Éilliú Uisce
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Uisce Sonraí
- Seirbhísí Uisce Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Cáilíocht Uisce Óil
- Fógrai Poiblí
- Caomhnú Uisce
- Éilliú Uisce
- Aimsiú Siltí
- Cónasc Nua
- Dianaimsir
- Deontas do Thoibreacha Aonair
- Comhairle do Dhaoine a bhfuil Tobar acu
- Fóirdheontas Grúpscéim Uisce
- Leasúchán Luaidh Baile
- Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024-2026
Ceisteanna a chuirtear go minic
C. Cén chaoi a bhféadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheith cinnte go bhfuil an t-uisce slán?
F. Bhí an Fheidhmeannacht an-soiléir i gcónaí maidir leis na critéir a chaithfí a chomhlíonadh sula gcuirfí deireadh leis an bhfógra go gcaithfí an t-uisce a fhiuchadh. Is iad sin:
- laghdú suntasach ar bhreoiteacht sa duine; is é sin go bhfillfí ar a laghad ar na leibhéil íseal, ar feadh roinnt seachtainí, a bhíonn ann go hiondúil an t-am seo bliana
- cóireáil éifeachtach uisce chun deireadh a chur le Cripteaspóiridiam
- uisce glan, sábháilte le hól ag an duine, go bhfuil córas láidir i bhfeidhm agus go bhfuil an t-uisce ar chaighdeán inghlactha
Maidir le soláthar uisce Luimneach tá an Fheidhmeannach anois sásta go bhfuil na coinníollacha seo comhlíonta.
- 238 an líon cásanna deimhnithe de chripteaspóiridiam i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe ó 1ú lá d’Eanáir 2007. Níl aon athrú tagtha ar an líon sin le roinnt seachtainí anuas.
- Tá próiseas níos fearr cóireála uisce i bhfeidhm in oibreacha uisce Luimneach lena n-áirítear próiseas breise cóireála uisce chun deireadh a chur le Cripteaspóiridiam.
- Tá clár samplála agus tástála níos fearr agus níos déine i bhfeidhm le roinnt seachtainí chun caighdeán an uisce a dheimhniú agus deimhníonn na torthaí go bhfuil an córas láidir agus go bhfuil an t-uisce ar chaighdeán inghlactha.
C. An leanfaidh an Fheidhmeannacht ag déanamh monatóireachta ar an leibhéal breoiteachta?
F. Leanfaidh an Fheidhmeannacht ag déanamh monatóireachta ar an leibhéal cripteaspóiridiam i measc an daonra.
C. Cén fáth a bhféadann an Fheidhmeannacht deireadh a chur leis an bhfógra in áiteanna sa tír ach nach bhféadann sa chathair?
F. Ó dhá sholáthar éagsúla a thagann an t-uisce sa cheantar lena mbaineann an fógra an t-uisce a fhiuchadh a cuireadh i bhfeidhm an 15ú lá de Mhárta –As Luimneach as thagann an soláthar atá i gceantar taobh thoir de Loch Coirib i gContae na Gaillimhe agus is as Tír Oileán a chuirtear uisce ar fáil do Chathair na Gaillimhe agus do chuid den chontae siar ón gcathair, ag síneadh amach go Bearna agus Maigh Cuilinn.
Bhí trí choinníoll ar leith ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chaithfí a chomhlíonadh sula bhféadfaí deireadh a chur leis an bhfógra an t-uisce a fhiuchadh. Leagtar amach thuas iad. Tá an Fheidhmeannacht anois sásta go bhfuil na ceanglais a bhaineann le córas éifeachtach cóireála curtha i bhfeidhm san ionad cóireála uisce i Luimneach. Maidir le hionad cóireála Thír Oileáin, leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe lena pleananna do chóireáil éifeachtach uisce.
C. Cad faoi áitribh bia?
F. Oibríonn Rannóg na Sláinte Comhshaoil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar chomh maith le gníomhaireachtaí eile go dlúth ar bhonn leanúnach le háitribh bia i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe. Féadfaidh áitribh atá i gceantair a gcuirtear deireadh leis an bhfógra an t-uisce a fhiuchadh úsáid a bhaint as uisce as a sconna ach roinnt beart a chomhlíonadh. Áirítear ar na bearta sin -
- Aon daingneán nó trealamh a bhaineann leas as uisce a atosú agus a shruthlú de réir shonraíochtaí an déantóra. D’fhéadfadh nach n-ionann na sonraíochtaí do gach daingneán.
- Dul i gcomhairle leis an innealtóir saoráidí agus/nó an déantúsóir nuair a bheadh trealamh á atosú. Baineann an chomhairle seo le meaisíní déanta oighir agus aonaid measctha mianraí go háirithe.
- Gach daingneán agus trealamh a ghlanadh agus a dhíghalrú agus a shruthlú go maith sula mbaintear leas as le bia a ullmhú.
Seolfar litir chuig gach áitreabh bia i gceantar a bhfuil deireadh á chur leis an bhfógra uisce a fhiuchadh chun na bearta seo a chur in iúl dóibh. Má bhíonn aon fhiosrú eile ag áitreabh bia beidh Rannóg na Sláinte Comhshaoil agus gníomhaireachtaí rialála bia eile ar fáil le comhairle a thabhairt dóibh.
C. Cad faoi dhaoine breoite?
F. Molann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar do dhaoine a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu, agus a mbeadh baol níos mó breoiteachta i gceist dóibh, glacadh le comhairle a ndochtúra maidir le huisce a fhiuchadh.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte