Rialú madraí
- Naisc ábhartha eile
- Tréidliacht Sonraí
- Tréidliacht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Sábháilteacht Bia
- Rialú madraí
- Ceadúnais Madra
- Rialú ar Ainmhithe
- Zónóisí
Ritheadh an tAcht um Rialú Madraí, 1986 de bharr fadhbanna a bhaineann le rialú madraí, caillteanas beostoic de bharr madraí a bheith ag fánaíocht thart ag fiach ina measc. Tugadh an fhreagracht do na húdaráis áitiúla faoin Acht seirbhísí rialuithe madraí agus ceadúnais madraí a chur i bhfeidhm, an chumhacht maoir madraí a cheapadh, ionad dídine madraí a chur ar fáil do mhadraí atá ar strae agus do mhadraí nach bhfuiltear á n-iarraidh, madraí agus fíneálacha a ghearradh ar an láthair. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tugtha do Sheirbhís Maor Madraí a bhainistiú trína ngealltar go gcaithfear le madraí atá ar strae agus le madraí nach bhfuiltear á n-iarraidh to comhbhách agus trína fheabhsófar an seans a bhionn ag na madraí sin bhaile sábháilte agus lách a fháil.
Ní mór madraí a bheith coinnithe faoi smacht an t-am ar fad faoin Acht um Rialú Madraí, 1986.
Madra neamhrialaithe = Fíneáil ar an láthair! €300!!
Ceadúnais madraí
Má tá madra agat atá os cionn 4 mhí d'aois, ni mór ceadúnas madraí a bheith agat ina leith agus ní mór don té ar a eisíodh an ceadúnas a bheith os cionn 16 bliana d'aois.
Is féidir ceadúnas madrai a cheannach ag oifig poist ar bith nó ar líne are www.licences.ie
- Iarratas ar Cheadúnas Bliana Madraí - bailí ar feadh bliana - €20.00
- Iarratas ar Cheadúnas Saoil Madraí - bailí ar feadh shaol do mhadra - (€140.00)
- Ceadúnas Ginearálta - (€400.00) is féidir é a cheannach ó d'údarás áitiúil. Ceadaítear do dhuine líon neamhshonraithe de mhadraí a choinneáil ag áitreabh - bailí ar feadh bliana. Tabhair ar aird le do thoil nach bhfuil sé ceadaithe 6 mhadra bhaineanna nó níos mó ar féidir iad a phórú a choinneáil mura bhfuil tú cláraithe mar Bhunachas Pórúcháin Madraí.
Madra gan ceadúnas = Fíneáil ar an láthair! €150!!
Micrishliseadh Madraí
Tá ceanglas dlí ann ón 31 Márta 2016 micrishlis a chur i ngach madra in Éirinn agus go mbeadh an mhicrishlis sin cláraithe ar bhunachar sonraí faofa rialtais le do chuid sonraí teagmhála is déanaí.
Tá ceithre bhunachar sonraí faofa in Éirinn:
- Fido
- Animark
- Irish Kennel Club
- The Irish Coursing Club (Micro ID)
Cuireann micrishlis aitheantas atá slán, ar féidir muinín a bheith as agus atá buan ar fáil, a chuireann go mór leis an seans go bhfaighidh tú do pheata ar ais sa chás go dtéann sé ar iarraidh.
Bunachais Pórúcháin Madraí
Ní mór do gach áitreabh ina gcoinnítear 6 mhadra baineanna nó níos mó (4 mhí nó níos sine) clárú leis an Údarás Áitiúil faoin Acht um Bunachais Pórúcháin Madraí 2010
Treoirlínte maidir le hIonaid Pórúcháin Madraí
Carlann Bunachais Porúcháin Madraí
Cliceáil anseo le do thoil chun teacht ar an bhrógra Dúnadh a eisíodh ar 15.11.2023
Tá an treoir seo curtha le chéile ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP) agus Údaráis Áitiúla maidir le húinéireacht fhreagrach madraí in Éirinn.
Úinéireacht Fhreagrach Madraí DAFM DRCD
An bhfuil coiléar ar do mhadra?
Ní mór coiléar, ar a bhfuil I.D (diosca nó ainmchlib le hainm/seoladh an úinéara air), a bheith ar gach madra.
Madra gan choiléar = Fíneáil ar an láthair! €200!!
Madraí a dteastaíonn cúram ar leith uathu
Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí 1998, tá smacht breise de dhíth maidir leis na madraí seo a leanas agus iad in áiteanna poiblí.
- Tarbh-Bhrocaire Meiriceánach
- Tarbhmhaistín
- Pinséir Dobermann
- Tarbh-bhrocaire Sasanach
- Sípéir Gearmánach (Alsáiseach)
- Aicíte Sheapánach
- Tósa Seapánach
- Dronnach Róidéiseach
- Rótvaidhléir
- Tarbh-Bhrocaire Staffordshire
Ní mór
- Na madraí seo (nó tréithchineál nó crosphórú díobh) a bheith coinnithe ar iall ghearr láidir ag duine atá os cionn 16 bliana d'aois agus atá ábalta smacht a choinneáil orthu
- Musal a bheith ar na madraí seo (nó tréithchineál nó crosphórú díobh) agus iad in áit phoiblí
- Coiléar a bheith ar na madraí seo (nó tréithchineál nó crosphórú díobh) ar a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara.
Salachar Madraí
Contúirt sláinte é madraí a bheith ag salú. Loiteann salú cosáin agus áiseanna ar chách. Is iomaí ionfhabhtú i bhfaecas Madraí, tocsacáiriáis san áireamh. Cruinnphéisteanna i bputóg an mhadra is cúis leis seo. Leanaí is mó atá siocrach d'ionfhabhtú tromchúiseach den chineál seo agus d'fhéadfadh neamhord súl, meadhrán, masmas, plúchadh agus titimeas a bheith mar thoradh air.
Sa chás go salaíonn madra ní mór don té a bhfuil an madra sin faoina chúram an faecas a ghlanadh suas agus a dhiúscairt i gceart. Mura ndéantar sin d'fhéadhaí fineáil ar an láthair €150 a ghearradh ar an duine faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997-2003 nó d'fhéadfaí an duine sin a thabhairt os comhair na cúirte, agus d'fhéadfadh cúiseamh nó pionós níos tromchúisí a bheith mar thoradh air.
Glan suas salachar do mhadra i gcónaí ag úsáid mála salachair madraí nó déan é a scúpáil suas le deis sula gcaitear sa bhosca bruscair is gaire duit é.
Madraí atá ar strae
Is ionann “madra atá ar strae” agus madra atá in áit phoiblí agus gan é faoi chúram a úinéira ná duine freagrach eile. Is féidir le duine údaraithe madra atá ar strae a ghabh agus a choinneáil ar feadh 5 lá, is féidir le húinéir an mhadra é a fháil ar ais le linn na gcúig lá sin nó d'fhéadfaí úinéir nua a fháil don mhadra má tá sé feiliúnach dó sin.
Má thagann tú ar mhadra atá ar strae is féidir leat........
- An madra a thabhairt ar ais chuig a uinéir má éiríonn leat sonraí an úinéara a fháil go héasca agus go sábháilte ó choiléar an mhadra.
- Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Maor Madraí áitiúl mura n-éiríonn leat na sonraí sin a fháil. D'fhéadfadh tuairisc a bheith faighte cheana ag an maor faoin madra sin a bheith ar strae.
- D’fhéadfadh go roghnófá an madra a choinneáil tú féin. Sa chás sin ní mór duit fógra i scríbhinn a sheoladh chuig an Maor Madraí nó chuig na Gardaí Áitiúla. Mura dtógann úinéir an mhadra é dó féin laistigh de bhliain is féidir leat an madra a thógail duit féin.
- Tá sé in aghaidh an dlí madra atá ar strae a thabhairt do dhuine nó do ghníomhaireacht seachas d'úinéir an mhadra, do Mhaor Madraí nó nó don Gharda Síochána.
Madraí nach bhfuiltear á Iarraidh
Sa chás nach bhfuil tá ábalta aire a thabhairt do do mhadra níos mó is féidir é a thabhairt ar láimh do do mhaor áitiúil. Ní mór don úinéir ceadúnas bailí a thaispeáint agus géilliúna €50.00 a íoc. Is polasaí de chuid Comhairle Chontae na Gaillimhe é a chinntiú go ndéantar gach uile iarracht baile a fháil do gach madra a fhaightear ar strae.
An bhfuil do mhadra ar strae?
Sá chás go dtéann do mhadra ar iarraidh/go ngoidtear do mhadra, tá sé tábhachtach go ndéanann tú rud éigin faoi gan mhoill;
- Déan é a thuairisciú do na Gardaí, do sheirbhís maor madraí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus do do thréidlia.
- Cuir an scéal amach ar na meáin shóisialta - cuir grianghraif shoiléire de do mhadra agus mionchur síos ar do mhadra suas agus iarr ar dhaoine an t-eolas a roinnt.
- Ba cheart an scéal a chur suas ar láithreáin gréasáin d'ainmhithe atá ar iarraidh agus ba cheart súil a choinneáil ar leathanaigh díolacháin ar fhaitíos go mbeadh madraí le díol atá cosúil le do mhadrasa.
Ionsaithe ar bheostoc
Tá méadú tagtha ar líon na dtuairiscí d'ionsaithe atá déanta ar bheostoc le blianta beaga anuas. Tá sé fhreagracht ar úinéirí madraí, faoin Acht um Rialú Madraí, a chinntiú go bhfuil a gcuid madraí faoi smacht éifeachtach an t-am go léir. D'fhéadfadh caillteanais eacnamaíochta a bheith i gceist don fheirmeoir má ionsaítear a chuid beostoic, agus is féidir úinéir an mhadra a chur faoi dhliteanas faoin Acht um Rialú Madraí.
Iarrtar ar fheirmeoirí gach ionsaí a thuairisciú do sheirbhís maor madraí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus don Gharda Síochána. Tá prótacal eisithe ag Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann ina dtugtar achoimre ar na bearta ba cheart d'fheirmeoirí a ghlacadh sa chás go dtagann siad ar mhadra ag ionsaí a gcuid caorach. Is féidir an prótacal sin a fháil ag an nasc thíos:
Tafann
Is ionann tafann iomarcach a chuireann inteach ar dhuine ar bith agus cion. Má tá síorthafann ag cur inteach ort d'fhéadfá teagmháil a dhéanamh le húinéir an mhadra sa chéad ásc agus go bhfuil tú cráite ag tafann a mhadra a chur in iúl dó. Mura n-éiríonn leis seo is féidir gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ag úsáid na foirme cuí atá ar fáil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte