Rialú madraí
- Naisc ábhartha eile
- Tréidliacht Sonraí
- Tréidliacht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Sábháilteacht Bia
- Rialú madraí
- Ceadúnais Madra
- Rialú ar Ainmhithe
- Zónóisí
Ritheadh an tAcht um Rialú Madraí, 1986 de bharr fadhbanna a bhaineann le rialú madraí, caillteanas beostoic de bharr madraí a bheith ag fánaíocht thart ag fiach ina measc. Tugadh an fhreagracht do na húdaráis áitiúla faoin Acht seirbhísí rialuithe madraí agus ceadúnais madraí a chur i bhfeidhm, an chumhacht maoir madraí a cheapadh, ionad dídine madraí a chur ar fáil do mhadraí atá ar strae agus do mhadraí nach bhfuiltear á n-iarraidh, madraí agus fíneálacha a ghearradh ar an láthair. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tugtha do Sheirbhís Maor Madraí a bhainistiú trína ngealltar go gcaithfear le madraí atá ar strae agus le madraí nach bhfuiltear á n-iarraidh to comhbhách agus trína fheabhsófar an seans a bhionn ag na madraí sin bhaile sábháilte agus lách a fháil.
Ní mór madraí a bheith coinnithe faoi smacht an t-am ar fad faoin Acht um Rialú Madraí, 1986.
Madra neamhrialaithe = Fíneáil ar an láthair! €300!!
Ceadúnais madraí
Má tá madra agat atá os cionn 4 mhí d'aois, ni mór ceadúnas madraí a bheith agat ina leith agus ní mór don té ar a eisíodh an ceadúnas a bheith os cionn 16 bliana d'aois.
Is féidir ceadúnas madrai a cheannach ag oifig poist ar bith nó ar líne are www.licences.ie
- Iarratas ar Cheadúnas Bliana Madraí - bailí ar feadh bliana - €20.00
- Iarratas ar Cheadúnas Saoil Madraí - bailí ar feadh shaol do mhadra - (€140.00)
- Ceadúnas Ginearálta - (€400.00) is féidir é a cheannach ó d'údarás áitiúil. Ceadaítear do dhuine líon neamhshonraithe de mhadraí a choinneáil ag áitreabh - bailí ar feadh bliana. Tabhair ar aird le do thoil nach bhfuil sé ceadaithe 6 mhadra bhaineanna nó níos mó ar féidir iad a phórú a choinneáil mura bhfuil tú cláraithe mar Bhunachas Pórúcháin Madraí.
Madra gan ceadúnas = Fíneáil ar an láthair! €150!!
Micrishliseadh Madraí
Tá ceanglas dlí ann ón 31 Márta 2016 micrishlis a chur i ngach madra in Éirinn agus go mbeadh an mhicrishlis sin cláraithe ar bhunachar sonraí faofa rialtais le do chuid sonraí teagmhála is déanaí.
Tá ceithre bhunachar sonraí faofa in Éirinn:
- Fido
- Animark
- Irish Kennel Club
- The Irish Coursing Club (Micro ID)
Cuireann micrishlis aitheantas atá slán, ar féidir muinín a bheith as agus atá buan ar fáil, a chuireann go mór leis an seans go bhfaighidh tú do pheata ar ais sa chás go dtéann sé ar iarraidh.
Bunachais Pórúcháin Madraí
Ní mór do gach áitreabh ina gcoinnítear 6 mhadra baineanna nó níos mó (4 mhí nó níos sine) clárú leis an Údarás Áitiúil faoin Acht um Bunachais Pórúcháin Madraí 2010
Treoirlínte maidir le hIonaid Pórúcháin Madraí
Carlann Bunachais Porúcháin Madraí
Cliceáil anseo le do thoil chun teacht ar an bhrógra Dúnadh a eisíodh ar 15.11.2023
Tá an treoir seo curtha le chéile ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (RFTP) agus Údaráis Áitiúla maidir le húinéireacht fhreagrach madraí in Éirinn.
Úinéireacht Fhreagrach Madraí DAFM DRCD
An bhfuil coiléar ar do mhadra?
Ní mór coiléar, ar a bhfuil I.D (diosca nó ainmchlib le hainm/seoladh an úinéara air), a bheith ar gach madra.
Madra gan choiléar = Fíneáil ar an láthair! €200!!
Madraí a dteastaíonn cúram ar leith uathu
Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí 1998, tá smacht breise de dhíth maidir leis na madraí seo a leanas agus iad in áiteanna poiblí.
- Tarbh-Bhrocaire Meiriceánach
- Tarbhmhaistín
- Pinséir Dobermann
- Tarbh-bhrocaire Sasanach
- Sípéir Gearmánach (Alsáiseach)
- Aicíte Sheapánach
- Tósa Seapánach
- Dronnach Róidéiseach
- Rótvaidhléir
- Tarbh-Bhrocaire Staffordshire
Ní mór
- Na madraí seo (nó tréithchineál nó crosphórú díobh) a bheith coinnithe ar iall ghearr láidir ag duine atá os cionn 16 bliana d'aois agus atá ábalta smacht a choinneáil orthu
- Musal a bheith ar na madraí seo (nó tréithchineál nó crosphórú díobh) agus iad in áit phoiblí
- Coiléar a bheith ar na madraí seo (nó tréithchineál nó crosphórú díobh) ar a bhfuil ainm agus seoladh an úinéara.
Cosc ar mhadraí den mhianach Bulaí Ollmhór
Cuireann rialacháin nua cosc ar mhadraí den mhianach Bulaí Ollmhór a iompórtáil, a phórú, a dhíol agus a aistriú chuig malairt áitribh.
Ón 1 Feabhra 2025, beidh sé in aghaidh an dlí a bheith i d’úinéir ar mhadra den mhianach Bulaí Ollmhór gan 'Deimhniú Díolúine' arna eisiúint ag an údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil an madra lonnaithe a bheith agat.
Bíonn deis ag úinéirí Bulaí Ollmhóir iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Díolúine idir an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus (roimh) an 1 Feabhra 2025 ó Comhairle Chontae na Gaillimhe
Iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Díolúine
Beidh an deimhniú seo uathúil le haghaidh gach madra agus gach úinéir madra den mhianach Bulaí Ollmhór. Sonrófar air sonraí ceadúnais an mhadra, sonraí micrishliseanna, sonraí neodraithe, aois agus cur síos. Sonrófar air freisin ainm, seoladh, dáta breithe agus uimhir theagmhála úinéir an mhadra.
An tÚdarás Áitiúil a eisíonn Deimhniú Díolúine agus údaraíonn sé d'úinéir madra den mhianach Bulaí Ollmhór an madra sin a choinneáil in áitreabh ar leith go dtí deireadh nádúrtha shaol an mhadra.
Tar éis an 1 Feabhra 2025, ba cheart Deimhniú Díolúine a bheith ag gach úinéir a bhfuil madra den mhianach Bulaí Ollmhór aige nó ba cheart cruthúnas a bheith acu go ndearna siad iarratas ar Dheimhniú Díolúine.
Ní mór d'úinéirí iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2024.
Déanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-iarratas a phróiseáil agus seolfaidh sé:
- Deimhniú Díolúine,
- Litir Dhiúltaithe,
- Iarratas ar thuilleadh eolais má tá aon fhaisnéis ábhartha in easnamh ar an iarratas.
Ní ghearrfar aon táille ar Dheimhniú Díolúine.
Foirm iarratais ar Dheimhniú Diolúine chun madara den chineál Bulai XL a choinneail in Eirinn – Foirm Iarratais ar Dheimhniú Díolúine chun madra a bhfuil mianach Bulaí Ollmhóir
Is féidir Foirmeacha Comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig dogwardens@galwaycoco.ie no chuig
Comhairle Chontae na Gaillimhe, Seirbhisi Maor Madrai, Aras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX
Doiciméid atá ag teastáil le haghaidh iarratas ar Dheimhniú Díolúine
Ba chóir na doiciméid seo a leanas a chur leis an iarratas;
1. Cóip de cheadúnas madra bailí;
2. Cóip de theastas micrishlisithe don mhadra;
3. Foirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe (féach thíos);
4. Cruthúnas céannachta fótagrafach (cóip de phas, ceadúnas tiomána, cárta seirbhísí poiblí srl.); agus
5. Cruthúnas ar Sheoladh (cóip de bhille fóntais nó de ráiteas bainc laistigh de 3 mhí roimhe sin srl.).
Neodrú
Ní mór d'úinéirí socrú a dhéanamh go ndéanfaidh Cleachtóir Tréidliachta cláraithe an madra den mhianach Bulaí Ollmhór a neodrú chun Deimhniú Díolúine a fháil. Ní mór neodrú an mhadra a dhéanamh trí ghearradh más madra fireann é nó an madra a choilleadh más madra baineann í.
Nuair a bheidh an madra neodraithe, ní mór d'úinéirí Foirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe a chomhlánú – Deimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe
Ní mór do thréidlia an fhoirm seo a shíniú agus a chur ar aghaidh chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe tríd an bpost nó ar ríomhphost.
Ní dheonófar Deimhniú Díolúine go dtí go mbeidh an Fhoirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe faighte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Beidh úinéirí in ann Foirm um Dheimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe a chur isteach sa chás go gcinneann tréidlia go bhfuil an madra mí-oiriúnach ó thaobh na sláinte de le haghaidh neodraithe.
Micrishliseadh Madraí
Is ceanglas dlíthiúil é in Éirinn go gcuirfí micrishlis i ngach madra agus go gclárófaí iad ar bhunachar sonraí faofa faoin am a bhfuil siad 12 sheachtain d'aois.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar mhicrishliseadh agus ar chlárú madraí, féach leathanach gov.ie ar fhreagrachtaí dlíthiúla úinéirí madraí.
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil micrishlis ag an madra, iarr ar do thréidlia scanadh micrishlise a dhéanamh ar an madra.
Diúltaithe Deimhniú Díolúine a Eisiúint
Má dhiúltaítear d'iarratas ar Dheimhniú Díolúine ar chúis ar bith, cuirfidh an t-údarás áitiúil an t-úinéir ar an eolas i scríbhinn. Féadfaidh úinéirí den sórt sin iarratas a dhéanamh arís, agus aghaidh á tabhairt acu ar na cúiseanna ar diúltaíodh an deimhniú.
Má dhiúltaítear d'iarratais eile, agus mura bhfuil deimhniú díolúine i bhfeidhm roimh an 1 Feabhra 2025, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar úinéirí an madra a thabhairt ar lámh do Mhaor Madraí an Údaráis Áitiúil.
D'fhéadfadh an Maor Madraí agus an Garda Síochána araon a bheith ann nuair a bheadh madra le gabháil agus le coinneáil.
Sainmhíniú ar mhadra den mhianach Bulaí Ollmhór
Is leagan é an Bulaí Ollmhór den chineál pórtha níos leithne an Bulaí Meiriceánach. De ghnáth bíonn an madra den mhianach Bulaí Ollmhór níos mó (ó thaobh airde agus cruth coirp de) agus níos matánaí ná cineálacha eile pórtha den Bhulaí Meiriceánacha amhail an 'Mionbhulaí', 'Bulaí póca', 'Gnáthbhulaí' agus 'Mórbhulaí’.
Ba chóir d'úinéirí Caighdeán an Chrutha Fhisiciúil a úsáid lena fháil amach an madra den mhianach Bulaí Ollmhór é an madra - Treoir: Úsáid a bhaint as an gCaighdeán maidir le Cruth Fisiciúil Madra a bhfuil
Tá sé de fhreagracht ar an úinéir a chinneadh an bhfuil cosc ar a madra.
Má cheapann úinéirí gur madra den mhianach Bulaí Ollmhór é an madra atá acu, ba cheart dóibh gach ceanglas nua a chomhlíonadh.
Tá tuilleadh eolais faoin sainmhíniú atá ar mhadra den mhianach Bulaí Ollmhór sa doiciméad Ceisteanna Coitianta Teicniúla thíos.
Pionóis as na rialacháin a shárú
Beidh cion déanta ag aon úinéir a sháraíonn na rialacháin faoin Acht um Rialú Madraí 1986.
Is féidir an madra a ghabháil agus a mharú ar bhealach daonnúil agus beidh an t-úinéir faoi réir na bpionós a leagtar amach san Acht sin:
Fíneáil suas le €2,500, nó tréimhse príosúnachta suas le 3 mhí, nó an dá rud.
Ceisteanna Coitianta Teicniúla
Tá freagraí mionsonraithe ar cheisteanna coitianta le fáil sa doiciméad seo.
Treoir: Úsáid a bhaint as an gCaighdeán maidir le Cruth Fisiciúil Madra a bhfuil
Bulaí Ollmhóir Treoirlínte Díolúine
Foirm Iarratais ar Dheimhniú Díolúine chun madra a bhfuil mianach Bulaí Ollmhóir
Deimhniú Tréidliachta ar Stádas Neodraithe
Salachar Madraí
Contúirt sláinte é madraí a bheith ag salú. Loiteann salú cosáin agus áiseanna ar chách. Is iomaí ionfhabhtú i bhfaecas Madraí, tocsacáiriáis san áireamh. Cruinnphéisteanna i bputóg an mhadra is cúis leis seo. Leanaí is mó atá siocrach d'ionfhabhtú tromchúiseach den chineál seo agus d'fhéadfadh neamhord súl, meadhrán, masmas, plúchadh agus titimeas a bheith mar thoradh air.
Sa chás go salaíonn madra ní mór don té a bhfuil an madra sin faoina chúram an faecas a ghlanadh suas agus a dhiúscairt i gceart. Mura ndéantar sin d'fhéadhaí fineáil ar an láthair €150 a ghearradh ar an duine faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997-2003 nó d'fhéadfaí an duine sin a thabhairt os comhair na cúirte, agus d'fhéadfadh cúiseamh nó pionós níos tromchúisí a bheith mar thoradh air.
Glan suas salachar do mhadra i gcónaí ag úsáid mála salachair madraí nó déan é a scúpáil suas le deis sula gcaitear sa bhosca bruscair is gaire duit é.
Madraí atá ar strae
Is ionann “madra atá ar strae” agus madra atá in áit phoiblí agus gan é faoi chúram a úinéira ná duine freagrach eile. Is féidir le duine údaraithe madra atá ar strae a ghabh agus a choinneáil ar feadh 5 lá, is féidir le húinéir an mhadra é a fháil ar ais le linn na gcúig lá sin nó d'fhéadfaí úinéir nua a fháil don mhadra má tá sé feiliúnach dó sin.
Má thagann tú ar mhadra atá ar strae is féidir leat........
- An madra a thabhairt ar ais chuig a uinéir má éiríonn leat sonraí an úinéara a fháil go héasca agus go sábháilte ó choiléar an mhadra.
- Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Maor Madraí áitiúl mura n-éiríonn leat na sonraí sin a fháil. D'fhéadfadh tuairisc a bheith faighte cheana ag an maor faoin madra sin a bheith ar strae.
- D’fhéadfadh go roghnófá an madra a choinneáil tú féin. Sa chás sin ní mór duit fógra i scríbhinn a sheoladh chuig an Maor Madraí nó chuig na Gardaí Áitiúla. Mura dtógann úinéir an mhadra é dó féin laistigh de bhliain is féidir leat an madra a thógail duit féin.
- Tá sé in aghaidh an dlí madra atá ar strae a thabhairt do dhuine nó do ghníomhaireacht seachas d'úinéir an mhadra, do Mhaor Madraí nó nó don Gharda Síochána.
Madraí nach bhfuiltear á Iarraidh
Sa chás nach bhfuil tá ábalta aire a thabhairt do do mhadra níos mó is féidir é a thabhairt ar láimh do do mhaor áitiúil. Ní mór don úinéir ceadúnas bailí a thaispeáint agus géilliúna €50.00 a íoc. Is polasaí de chuid Comhairle Chontae na Gaillimhe é a chinntiú go ndéantar gach uile iarracht baile a fháil do gach madra a fhaightear ar strae.
An bhfuil do mhadra ar strae?
Sá chás go dtéann do mhadra ar iarraidh/go ngoidtear do mhadra, tá sé tábhachtach go ndéanann tú rud éigin faoi gan mhoill;
- Déan é a thuairisciú do na Gardaí, do sheirbhís maor madraí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus do do thréidlia.
- Cuir an scéal amach ar na meáin shóisialta - cuir grianghraif shoiléire de do mhadra agus mionchur síos ar do mhadra suas agus iarr ar dhaoine an t-eolas a roinnt.
- Ba cheart an scéal a chur suas ar láithreáin gréasáin d'ainmhithe atá ar iarraidh agus ba cheart súil a choinneáil ar leathanaigh díolacháin ar fhaitíos go mbeadh madraí le díol atá cosúil le do mhadrasa.
Ionsaithe ar bheostoc
Tá méadú tagtha ar líon na dtuairiscí d'ionsaithe atá déanta ar bheostoc le blianta beaga anuas. Tá sé fhreagracht ar úinéirí madraí, faoin Acht um Rialú Madraí, a chinntiú go bhfuil a gcuid madraí faoi smacht éifeachtach an t-am go léir. D'fhéadfadh caillteanais eacnamaíochta a bheith i gceist don fheirmeoir má ionsaítear a chuid beostoic, agus is féidir úinéir an mhadra a chur faoi dhliteanas faoin Acht um Rialú Madraí.
Iarrtar ar fheirmeoirí gach ionsaí a thuairisciú do sheirbhís maor madraí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus don Gharda Síochána. Tá prótacal eisithe ag Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann ina dtugtar achoimre ar na bearta ba cheart d'fheirmeoirí a ghlacadh sa chás go dtagann siad ar mhadra ag ionsaí a gcuid caorach. Is féidir an prótacal sin a fháil ag an nasc thíos:
Tafann
Is ionann tafann iomarcach a chuireann inteach ar dhuine ar bith agus cion. Má tá síorthafann ag cur inteach ort d'fhéadfá teagmháil a dhéanamh le húinéir an mhadra sa chéad ásc agus go bhfuil tú cráite ag tafann a mhadra a chur in iúl dó. Mura n-éiríonn leis seo is féidir gearán a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche ag úsáid na foirme cuí atá ar fáil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte