Sábháilteacht Bia
- Naisc ábhartha eile
- Tréidliacht Sonraí
- Tréidliacht Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- Sábháilteacht Bia
- Rialú madraí
- Ceadúnais Madra
- Rialú ar Ainmhithe
- Zónóisí
Soláthraíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe mar ghníomhaireacht oifigiúil de chuid Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann seirbhís smachta rialála do chineálacha éagsúla áitreabh bia sa chontae.Áirítear ar na háitribh seo seamlais le tréchur íseal, fearais maraithe éanlaith ar an fheirm, bunaíochtaí próiseála feola agus gnólachtaí stórála agus dáileadh bia.
Áirítear ar an rialú a dhéanann an tSeirbhís Tréidliachta ar na háitribh sin...
- cigireacht, ceadú agus clárú áitreabh bia
- cigireachtaí scrúduithe réamhbháis agus iarbháis ar gach ainmhí a mharaítear asholáthar
- cigireacht, sampláil agus anailís a dhéanamh ar bhia de bhunús ainmhíoch
- rialuithe oifigiúla a sholátharchun comhlíonadh dlí maidir le beatha agus bia, rialacha leasa agus sláinte ainmhithe a fhíorú.
- rannpháirtíocht san FSAI agus i ngrúpaí oibre gníomhaireachta
- obair idirghníomhaireachta, m.sh. an Coiste Réigiúnach Zónóisí
- iniúchadh inmheánach
- iniúchadh seachtracha éascú, m.sh. FVO (an Oifig Bia agus Tréidliachta) FSAI, srl.
- rannpháirtíocht sa Chóras Mear-rabhaidh um Bia-ábhair agus Beathú
- bailiú sonraí agus tuairisciú
- iniúchadh eachtraí agus ráigeanna bia iompartha agus rannpháirtíocht le foirne Rialaithe Ráigeanna de Ghalair Thógálach
- rannpháirtíocht i bPleananna Rialaithe, m.sh. Sampláil Iarmhair
- oiliúint chuig caighdeáin AEa chur ar bhúistéirí
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le clárú agus ceadú gnólachtaí bia sa chontae ón tSeirbhís Tréidliachta nó sa chuid íoslódála ar an leathanach seo.
Seamlais áitiúla
Rialaíonn Roinn Tréidliachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe seamlais áitiúla sa chontae. Tá ceadúnas ag na seamlais seo le heallach, caoirigh, muca, gabhair agus éanlaith a fhaightear go háitiúil a mharú lena gcur ar fáil do bhúistéirí, mórdhíoltóirí, miondíoltóirí agus do dhaoine aonair chun críocha domhainreoiteora.
Seamlais atá faoi mhaoirseacht ag Comhairle Chontae na Gaillimhe Seamlais arna maoirsiú ag Comhairle Contae na Gaillimhe
Monarchana beaga próiseála feola
Tá freagracht ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe tabhairt faoi rialú oifigiúla i monarchana beaga próiseála feola (SMMP-anna). Áirítear leis sin an cead tosaigh agus maoirseacht leanúnach na monarchana sin. Tugtar faoi chigireachtaí rialta ar mhaithe lena chinntiú go bhfuilsláinteachas oibríochta agus struchtúrtha ar an gcaighdeán is fearr is féidir.
Áitribh bheaga déantúsaíochta feola atá faoi mhaoirseacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe ( Small meat manufacturing premises supervised by Galway Co. Co.)
Marú ainmhithe
Treoir maidir le marú éanlaith ar an fheirm
Tá Deimhniú Inniúlachta (EC1099/2009) AE riachtanach do gach oibrí seamlais a thugann faoi mharú ainmhithe. Eisíonn Seirbhísí Tréidliachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe teastais do na búistéirí seo ar bhonn a gcuid infheidhmeachta agus inniúlachta. Tá leas na n-ainmhithe ag tráth an mharaithe mar bhonn leis sin mar gur riachtanas sárchleachtais sláinteachais atá ann.
Pointe Teagmhála
Próiseas Achomhairc
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte