Bailiúcháin
- Naisc ábhartha eile
- tSeirbhís Cartlainne Sonraí
- tSeirbhís Cartlainne Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- An rud a dhéanaimid
- Taifid Reiligí
- Bailiúcháin
- Fógra maidir le Cóipcheart
- Ár gCartlann Digiteach
- Taispeántais
- Foilseachán
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
Bailiúcháin
Seo cuntas achomair ar phríomh bhailiúcháin na Cartlainne. I gcásanna áirithe, ceanglaítear nasc le liosta tuairiscíochta an bhailiúcháin, ina dtugtar cuntas níos mine ar an ábhar atá ann. I gcásanna eile, ceanglaítear nasc le Cartlanna Dhigiteach, le Ospidéal na Gaillimhe (GH2/) mar shampla. Is le Comhairle Chontae na Gaillimhe Cóipcheart i ngach cás.
Is féidir an chatalóg ar líne a cheadú maidir le liosta iomlán de na bailiúcháin atá ar fáil.
Aontais dhlí na mbocht (tithe na mbocht/boird caomhnóirí)
Rinneadh acht dhlí na mbocht ‘for the more effectual Relief of the Destitute Poor in Ireland’ a thabhairt isteach in Éirinn leis an Poor Relief (Ireland) Act, 1838, agus bhí an tAcht sin i bhfeidhm go dtí an bhliain 1925. Bhí córas Dhlí na mBocht ceaptha ar dtús chun faoiseamh a chur ar fáil do na bochtáin i dtithe na mbocht ach, faoi bhlianta na 1880idí, bhí cuid mhór cumhachtaí éagsúla ag baint leis. Ba é George Wilkinson, Ailtire, a dhear tithe na mbocht. Ar dtús, de réir an Achta, bhí an tír roinnte ina 130 dúiche riaracháin éagsúla ar ar tugadh Aontais Dhlí na mBocht agus ina dhiaidh sin méadaíodh a líon go dtí 163 agus teach na mbocht i ngach ceann acu agus iad maoinithe le rátaí dhlí na mbocht a bhí á n-íoc go formhór ag úinéirí talún. In Éirinn, rinneadh limistéir na nAontas a leagan amach trí limistéar a shín deich míle ó theorainn gach baile margaidh a shainiú.
Bhí deich dteach na mbocht ann i gcontae na Gaillimhe. Is i rith bhlianta na 1840 idí a bunaíodh na cinn a bhí ann i mBéal Átha na Sluaighe, sa Chlochán, i nGaillimh, sa Ghort, i mBaile Locha Riach agus i dTuaim. Sa bhliain 1852 a bunaíodh na hAontais a bhí ann i nGleann na Madadh, sa Chreagán, in Uachtar Ard agus i bPort Omna sa bhliain 1852.
Tá roinnt ábhar cartlainne ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe, go formhór miontuairiscí Bord Caomhnóirí, agus baineann siad leis na hAontais ar fad seachas Aontas Uachtar Ard agus níl ach ítim amháin ann a bhaineann le hAontas Phort Omna.
Léarscáil de Chathair na Gaillimhe, circa 1900, agus suíomh Theach na mBocht agus Ospidéal an Chontae le feiceáil uirthi
- G00/5 Aontas Dhlí na mBocht i mBéal Átha na Sluaighe, 1842-1831
- GPL/3 Aontas Dhlí na mBocht sa Chlochán 1849-1921
- Aontas Dhlí na mBocht i nGaillimh, 1839 - 1937
- GPL1/1 Aontas Dhlí na mBocht i nGleann na Madadh 1894 -1913, nil ach 2 imleabhar ann
- G01/12 Aontas Dhlí na mBocht sa Ghort 1844-1922
- Aontas Dhlí na mBocht i mBaile Locha Riach 1839 - 1922
- GPL4/ Aontas Dhlí na mBocht sa Chreagán, 1850 -1921 (imleabhar ann 10)
- Aontas Dhlí na mBocht i bPort Omna GS01/4 1881-1884
- Aontas Dhlí na mBocht i dTuaim GPL5 1839-1926
Comhairlí tuathceantar
Rinneadh comhairle Tuathcheantar a chur ar bun faoin Local Government (Ireland) Act, 1898. Is faoi Ailt 2 go 39 den Acht sin a tugadh a gcuid cumhachtaí dóibh.
Ghlac na Comhairlí le freagracht as feidhmeanna bóithre agus sláinte poiblí na nArd-Choistí i gcás ina raibh an costas á íoc ag an gceantar agus ghlac siad le feidhmeanna tithíochta agus sláinte poiblí na mBord Caomhnóirí. Le linn bhlianta tosaigh na gComhairlí Contae, is trí na Comhairlí sin a rinneadh cuid mhór den ghnáthghnó. Ba iad Caomhnóirí Dhlí na mBocht Comhairleoirí na dTuathcheantar freisin; ba iad na daoine céanna iad ach iad ag obair i gcáil ar leithligh.
Bhí ról tábhachtach riaracháin ag na Comhairlí sa tréimhse sular cuireadh stát neamhspleách na hÉireann ar bun agus nuair a rinneadh rialtas áitiúil daonlathach a bhunú den chéad uair agus fad a bhí an rialtas áitiúil sin á fhorbairt. Díscaoileadh na Comhairlí i mí Dheireadh Fómhair 1925 faoi Alt 8, Fo-Ailt (2), (3) agus (4) den Acht Rialtais Áitiúla, 1925. Rinneadh a gcuid feidhmeanna a aistriú chuig na comhairlí contae faoin Acht Rialtais Áitiúla, 1925. Ina dhiaidh sin, bhí ar na Comhairlí Contae a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh trí bhoird sláinte agus Cúnaimh Phoiblí. Ina theannta sin, bhí na boird sin freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar theaghaisí contae, ar ospidéil agus ar íoclanna, ar thithíocht, ar uisce agus ar shéarachas, ar chúnamh teaghlaigh agus ar roinnt scéimeanna lena n-áirítear leas na ndall, leanaí ar iostas, galair thógálacha, eitinn agus seirbhísí liachta na scoileanna.
Tá na bailiúcháin seo a leanas ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe:
- Comhairle Tuathcheantar Bhéal Átha na Sluaighe Uimh. 1 G00-6 Ballinasloe Rural District No.1 Council 1899-1925
- Comhairle Tuathcheantar Bhéal Átha na Sluaighe Uimh. 2 G00-07 1917-1919,
- Comhairle Tuathcheantar an Chlocháin G01-7 Clifden Rural District Council 1899-1925
- Comhairle Tuathcheantar na Gaillimhe G01-9 Galway Rural District Council 1899-1925
- Comhairle Tuathcheantar an Ghoirt G01-10 Gort Rural District Council 1899-1924
- Comhairle Tuathcheantar Bhaile Locha Riach G01-8 Loughrea Rural District Council 1900-1925
- Comhairle Tuathcheantar an Chreagáin G01-6 Mountbellew Rural District Council 1899-1923
- Comhairle Tuathcheantar Phort Omna G01-3 Portumna Rural District Council 1899-1925
- Comhairle Tuathcheantar Thuama G01-11 Tuam Rural District Council 1907-1925
Bord sláinte agus cúnaimh phoiblí
Nuair a cuireadh deireadh le Dlí na mBocht sa bhliain 1925, rinneadh feidhmeanna deiridh na gCaomhnóirí a aistriú chuig comhairlí contae agus iad á riaradh trí Bhoird Sláinte agus Cúnaimh Phoiblí.
Rinne Comhairlí Contae na Boird sin a bhunú i gcontaetha lasmuigh de Bhaile Átha Cliath faoin Acht Rialtais Áitiúla, 1925, chun feidhmiú mar choistí feidhmiúcháin na comhairle contae chun na feidhmeanna sláinte, sláintíochta agus tithíochta, agus freagracht á glacadh acu as riaradh a dhéanamh ar bhearta in aghaidh galar tógálach agus eitinne, ar shocruithe sláintíochta, ar scéimeanna iostán sclábhaithe, ar scéimeanna uisce agus séarachais agus ar scéimeanna liachta na scoileanna i mbailte beaga agus i sráidbhailte beaga. Cuireadh deireadh leis na Boird sa bhliain 1942 agus tugadh a gcumhachtaí don Chomhairle Contae. In ionad thithe na mbocht, bunaíodh córas teaghaisí contae, do sheandaoine agus do dhaoine easlána, agus ospidéal do dhaoine breoite. Cuireadh cúnamh teaghlaigh in ionad fóirithinte allamuigh.
- Áiríonn Bord Sláinte & Cúnaimh Phoiblí na Gaillimhe / Galway Board of Health & Public Assistance, 1922 - 1941, (GC5/) miontuairiscí an Choiste Teaghlaigh & Cúnaimh Teaghlaigh agus sleachta as taifid a bhaineann le cuntais an choiste sin.
- Bord Sláinte & Cúnaimh Phoiblí Chontae na Gaillimhe, Coistena nÍoclann & na nOspidéal ( GC6 Galway Co. Board of Health & Public Assistance 1922-1942 English)
De bharr chineál pearsanta agus íogair ábhar an bhailiúcháin seo, tá srian ar rochtain.
Ospidéil na gaillimhe
- Áiríonn Otharlann na Gaillimhe, GH2, 1802-1892:
- Miontuairiscí Ghobharnóirí Otharlann na Gaillimhe Imleabhar 1 (GH2/1)
- Imleabhar 3 (GH2/3) agus Tairiscintí Soláthairtí san áireamh
- Pleananna & Líníochtaí
- Galway Hospital, GH1/ Ospidéal na Gaillimhe, GH1/, 1892-1922 Sa bhailiúchán seo, atá ar fáil ar mhicreascannán, áirítear:-
- Miontuairiscí an Bhoird Bainistíochta & an Choiste Altranais
- Ráiteas Airgeadais, Leabhair Admhálacha
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Is leis an Local Government (Ireland) Act, 1898, a bunaíodh comhairlí contae go foirmiúil. Sheol Comhairle Chontae na Gaillimhe a céad chruinniú i mí Aibreáin 1899.
Is bailiúchán forleathan é seo agus cuimsíonn sé taifid a bhaineann leis na ranna éagsúla den Chomhairle, amhail Seirbhísí Uisce, Comhshaol agus Tithíocht. Ach tá an chuid is mó den ábhar seo le próiseáil fós (glanadh, liostú agus eagrú). Ós rud é gurb é beartas na Cartlainne gan ach ábhar próiseáilte a chur ar fáil do thaighdeoirí, is mór againn an fhoighne atá á léiriú agat fad atá an saothar fadálach seo, ar saothar fiúntach é, ar siúl.
Grianghraf den Chéad Chomhairle Contae de chuid na Gaillimhe, arna ghreamú isteach sa chéad imleabhar miontuairiscí, GC/1/1De réir mar a thagann bailiúcháin chun bheith ar fáil, cuirfear isteach sa láithreán seo iad catalóg ar líne. I measc na dtaifead atá ar fáil anois, áirítear:
- Miontuairiscí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, 1899 ar aghaidh, GC/1/
- Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cláir Thinrimh na gComhaltaí, 1946-1983 (ach bearnaí ann), GC/2/
- Mórleabhar Caiteachas Portaigh agus Tarlaithe Móna, 1941-1951, GC3/
- Leabharlanna Chontae na Gaillimhe G01-5 Galway County Libraries Collection 1926-1986
- Cláir Dámhachtainí Scoláireachta GC4 Register of scolarship awards 1917-1972
- Miontuairiscí an Choiste Airgeadais, 1899-1950, GC/3/
- Comhairle na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1947-1995, GC/5/
- Miontuairiscí an Choiste Oideachais, 1911-1950, GC/6/
- Leabhair Freastail Scoile, 1899-1967, GC/7/
- Taifid ghinearálta Luachála, c. 1899-1980, GC/R1/: Tá iontrálacha lámhscríofa ann ar fhoirm réamhchlóite do bhailte fearainn i ngach ceantar toghcháin laistigh de na tuathcheantair. I measc na mionsonraí áirítear ainm an bhaile fearainn, an bharúntacht, an paróiste agus Aontas Dhlí na mBocht, agus i ngach míre maoine, ainm na n-úinéirí, tuairisc an tionóntáin nó na maoine, acraíocht an ghabháltais (acraí, ceathrúna agus peirsí), agus luacháil bhliantúil inrátaithe.
- Taifid Reiligí
- Cláir Adhlactha GC-ENV2 Burial Ground Registers of Interment 1931-2005 (rochtain shrianta)
- Cláir Adhlactha, leabhair phlásáin GC-ENV1 Burial Registers, Plot books 1882-2005 (rochtain shrianta)
- Is foinse mhaith iad na leabhair phlásáin do Reilig Thuama agus tá na mionsonraí a thugtar faoin gceannteideal 'Occupation or Rank in Life' spéisiúil; mar shampla áirítear Servant, Gentleman, Lady, Tailor, Mason, Tinker, Baker, Weaver agus Shoemaker (Searbhónta, Fear Uasal, Bean Uasal, Táilliúir, Saor Cloiche, Tincéir, Báicéir agus Gréasaí) sa liosta.
Leabhar Plásáin Reilig Thuama, GC/Env1/27, 21 Deireadh Fómhair 1882- 31 Nollaig 1902
Leabhar Plásáin Reilig Thuama, GC/Env1/28, 30 Nollaig 1902 - 16 Feabhra 1920
Coimisinéirí baile Bhaile locha riach
Bunaíodh na Coimisinéirí den chéad uair sa bhliain 1861. Ach níl aon mhiontuairiscí ann ach amháin ón mbliain 1909.
Coimisinéirí baile Thuama
Bailiúcháin phríobháideacha
Tá roinnt bailiúchán príobháideach ag an gCartlann, lena n-áirítear:- Páipéir Thomáis Bhairéid, GP2, 1920-1973: Scríbhneoir agus iriseoir Gaeilge: Is é atá sa bhailiúchán seo go formhór ná gearrthóga nuachtáin arb éard iad léirmheasanna agus ailt (1938-1973) a bhaineann le saothar an Bhairéadaigh, mar aon le litreacha ó chairde agus ó chomhghleacaithe dá chuid. Áirítear ann freisin nótaí garbha agus dréachtanna dá shaothar, mar aon le roinnt grianghraf agus ábhar a bhaineann lena ghairmréim mar iriseoir. Ar fáil ar mhicreascannán freisin.
- Blakes of Brooklodge, Ballyglunin, circa 1763-1918, GP5/: cuntais, comhaontuithe talún agus sonraisc.
- Páipéir mhuintir Burke as Ballydugan, Baile Locha Riach, 1707-1970, GP6/: áirítear socraíochtaí pósta agus léasanna, agus comhfhreagras go príomha idir na daoine éagsúla den teaghlach, go háirithe Michael Burke (1853-1935) agus a mhac William St. George Burke (1902-1963).
- GP4 Ffrench Papers, Rahasane, Co. Galway litreacha pearsanta, go príomha ó dheirfiúracha á iarraidh ar a ndeartháir airgead a thabhairt a bhí dlite dóibh as leagáidí éagsúla agus as iontaobhais teaghlaigh; taifid a bhaineann le cúram agus bainistiú an eastáit, agus le bailiú cíosanna agus díshealbhú tionóntaí; taifid a bhaineann le C. French & Co. Bank ag Cé Urmhumhan, Baile Átha Cliath; agus taifid a bhaineann le muirir fhéimheachta agus le mionsonraí faoi ítimí de chuid an eastáit a bhí le díol le ceant (1831). Ar fáil ar mhicreascannán.
- Kellys of Castlekelly, Ballyglar, 1606 – 1880: Muintir Uí Cheallaigh as Castlekelly, Baile Uí Ghleára, 1606 – 1880: Páipéir eastáit, amhail sleachta as teideal, maoin ar cíos, socraíochtaí, uachtanna, sannadh, litreacha a bhaineann le tailte i mBéal Átha Ghártha, i gCill Odhráin, sa Tulaigh, contae na Gaillimhe, agus i mBéal na mBuillí, contae Ros Comáin.
- Páipéir Mhuintir Lawrence, Lawrencetown, Co. na Gaillimhe, GP1/ 1826-1930: Bailiúchán litreacha príobháideacha agus litreacha gnó, a bhaineann leis an tréimhse idir 1870 agus 1894, agus áirítear ann litreacha idir daoine baineanna de theaghlach Wale, litreacha maidir le comhaltas sna Máisiúin, comhfhreagras le gníomhairí agus le haturnaetha maidir leis an eastát mór-mhorgáistithe, maidir le híoc úis ar iasachtaí, maidir le ceapadh Glacadóra agus maidir le hiarrachtaí chun tuilleadh iasachtaí a fháil chun cosc a chur ar dhíol éigeantach an eastáit agus ábhair a bhaineann le tionóntaí, amhail litreacha ó thionóntaí. Áirítear ann freisin litreacha theaghlach Golding (Sruthair, Co. Mhaigh Eo) (1916). Ar fáil ar mhicreascannán. Féach GS01/1 anseo thíos freisin.
- Muintir Minihan, Bailiúchán Grianghraf, GP8/ 1890-1980 GP8 Minihan Photographic Collection 1890-1980: Bailiúchán ilghnéitheach grianghraf teaghlaigh. Go formhór, portráidí foirmiúla de dhaoine aonair nó de lánúineacha, agus tá roinnt Grianghraf ann freisin de shagairt éagsúla mar aon le léirithe d’oifigigh RIC.
- Páipeir an Chaptaein John Shawe-Taylor, Caisleán Taylor, Ard Raithin, 1890–[1909] G01-4 Shawe-Taylor, Captain John 1890-1909
- Papers of, Castle Taylor, Ardrahan, 1890 – [1909], , Shawe-Taylor (1866-1911), tiarna talún agus oifigeach de chuid arm na Breataine, agus pearsa thábhachtach i ngluaiseacht na hAthbheochan in Éirinn ag tús an 20ú céad. Ba é ba mhó a ghríosaigh bunú Chomhdháil Talún na hÉireann a tionóladh i mBaile Átha Cliath sa bhliain (1902). Cuimsíonn na páipéir dialann phearsanta (1890) a coimeádadh nuair a bhí sé ar dualgas san arm i ndufairí Bhurma, agus roinnt imleabhar gearrthóg nuachtáin a bhaineann le Comhdháil Talún na hÉireann (1902-1903), le Ceist na hOllscoile (1903-1904), le Cumann Athchóirithe na hÉireann (1903-[1906]), agus le hAthchóiriú Tionscail na hÉireann (1905-1906, [1909]).
Bailiúcháin bheaga
- Hardiman, James, Imleabhar líníochtaí 1814-1830 GS01/2 lena ngabhann fortheidil agus radhairc agus nithe éagsúla a bhaineann le cathair na Gaillimhe agus leis an gceantar máguaird, ar radhairc agus nithe iad ar úsáideadh roinnt díobh in ‘History of Galway’ le Hardiman (a foilsíodh sa bhliain 1820).
- Lawrence, William, as Lisreagh (Belview), Lawrencetown, Leabhar an Teaghlaigh agus Bailiúchán Grianghraf, c.1882, GS01/1: Albam leatharcheangailte Grianghraf de phortráidí de dhaoine éagsúla de theaghlach Lawrence, den tsráidbhaile áitiúil, & den taobh istigh de Lisreaghan agus de fhreascónna in Lisreaghan, agus tá mionsonraí ginearálta ann faoi phríomhphearsana an teaghlaigh mar aon le gearrthuairisc ar stair an teaghlaigh, agus cuntas ar thíreolaíocht agus ar stair Lawrencetown. Tá an t-albam ar fáil, ina iomláine, ar láithreán gréasáin Ask About Ireland .
- Loughrea Social & Literary Club, 1892-1895, GS01/8: Cumann Sóisialta & Liteartha Bhaile Locha an Riach, 1892-1895, GS01/8: Miontuairiscí lámhscríofa imeachtaí chruinnithe ginearálta agus chruinnithe coiste an Chlub. Ar fáil ar mhicreascannán.
- Mansergh, Richard St George, Áth Cinn, 1775, 1832, GS01/5: Imleabhar leatharcheangailte órchiumhsach lena ngabhann léarscáileanna agus tuairiscí le Charles Frizell, ar léarscáileanna agus tuairiscí iad a bhaineann le heastát Mansergh in Áth Cinn, contae na Gaillimhe; tá rolla cíosa ann ina bhfuil mionsonraí faoi sainchreidimh agus ainmneacha tionóntaí agus áititheoirí
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte