Dianaimsir
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Uisce Sonraí
- Seirbhísí Uisce Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Cáilíocht Uisce Óil
- Fógrai Poiblí
- Caomhnú Uisce
- Éilliú Uisce
- Aimsiú Siltí
- Cónasc Nua
- Dianaimsir
- Deontas do Thoibreacha Aonair
- Comhairle do Dhaoine a bhfuil Tobar acu
- Fóirdheontas Grúpscéim Uisce
- Leasúchán Luaidh Baile
- Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024-2026
Tá tusa freagrach as na píopaí go léir atá ann laistigh de theorainn do chuid maoine. Is le píopaí reoite príobháideacha a bhain cuid mhór de na glaonna a fuair Údaráis Áitiúla le linn an dá thréimhse dianaimsire is déanaí. Is mian le hAonad Caomhnaithe Uisce Chomhairle Chontae na Gaillimhe a chur in iúl dá cuid custaiméirí uisce go léir gur ceart dóibh beart a dhéanamh anois roimh an ngeimhreadh chun ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair dianaimsire má bhíonn a leithéid ann.
Cuimhnigh ar na nithe seo a leanas: Tá tusa freagrach as aon phíopaí atá ann laistigh de theorainn do thí agus má chaitheann tú tamaillín i mbun beart simplí chun cosaint a dhéanamh i gcoinne seaca beidh sé sin ina chabhair chun trioblóid agus caiteachas a sheachaint le linn tréimhsí aimsire fuaire.
An gheimhreadh seo thart, bhí píopaí reoite a réabadh nuair a thosaigh an choscairt ina gcúis le luach na mílte Euro mar gheall ar dhamáiste do mhaoin. I gcás roinnt custaiméirí tráchtála agus talmhaíochta, b’éigean dóibh déileáil le méadú mór ar a gcuid billí i gcás nár sainaithníodh siltí ina gcuid maoine agus i gcás nár deisíodh siltí den sórt sin go tapa. Le go leanfaidh maoin de bheith árachaithe, is ceart d’úinéirí maoine seiceáil a dhéanamh lena hárachóirí chun a fháil amach cad iad na ceanglais atá leagtha síos i ndáil le haimsir an-fhuar.
Cad is ceart duit a dhéanamh anois?
Faigh amach cá bhfuil do bhuacaire, cinntigh go bhfuil sé inslithe i gceart agus déan tástáil lena fháil amach an bhfuil sé ag obair i gceart. Tá an buacaire sin ann san áit inar féidir an t-uisce a thagann isteach i do chuid maoine a scoitheadh agus a chur ag sreabhadh. I roinnt tithe cónaithe, tá buacaire ann faoi dhoirteal na cistine agus, i gcás gach áitribh, tá buacaire ann ar an líne soláthair ó phríomhphíopa uisce scéim na comhairle nó na grúpscéime. De ghnáth, tá sé suite díreach lasmuigh de bhalla teorann na maoine nó ar an gcosán ar aghaidh na maoine. Beidh do sholáthróir áitiúil pluiméireachta in ann an uirlis chuí a sholáthar duit chun an buacaire a scoitheadh agus a oscailt. Tá méadar comhtháite agus bosca buacaire ann i gcás roinnt áitreabh tís agus i gcás gach áitribh tráchtála.
Tá na cineálacha is coitianta buacairí agus boscaí buacaire ar taispeáint thíos.
Is ceart dallán polaistiréine a bheith ann sa chuid is mó de na boscaí seo agus é suite faoin gclúdach chun é a chosaint ar shioc. Bí cinnte go bhfuil sé sin suite i gceart ina áit agus, mura bhfuil ceann ar bith ann, déan iarracht ceann a fháil ó do sholáthróir áitiúil pluiméireachta. Is féidir aon ábhar insliúcháin nach bhfanann uisce ann a úsáid chun an buacaire & an méadar a chosaint go sealadach.
- Má reoigh do phíopa anuraidh, déan breithniú i dtaobh socrú a dhéanamh le do phluiméir chun píopa seirbhíse nua a chur in ionad an phíopa seirbhíse atá ann laistigh de theorainn d'áitribh. Is ceart an píopa seirbhíse a bheith ar doimhneacht nach lú ná 600mm faoi bhun leibhéal na talún (más féidir sin) – dá dhoimhne é is amhlaidh is fearr an t-insliúchán.
- Insligh aon phíopaí nochta. Déan seiceáil thart ar do theach chun áiteanna a aimsiú ina bhfuil línte soláthair uisce suite ar línte soláthair iad a d’fhéadfadh a bheith gan teas nó gan insliú. Déan seiceáil san áiléar, i spásanna lámhacáin, i ngaráistí agus faoi chaibinéid seomra folctha agus cistine. Cuimhnigh gur ceart insliúchán áiléir a bheith ann os cionn d’umair stórála san áiléar le gur féidir le teas ón teach éirí anuas chun an t-umar a choimeád saor ó oighear.
- Úinéirí feirme – is ceart na píopaí ar fad ar an bhfeirm a aimsiú. Is ceart aon phíopaí os cionn na talún a théann isteach i dtrachanna a scoitheadh agus a dhraenáil nuair nach bhfuil siad á n-úsáid.
- Is ceart d’úinéirí tithe saoire nó maoine foilmhe an soláthar uisce a scoitheadh agus gréasán uisce na maoine a dhraenáil i gceart nó teocht sheasmhach a choimeád ar bun san áitreabh chun reo a sheachaint. Ar aon chuma, is ceart duit socrú a dhéanamh go ndéantar an t-áitreabh a sheiceáil gach lá le linn aimsire an-fhuar.
Is ceart do gach úinéir maoine a bheith ar an eolas go mbíonn barrlíonadh ón soláthar uisce ag teastáil ó roinnt córas téite agus nach ceart iad a oibriú nuair atá buacaire an áitribh lena mbaineann scoite/nuair atá draenáil déanta ar an gcóras nó más rud é go bhfuil na píopaí reoite. Déan teagmháil le pluiméir chun a fháil amach cén cineál córais téite atá ann i d’áitreabh agus conas a oibríonn sé.
Cad is ceart a dhéanamh le linn tréimhse an-fhuar?
- Coinnigh do chóras téite ag obair ar theocht sheasmhach an t-am ar fad nuair atá an aimsir an-fhuar ann.
- I gcás nach gcruthaítear contúirt do choisithe ná do thrácht, déan iarracht insliú a dhéanamh ar an mbuacaire nó ar bhosca an mhéadair trína chlúdach le seanchairpéad nó seanmhataí, le d’araid nó, fiú amháin, trí go ghluaisteán a pháirceáil os a chionn. Soláthróidh na bearta sin go léir leibhéal áirithe insliúcháin.
- Má cheapann tú go bhféadfadh na píopaí i d’áiléar reo, agus má tá sé sábháilte déanamh amhlaidh, oscail doras an áiléir chun ligean d'aer te dul isteach i spás an áiléir.
- Insligh agus clúdaigh aon sconnaí lasmuigh den teach mar gur minic a reonn píopaí den sórt sin nó mar gur minic a réabtar iad.
- Is ceart d’fheirmeoirí a chinntiú go ndéantar gach píopa fada seirbhíse chuig umair a dhúnadh ag an mbuacaire.
- Is ceart áitribh fholmha a sheiceáil ar bhonn laethúil agus is ceart téamh seasta a bheith iontu, sin nó an soláthar a scoitheadh agus an córas a dhraenáil.
- Ná fág an t-uisce ag rith amach as sconnaí mar go mbeadh sé sin ina chúis le ganntanas uisce do gach duine.
- Tabhair cuairt ar chomharsana scothaosta nó easláine a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu maidir le huisce a fháil.
Cad is ceart a dhéanamh má reonn do chuid píopaí?
- Más rud é nach dtagann aon uisce amach as an sconna fuar ar dhoirteal na cistine, is dócha go bhfuil an píopa soláthair a thagann isteach i do theach tar éis reo. De ghnáth, reonn na píopaí sin san áit a dtagann an t-uisce isteach sa teach (ní bhíonn an píopa ag leibhéal an-domhain faoi bhun an dromchla san áit sin) nó ag an mbuacaire ach d’fhéadfadh sé reo aon áit eile nach bhfuil sé ag leibhéal sách domhain faoin dromchla. Seans go mbeifeá in ann an t-oighear i mbuacaire a leá trí thuáillí teo a fhilleadh thart air.
- B’fhéidir go bhféadfá píopa reoite san áiléar nó píopa nocht eile a leá trí thuáillí teo a fhilleadh thart air nó trí bhuidéal te a úsáid. Ná húsáid aon fheiste lena ngabhann lasair nocht – d’fhéadfadh sé sin an t-uisce sa phíopa a chur ar fiuchadh agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le réabadh pléascach. Má tá fearas leictreach á úsáid chun oighear i bpíopaí a leá, is ceart a bheith ar an eolas go bhféadfadh riosca leictreamharaithe ann dá réabfaí an píopa.
- Déan seiceáil le Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le haon fhadhbanna i do cheantar áitiúil. Déanfar nithe den sórt sin a fhógairt ar bhonn rialta i bhfógráin raidió agus ar láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
- Nuair atá an choscairt ann nó nuair atá do sholáthar ag feidhmiú arís, bí cinnte go ndéanfaidh tú seiceáil chun a fháil amach ar tharla aon sileadh nó réabadh.
Cad is ceart a dhéanamh má rÉabtar do chuid píopaí?
- Scoith an buacaire. Oscail na sconnaí uisce the agus na sconnaí uisce fhuair chun ligean don uisce draenáil amach as an gcóras.
- Scoith an soláthar leictreachais ag an bpríomhlasc leictreachais má tá aon riosca ann go dtiocfaidh uisce i dteagmháil le sreangacha nó feistis leictreachais.
- Má tá cónaí ort i leithlann, i dteach sraithe nó i dteach leathscoite, tabhair foláireamh do do chomharsana ar eagla go mbeidh an píopa réabtha ina chúis le tuiliú in áitreabh s’acusan. Tabhair cuairt ar do chomharsana chun a chinntiú gurb é soláthar uisce s’agat féin amháin atá scoite agat.
- Déan teagmháil le pluiméir cáilithe chun socrú a dhéanamh maidir le deisiú.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte