Caomhnú Uisce
- Naisc ábhartha eile
- Seirbhísí Uisce Sonraí
- Seirbhísí Uisce Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Cáilíocht Uisce Óil
- Fógrai Poiblí
- Caomhnú Uisce
- Éilliú Uisce
- Aimsiú Siltí
- Cónasc Nua
- Dianaimsir
- Deontas do Thoibreacha Aonair
- Comhairle do Dhaoine a bhfuil Tobar acu
- Fóirdheontas Grúpscéim Uisce
- Leasúchán Luaidh Baile
- Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024-2026
Tá Caomhnú Uisce éigeantach a mhéid a bhaineann le húsáid inbhuanaithe ár gcuid acmhainní uisce. Beidh laghdú na leibhéal Uisce gan Tuairisc ina chabhair maidir le maolú a dhéanamh ar an éileamh ar ár bhfoinsí amhuisce (lochanna, aibhneacha, etc.) agus maidir le laghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar athéilliú ar ghréasáin uisce. Chomh maith leis sin, feabhsóidh sé an leibhéal soláthair seirbhíse agus cáilíocht fhoriomlán uisce do thomhaltóirí.
Ní tasc aon uaire é Caomhnú Uisce ach is obair fhadtéarma gan teorainn ama é agus tá gá le tiomantas leanúnach ina leith i dtaca le pearsanra agus acmhainní. Chun caomhnú uisce a bhaint amach, ní mór do rialtais, d’údaráis áitiúla, do thionscail, don earnáil talmhaíochta agus d’úinéirí tí a bheith páirteach sa phróiseas. Ní mór comhiarracht a bheith ann chun an acmhainn nádúrtha is mó dá bhfuil againn a chaomhnú.
Léiríonn roinnt tuarascálacha atá foilsithe go bhfuil an leibhéal uisce gan tuairisc atá ann i gcuid mhór contaetha sa raon ó 40 go 50 faoin gcéad. Is furasta a fhiafraí cén fáth go bhfuil an oiread sin uisce ag dul amú agus cad atá á dhéanamh againn faoin staid seo. Sa Tuarascáil ó Bhord Seirbhísí Bainistíochta an Rialtais Áitiúil – Táscairí Seirbhíse 2008 – léirítear NACH IONANN Uisce gan Tuairisc agus sileadh uisce, mar go bhfuil fachtóirí eile i gceist amhail úsáid neamhúdaraithe, ceangail neamh-mhéadraithe, earráidí méadraithe etc. Dá ainneoin sin, is cinnte go bhfuil cainníocht shuntasach uisce ardchaighdeáin óil á cailliúint ón gcóras gach lá, is é sin, ón ngréasán príomhphíopaí agus ar thaobh na dtomhaltóirí araon. Is buntáiste é, dá bhrí sin, feasacht mhéadaithe an phobail i gcoitinne maidir leis an riocht criticiúil ina bhfuil ár ngréasán uisce. Tuigeann tomhaltóirí go bhfuil gá le bearta forleathana caomhnaithe uisce agus táthar ag súil go dtuigeann siad freisin go bhfuil costas ag baint leis na bearta sin. Ní mór dul i ngleic leis an bhfadhb ar dhá thaobh: cailliúintí sa ghréasán poiblí agus cailliúintí ar thaobh na dtomhaltóirí. Baineann an tábhacht chéanna leis an dá shaincheist sin agus ní mór déileáil leis an dá thaobh den fhadhb sna blianta atá díreach romhainn le go ndéanfaimid na cailliúintí uisce a laghdú chuig leibhéal eacnamúil.
Ní mór a chuimhneamh go bhfuil riocht agus aois cuid dár ngréasán uisce lag agus gurb é atá i gcuid den ghréasán ná píopaí iarainn theilgthe a leagadh síos sa naoú haois déag! De réir mar a chuirtear píopaí nua isteach i limistéar amháin in ionad píopaí atá ag sileadh, tosaíonn sileadh i limistéir eile nár chlis roimhe seo mar gurb é a leanann as deisiú in ionad amháin ná brú in ionad eile sa phíblíne agus fadhbanna mar gheall ar shileadh nua. Dá bhrí sin, is fadhb shíoraí í.
I dtaca leis sin de, tá tús an-mhaith curtha leis an obair tríd an gClár Náisiúnta Caomhnaithe Uisce atá a mhaoiniú ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (RCORÁ). Tá dul chun cinn maith déanta maidir le hoibreacha Chéim 1 (córais bhainistithe uisce a chur i bhfeidhm) agus Chéim 2 (rialú gníomhach ar shileadh), ach ní mór a rá go bhfuil leibhéil éagsúla dul chun cinn ann ó chontae go contae. Tá cuid mhór oibre le déanamh fós ag Céim 2 agus beidh gá le buiséid shonracha bhliantúla chun rialú gníomhach ar shileadh a choimeád ag an leibhéal is gá.
Is é atá san fhíordhúshlán anois ná dul ar aghaidh chuig Céim 3 den Chlár ar bhonn na hanailíse agus na dtosaíochtaí atá sainaitheanta sa dá chéim eile. Chuige sin, beidh gá le hathshlánú agus le hathsholáthar gréasán lochtach soláthair i gcás nach bhfuil deisiúchán eacnamúil de bharr aois agus riocht na bpíobán.
Is é atá sa leithroinnt i mbuiséad 2010 RCORÁ don Chlár Infheistíochta Seirbhísí Uisce ná €508m, sin méadú i gcomparáid le leithroinnt 2009. Tá scéala níos fearr ná sin ann sa mhéid gur fhógair iar-Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, John Gormley, TD, go gcaithfear €321m ar chonarthaí caomhnaithe uisce thar na trí bliana atá romhainn, is é sin, €107m sa bhliain. Is ionann sin agus méadú cúig oiread ar an gcaiteachas bliantúil ar chaomhnú uisce agus cinnteoidh sé go ndéanfar cion suntasach den ghréasán uisce neamhfhóinteach a dheisiú de réir a chéile.
Tá trí chéim ann i ndáil le caiteachas faoin gclár Caomhnaithe Uisce i gContae na Gaillimhe. Cuireann Céim 1 córais bainistithe dramhuisce i bhfeidhm; bunaíonn Céim 2 an bonn i gcomhair sileadh a rialú go cuí; is é atá i gceist le Céim 3 ná athnuachan agus athshlánú bonneagair.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte