáthar ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg Seirbhísí Uisce d’údaráis áitiúil.
Comhairle Chontae na Gaillimhe 091 509 505
Comhairle Cathrach na Gaillimhe 091 894 347
Má bhíonn tuilleadh eolais nó comhairle uait faoi úsáid a bhaint as soláthar príobháideach uisce i do ghnó bia agus/nó monatóireacht air, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Roinn na Sláinte Comhshaoil ag 091 548352.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte