Foilseachán
- Naisc ábhartha eile
- tSeirbhís Cartlainne Sonraí
- tSeirbhís Cartlainne Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- An rud a dhéanaimid
- Taifid Reiligí
- Bailiúcháin
- Fógra maidir le Cóipcheart
- Ár gCartlann Digiteach
- Taispeántais
- Foilseachán
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
Pictiúir ar Oileáin: As Cartlann Chambers
As Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Foilsithe i Mí na Nollag, 2022
Tá an bailiúchán aistí seo tiomnaithe do bhailiúchán cartlainne George Chambers (GP9/), ó 1929 go 1938. Albaim grianghraf den chuid is mó atá sa bhailiúchán ina bhfuil pictiúir a glacadh ar oileáin chósta iarthair na hÉireann ar an mórgóir. Tugtar dearcadh báúil an turasóra as Sasana sna grianghraif ar an taobh tíre sceirdiúil, ar na daoine agus ar shaol na ndaoine, atá le sonrú iontu, de réir mar a chonacthas dósan iad agus é ag caitheamh laethanta saoire an tsamhraidh.
Dírítear i ngach aiste faisnéiseach agus tuisceanach faoi leith ar oileán nó ar cheantar a thaistil Chambers. Cuireann na húdair beocht go stuama san ábhar cartlainne. Cuirtear grianghraif as albaim Chambers ar fáil síos tríd an mbailiúchán d'fhonn bunchineál an ábhair a chur in iúl agus béim a leagan ar an tábhacht atá le hábhar dúisitheach an bhailiúcháin grianghrafadóireachta a mheas ina iomláine. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an mbailiúchán téigh chuig an gcatalóg ar líne. Is féidir féachaint ar na halbaim ar Ár gCartlann Dhigiteach.
Maoinithe ag Éire Ildánach faoi Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2018-2022.
Daonlathas agus Athrú - Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn
Tá sé céad bliain ó bhí Toghcháin áitiúla na bliana 1920 ar siúl, toghcháin a bhí ríthábhachtach maidir le stair rialtais áitiúil na hÉireann.
Chun na himeachtaí sin a cheiliúradh, agus ó tharla chomh tábhachtach agus a bhí siad maidir leis an gcoimhlint chun neamhspleáchas a bhaint amach, tá Cartlannaithe agus Bainisteoirí Taifead an Rialtais Áitiúil coimisiúnaithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun foilseachán a chur i dtoll a chéile chun toghcháin áitiúla na bliana 1920 a chomóradh. Is féidir an foilseachán seo, dar teideal 'Daonlathas agus Athrú Toghcháin Áitiúla 1920 in Éirinn' a íoslódáil saor in aisce i nGaeilge agus i mBéarla. Is iad na cartlannaithe Niamh Brennan (Dún na nGall) agus Gráinne Doran (Loch Garman) a chur in eagair.
Dá mba mhaith leat tuilleadh a fháil amach faoin tréimhse seo i stair na hÉireann téigh chuig.
Ag Bailiú agus ag Caomhnú an Bhéaloidis agus Stair Ó Bhéal: Teicníochtaí Bunúsacha, Comhairle Chontae na Gaillimhe, 2006
I gcás aon duine ag a bhfuil spéis i mbailiú béaloidis agus staire béil, beidh foilseachán dátheangach atá éasca a léamh agus atá ar fáil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ina thacaíocht agus ina acmhainn úsáideach. Is ceart go mbeadh sé ina chabhair ag bailitheoirí breithniú a dhéanamh ar na céimeanna éagsúla atá i gceist, go gcuideodh sé leo díriú ar an ngá le hullmhúchán, agus go mbeadh sé ina threoir dóibh maidir leis an bpróiseas a thaifeadadh.
Tá an foilseachán saor in aisce agus is féidir e a fháil fad atá sé ar fáil trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, 091 5091 198, nó tá sé ar fáil lena léamh i leabharlanna áitiúla i gcontae na Gaillimhe.
Cartlanna Údarás Áitiúil in Éirinn, Grúpa Cartlannaithe na nÚdarás Áitiúil, 2003
Is buntreoir é seo a bhaineann le taifid de chuid údarás áitiúil. Tá sé ceaptha chun cabhrú le feasacht a mhéadú i dtaca le taifid atá i seilbh seirbhísí cartlainne na n-údarás áitiúil agus i dtaca le luach ionchasach na dtaifead sin, agus chun an pobal a oiliúint agus a chur ar an eolas faoi fhaisnéis agus faoi fhianaise atá ar fáil dóibh ar bhonn áitiúil.
Is féidir an treoir a fháil saor in aisce ó na seirbhísí cartlainne údaráis áitiúil is gaire duit, fad atá sí ar fáil, nó tá sí ar fáil lena léamh i leabharlanna áitiúla i gcontae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte