Aimsiú Siltí
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Uisce Sonraí
- Seirbhísí Uisce Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Cáilíocht Uisce Óil
- Fógrai Poiblí
- Caomhnú Uisce
- Éilliú Uisce
- Aimsiú Siltí
- Cónasc Nua
- Dianaimsir
- Deontas do Thoibreacha Aonair
- Comhairle do Dhaoine a bhfuil Tobar acu
- Fóirdheontas Grúpscéim Uisce
- Leasúchán Luaidh Baile
- Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024-2026
Déantar uisce a sholáthar don chuid is mó tithe cónaithe agus áitreabh trí phíopa cumarsáide nó seirbhíse - sin an píopa idir an comhla stoptha sa tsráid agus an t-áitreabh. Tá tusa freagrach as na píopaí uisce laistigh de theorainneacha do chuid maoine a shuiteáil agus a chothabháil. Áiríonn sé sin na píopaí atá ann laistigh de do theach. Ós rud é go bhfuil na píopaí sin faoi úinéireacht phríobháideach, níl aon fhaisnéis ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin áit a bhfuil siad laistigh de theorainneacha do chuid maoine agus nílimid freagrach as na píopaí sin a chothabháil. I roinnt ionad tuaithe, d’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil tú freagrach as cuid de do phíopa cumarsáide freisin, ar píopa é nach bhfuil suite ar do chuid talún ach atá ar thalamh atá faoi úinéireacht phríobháideach.
Cé atá freagrach as do phíopa cumarsáide a chothabháil?
Is ortsa agus ar do chomharsana atá an fhreagracht as an píopa cumarsáide a chothaíonn do theach cónaithe, ach sin ag brath ar na cúinsí áirithe atá ann. Sa chuid is mó cásanna, soláthraíonn píopaí cumarsáide uisce ar feadh roinnt mhaith blianta gan aon trioblóid a bheith ag baint leo ach d’fhéadfadh sé go mbeadh cothabháil áirithe ag teastáil ó am go ham agus, sa deireadh, beidh gá le ceann nua a fháil.
Tionóntaí
Más tionónta tú agus má thagann tú ar shileadh, is ceart duit teagmháil a dhéanamh le do thiarna talún a luaithe is féidir chun an fhadhb a chur in iúl dó nó di agus chun a fháil amach cad is ceart duit a dhéanamh. Tá teorainn ama ann maidir leis an bhfad ama gur féidir linn ligean do shileadh leanúint ar aghaidh agus, dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh tú teagmháil le do thiarna talún a luaithe is féidir chun nach ndéanfar beart chun an diomailt uisce a stopadh.
Píopaí cumarsáide
Maidir leis an gcuid is mó áitreabh, is é a bheidh i do phíopa cumarsáide ná píopa a shíneann ón sconna stoptha ar an taobh istigh den teach go dtí sconna stoptha s’againne sa tsráid áit a bhfuil an ceangal leis an bpríomhphíopa uisce. De ghnáth, beidh an sconna stoptha sa tsráid suite i gcoimeádán ar leibhéal na talún gar do theorainn do chuid maoine. Bí ag faire amach do chlúdach plaisteach, cruach nó iarainn theilgthe chun a fháil amach cá bhfuil sé.
Má thagann tú ar shileadh ar do phíopa cumarsáide, beidh ort cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndeiseofar an sileadh nó an gcuirfear píopa nua in ionad an tseanphíopa.
Is féidir le deisiúchán a bheith éifeachtach más sileadh beag atá ann agus má tá an píopa i riocht maith. Tá píopaí cumarsáide faoi úinéireacht phríobháideach agus, dá bhrí sin, níl aon fhaisnéis againn maidir leis an áit ina bhfuil an píopa suite. Má tá an píopa i ndrochriocht agus má tá sé os cionn 30 bliain d’aois, d’fhéadfadh sé go léiríonn an sileadh go bhfuil an píopa ag tarraingt ar dheireadh a ré. Más amhlaidh an scéal, molaimid píopa nua a shuiteáil. I gcuid mhór cásanna, is é sin an réiteach fadtéarma is fearr dá bhfuil ann. Is ceart píopa nua iomlán a shuiteáil, is é sin, píopa a shíneann ón sconna stoptha sa tsráid go dtí an sconna stoptha ar an taobh istigh den teach.
An bhfuil sileadh ann i do phíopa uisce cumarsáide?
Is minic nach bhfuil siltí i bpíopaí uisce cumarsáide infheicthe ar dhromchla na talún. Más rud é go gcuirtear in iúl duit go bhfuil sileadh ann ach nach bhfeiceann tú aon fhianaise air sin, bain triail as éisteacht lena fháil amach an bhfuil torann ag teacht ó do phíopa uisce. Mura stadann an torann (fiú amháin nuair atá uisce á úsáid sa teach), d'fhéadfadh sé gur comhartha é sin go bhfuil sileadh ann. Chomh maith leis sin, is ionann laghdú sa bhrú uisce sa sconna cistine agus léiriú, uaireanta, go bhfuil sileadh ann i do phíopa cumarsáide. I roinnt cásanna, is furasta a fháil amach an bhfuil sileadh ann sa phíopa cumarsáide trína dtugtar uisce isteach i do theach – má tá féar ann sa gharraí ar aghaidh an tí, d'fhéadfadh sé go bhfeicfidh tú paiste méith ina bhfuil an féar níos glaise agus níos faide; má tá tarmac ann, bí ag faire amach do chomharthaí uisce ar an dromchla, go háirithe ar laethanta tirime.
Bearta atá le déanamh le linn seiceála ar an taobh istigh den teach chun a fháil amach an bhfuil sileadh ann
- Féach ar an píopa sceite a shíneann ón bpríomhumar uisce san áiléar. De ghnáth, bíonn an píopa sin suite áit éigin faoi sceimheal an tí. Má bhíonn uisce ag sreabhadh, is ionann sin is a rá, de ghnáth, go bhfuil an snámhbhuacaire ar an insreabhadh san áiléar lochtach agus nach mór ceann nua a fháil nó an ceann atá ann a dheisiú. Is ceart duit comhairle a ghlacadh le pluiméir cáilithe.
- Déan seiceáil ar fud an tí chun a fháil amach an bhfuil aon sconnaí silteacha nó sistéil shilteacha leithris ann. Lena fháil amach an bhfuil sistéal leithris ag sileadh is féidir leat dhá bhraon nó trí de dhathúchán bia a chur isteach in uisce an tsistéil. Fan go ceann 15-30 nóiméad. Má athraíonn dath an uisce sa bhabhla, tá an sistéal ag sileadh agus is gá é a dheisiú.
Modh malartach lena fháil amach an bhfuil sistéal leithris ag sileadh is ea leathán páipéir leithris a chur ar an mballa cúil ar an taobh istigh de bhabhla an leithris. Má shleamhnaíonn an leathán páipéir isteach sa bhabhla gan sruthlú tá an sistéal ag sileadh.
Má tá aon sconnaí nó leithris ag sileadh is ceart duit teagmháil a dhéanamh le pluiméir agus socrú a dhéanamh chun an sileadh a dheisiú.
Bearta atá le déanamh le linn seiceála chun a fháil amach an bhfuil sileadh ann sa phíopa cumarsáide (Tomhaltóirí Méadraithe)
- Ar dtús, déan seiceáil lena fháil amach an bhfuil méadar agat; de ghnáth, bíonn sé suite gar don chosán ar aghaidh do thí nó do ghnó.
- Scoith gach fearas uisce ionad nach bhfuil aon uisce á úsáid. Ciallaíonn sé sin an t-uisce a scoitheadh ar an taobh istigh, agus ar an taobh amuigh, den áitreabh, lena n-áirítear cithfholcadh, doirtil, meaisíní níocháin éadaí, meaisíní níocháin gréithe agus aon fhearas a úsáideann uisce.
- Tóg clúdach bhosca an mhéadair go cúramach trí úsáid a bhaint as uirlis oiriúnach. Beidh an méadar cosúil leis an gceann a thaispeántar sa phictiúr thíos. De ghnáth, déanann an méadar úsáid uisce a thomhas mar mhéadair chiúbacha (1000 lítear). Má tá aon cheann de na snáthaidí ar dhiail an mhéadair ag gluaiseacht, tá uisce ag rith áit éigin sa chóras agus tá sileadh ann.
Más rud é nach bhfuil an tsnáthaid ag gluaiseacht, déan nóta den áit a bhfuil an tsnáthaid agus fan go ceann 10-15 nóiméad agus seiceáil an méadar arís; má tá sí tar éis gluaiseacht, tá sileadh mall ann. Mura bhfuil aon gluaiseacht ann, is dóigh nach bhfuil sileadh ann. - Chun an sileadh a leithlisiú, scoith an t-uisce san áit a dtagann sé isteach san fhoirgneamh. D’fhéadfadh comhla d’fhoirgnimh a bheith suite gar don sconna ar an taobh amuigh nó faoi dhoirteal na cistine. Nuair atá an t-uisce ar fad sa teach scoite, ní ceart aon ghluaiseacht a bheith ann ar aon cheann de na diaileanna ar an méadar.
- Má tá aon cheann de na diaileanna ag gluaiseacht fós, tá uisce ag sreabhadh idir an méadar agus an chomhla stoptha. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sileadh a bheith ann sa phíopa cumarsáide idir an méadar agus an chomhla áit a dtagann an t-uisce isteach i do theach nó i do ghnó.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte