Taispeántais
- Naisc ábhartha eile
- tSeirbhís Cartlainne Sonraí
- tSeirbhís Cartlainne Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- An rud a dhéanaimid
- Taifid Reiligí
- Bailiúcháin
- Fógra maidir le Cóipcheart
- Ár gCartlann Digiteach
- Taispeántais
- Foilseachán
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
Comóradh 120 Bliain ó bhí a Céad Chruinniú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe
Is í 2019 bliain chomórtha 120 bliain ó bhí na chéad toghcháin áitiúla ionadaíocha ann a reáchtáladh i mí Aibreáin1899. Bunaíodh na Comhairlí Contae agus na Bardais athchóirithe (Comhairlí Cathrach) nuair a ritheadh an tAcht Rialtais Áitiúil, 1898. Thug sé ceart vótála don chéad uair do go leor daoine in Éirinn, mná ina measc. Thug sé seo guth do dhaoine sa rialtas áitiúil agus dá bhrí sin, bhí siad in ann tionchar a bheith acu ar fhorbairt a gcuid pobail agus ar fhorbairt na tíre.
Tá an mionthaispeántas seo dírithe ar an gcéad chruinniú a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, a reáchtáladh an 22 Aibreán 1899.
Bunaíodh Comhairle Chontae na Gaillimhe 120 bliain ó shin
Síol á Chur: Ó Chartlann go hEalaín
Chun na cartlanna agus an lucht cruthaitheachta araon a cheiliúradh, thug Cartlanna Chomhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh d'ealaíontóirí na háite comhoibriú linn chun tuiscint ar an bhféiniúlacht chultúrtha a chur chun cinn, an chruthaitheacht a cheiliúradh agus ár mbailiúcháin cartlainne a chur os comhair an phobail.
Léirítear sa bhfíseán atá leis seo, mionsonraí ar na míreanna a roghnaigh an Cartlannaí, míreanna a roghnaíodh chun na rannpháirtithe a ghríosú agus chun spéis sna cartlanna a spreagadh.
Iarradh ar na healaíontóirí - Joan Finnegan, Kathleen Furey, Selma Makela, Lisa-Maire Manthey, Gala Tomasso aug Carmel Tynan - na míreanna a iniúchadh, a cheistiú agus athléiriú físiúil a dhéanamh orthu, agus tugadh cuireadh dóibh úsáid a bhaint astu ar mhaithe le hionspioráid chruthaitheach. Tugadh dúshlán dóibh 'beocht' a chur sna cartlanna faoi leith, agus chun an bhearna idir an t-am atá caite agus an t-am i láthair a líonadh trí mhodh ealaíne atá comhaimseartha agus nuálach, agus chun insint a chruthú trína ndéanfar an mhír, an duine, nó an áit atá le haithint sa chartlann a nascadh leis an saothar ealaíne nua.
Seoladh taispeántas ar shaothar na n-ealaíontóirí i Leabharlann Thuama an 19 Deireadh Fómhair 2019, a raibh catalóg ag dul leis.
Tionscnamh de chuid Chartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe arna mhaoiniú faoin gclár Éire Ildánach /Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Síol á Chur: Ó Chartlann go hEalaín
Fógraí Poiblí Céibheanna & Cuanta, 1882-1916 (GC/CSO/2/1/), & a gcaomhnú
Is cuid den fheachtas Explore Your Archive a bheidh ar siúl ón 18 go dtí an 26 Samhain, 2017 é an taispeántas seo.
Féachann an feachtas Explore Your Archive le daoine a spreagadh eolas a chur ar scéalta, fíricí, áiteanna agus daoine i gcroílár an phobail. Tá cartlanna ar fud na tíre ag glacadh páirte ann chun feasacht a ardú maidir le luach na gcartlann don phobal agus an lear mór ábhair atá coinnithe, caomhnaithe agus atá ar fáil d'úsáideoirí.
Tá taispeántas taistil dar teideal Ó Stát Coilíneach go Saorstát, an méid a dúirt siad… curtha le chéile ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Léirítear sa taispeántas, atá comhdhéanta beagnach go hiomlán de mhiontuairiscí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus na Comhairle Ceantair Tuaithe, dearcthaí agus gnáthaimh údaráis áitiúla chontae na Gaillimhe idir 1899 agus 1923, ag díriú ar an tréimhse ríthábhachtach i ndiaidh Éirí Amach 1916. Léiríonn ábhar agus ton na miontuairiscí an meon polaitiúil agus sóisialta a bhí ann ag an am. Táthar ag súil go mbeidh an léiriú seo ar an tréimhse chasta sin i stair na hÉireann eolasach agus ina áis chabhrach do na daoine sin ar spéis leo foghlaim faoi dhearcadh mhuintir Chontae na Gaillimhe ar imeachtaí mar a thit siad amach agus faoin bhfreagra ar thug siad orthu.
Ó Stát Coilíneach go Saorstát, an méid a dúirt siad...
Ó Stát Coilíneach go Saorstát, an méid a dúirt siad...
As an gCartlann, 1916: Réabhlóid & Athchuimhne
Mar chuid de chlár chomóradh chéad bliain 1916 Chontae na Gaillimhe, tá rogha beag ábhair as na bailiúcháin á chur i láthair ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe a bhaineann ar bhealaí éagsúla le heachtraí nó le daoine a raibh páirt acu in Éirí Amach na Cásca 1916.Níl sa mhéid atá le feiceáil sa taispeántas ach cuid an bheagáin de bhailiúchán iontach iléagsúil na Cartlainne.
As an gCartlann, 1916: Réabhlóid & Athchuimhne
ÓGLAIGH NA HÉIREANN, COMPLACHT CHATHAIR NA GAILLIMHE
Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, 1914
Díolamaí ama ó na cartlanna
Sa bhliain 2012, chuir Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe roinnt painéal taispeántais le chéile ina raibh míreanna ar díol spéise iad ó thaobh na cartlannaíochta de agus a bhain le Comhairle Chontae na Gaillimhe le feiceáil. Is é atá beartaithe leis sin ná suntas a thabhairt do thábhacht agus do luach bhailiúchán cartlainne na Comhairle agus, freisin, go bhfónfaidh na painéil mar chomhartha ómóis do shaothar agus do ghnóthachtáil na ndaoine a bhí ann romhainn: mionléargas a thabhairt ar stair na heagraíochta agus an stair sin a cheiliúradh.
Tugann na doiciméid atá ar taispeáint leide faoin ábhar atá á shealbhú sa Chartlann. Léiríonn siad na hathruithe ar dhearcadh polaitíochta sa chéad 20 bliain, nó mar sin, tar éis bhunú na Comhairle, ar tréimhse í sin a bhí tábhachtach, spreagúil agus corrach don chontae agus don tír. I dtéarmaí ginearálta, baineann na painéil leis na seirbhísí traidisiúnta a sholáthraíonn aon údarás áitiúil: seirbhísí tithíochta, uisce agus séarachais, agus seirbhísí bonneagair, amhail céanna agus droichid. Ach tá painéil ann freisin a bhaineann le láithreán cheanncheathrú Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar Chnoc na Radharc, Gaillimh, le Príosún na Gaillimhe, mar aon le litir ón Easpag de Brún maidir leis a láithreán a fháil i gcomhair ardeaglaise nua, agus leis an gcéad Chathaoirleach ar an gComhairle, An Cornal Nolan, a d’fhóin mar Chathaoirleach ó 1899 go 1901.
Níl sna na painéil dhátheangacha ach léiriú ar chion an-bheag de shaothar ilchineálach agus d’fheidhmeanna agus de fhreagrachtaí ilchineálacha Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Dá ainneoin sin, táthar ag súil go mbainfidh an taispeántas a aidhm amach, is é sin, a chur in iúl go bhfuil an chartlann ann agus suntas a thabhairt do luach na cartlainne agus do na féidearthachtaí atá ann dá barr le haghaidh taighde.
Painéil Taispeántais 1-4 ( Display Panels 1-4) ina léirítear cruinniú tionscnaimh Chomhairle Chontae na Gaillimhe i mí Aibreáin 1899 agus athruithe ar an dearcadh polaitíochta suas go dtí bhlianta tosaigh na 1940-idí.
Painéil Taispeántais 5-10 ( Display Panels 5-10) ina léirítear Otharlann an Chontae (1812), Áras an Chontae, Príosún na Gaillimhe, bonneagar agus soláthar tithíochta.
Painéil 11-15 ( Display Panels 11-15) ina léirítear soláthar seirbhísí tithíochta, uisce agus séarachais, chomh maith leis an gcéad Leabharlannaí de chuid na Comhairle, an tUas Samuel Maguire, agus an chéad Chathaoirleach, an Cornal John P. Nolan.
An tUas Phil Hogan, Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, agus é ag seoladh an taispeántais, Díolamaí Ama ó na Cartlanna, in éineacht leo seo a leanas, ó chlé go deas: an Comhairleoir Michael Maher, Méara Chontae na Gaillimhe, Patria McWalter, Cartlanna, Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an tAire Hogan, agus an Comhairleoir Jimmy Curley, Méara Bhaile Locha Riach, i Leabharlann Brainse Bhaile Locha Riach ar an 1 Meitheamh 2012
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte