An rud a dhéanaimid
- Naisc ábhartha eile
- tSeirbhís Cartlainne Sonraí
- tSeirbhís Cartlainne Foirmeacha & Ríomheolaíocht
- An rud a dhéanaimid
- Taifid Reiligí
- Bailiúcháin
- Fógra maidir le Cóipcheart
- Ár gCartlann Digiteach
- Taispeántais
- Foilseachán
- Ráiteas Príobháideachta Sonraí
‘…cuimhne dhoiciméadach chontae na Gaillimhe a shealbhú, a chaomhnú agus a dhéanamh inrochtana’
Is é atá i bhfeidhm Chartlann Chontae na Gaillimhe ná ábhair chartlainne údaráis áitiúla Chomhairle Chontae na Gaillimhe a chaomhnú agus ábhair chartlainne is díol spéise áitiúla a shealbhú agus a chaomhnú. Rinneadh foráil reachtúil maidir le cosaint ábhar cartlainne údarás áitiúil a thabhairt isteach den chéad uair in Éirinn nuair a ritheadh an tAcht Rialtais Áitiúil sa bhliain 1994. De réir an Achta sin, is feidhm de chuid údarás áitiúil í ‘socruithe a dhéanamh maidir le bainistiú, coimeád, cúram agus caomhnú cuí taifead áitiúil agus cairteanna áitiúla agus maidir le hiniúchadh cairteanna áitiúla ag an bpobal’.
I láthair na huaire, tá Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe a oibríonn faoin tSeirbhís Leabharlainne ag gabháil do phróiseas bainistithe agus caomhnaithe a corpais mhóir ábhar cartlainne. Áiríonn sé sin liostaí forleathana tuairisciúla agus áiseanna aimsithe a ullmhú chun rochtain phoiblí ar bhailiúcháin na cartlainne a éascú. Obair fhadálach am-íditheach atá ann. I bhfianaise an méid ábhar cartlainne atá le próiseáil, beidh sé tamall maith sula mbeidh cuid mhór dár n-ábhar ar fáil do thaighdeoirí.
Cad iad ábhair chartlainne?
Is ionann ábhair chartlainne agus acmhainní tábhachtacha, idir áitiúil agus náisiúnta, ar ábhair iad a chomhdhéanann ár n-oidhreacht dhoiciméadach náisiúnta agus, sa cháil sin, ní mór déileáil leo go cúramach agus go hurramach.
Is é atá iontu ná taifid charntha de chuid duine aonair nó institiúide, ar taifid iad a thuilleann caomhnú de bharr an luacha a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le foinse thionscnaimh chúiseanna dlíthiúla, riaracháin nó pearsanta. Déantar ábhair chartlainne a chaomhnú ar chúiseanna cultúir agus staire. Nuair a úsáidtear ábhar cartlainne mar ábhair fhoinse, ligeann sé sin do thaighdeoirí carachtar agus féiniúlacht duine aonair nó eagraíochta a dhoiciméadú go hiomlán agus a chaomhnú.
Tá ábhair chartlainne ar marthain i meáin éagsúla amhail páipéar, micreascannán, scannán, téip mhaighnéadach, diosca, diosca optúil, físeán, clos-téipeanna. Baineann cruthanna, méideanna agus formáidí éagsúla leo freisin, lena n-áirítear litreacha, comhaid pháipéir, dialanna, cláir, cártaí innéacs, léarscáileanna, pleananna, grianghraif, físchaiséid, bunachair shonraí ríomhaire agus postas leictreonach. Tugann taifid phearsanta, amhail deimhnithe breithe agus pósta, pasanna, conarthaí fostaíochta, deimhnithe cánach, ráitis bhainc, litreacha pearsanta, dialanna agus grianghraif, léargas ar ár n-eispéiris, tacaíonn siad lenár gcuimhne agus is cuid de stair ár saoil iad.
Rochtain
Is le coinne amháin a thugtar rochtain ar ábhair chartlainne; déan teagmháil leis an gCartlannaí le do thoil ar 091 509 388.
Déantar rochtain ar ábhair chartlainne a thabhairt i gcomhair leis an Rannóg Staire Áitiúla de Leabharlanna Chontae na Gaillimhe, Teach an Oileáin, Cearnóg na hArdeaglaise, Gaillimh.
Is é atá i mbeartas rochtana Chartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe ná a cuid bailiúchán a chur ar fáil, a mhéid is féidir, d’úsáideoirí bona fide i gcomhréir le caomhnú an ábhair agus i gcomhréir leis na srianta praiticiúla ar a cuid acmhainní. Is ceart do thaighdeoirí a thabhairt dá n-aire nach dtabharfar rochtain ar bhailiúcháin neamhphróiseáilte.
Rialaítear rochtain de réir na Rialacha agus na dTreoirlínte maidir le Léitheoireacht ( Reading Rules and Guidelines English)
Ní mór do thaighdeoirí Foirm Chlárúcháin Léitheora ( Reader's Registration Form English) a chomhlánú.
Níl aon táille ann chun cuairt a thabhairt ar an gcartlann ná ar na hábhair chartlainne a úsáid.
Fiosrúcháin
Cuirtear fáilte roimh fhiosrúcháin. Faighimid roinnt fiosrúchán gach bliain, leis an teileafón agus le ríomhphost, gan trácht ó fhiosrúcháin ó chuairteoirí. Féachaimid le freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin chomh tapa agus is féidir. Ní féidir linn taighde a dhéanamh thar ceann an phobail, áfach, ach tugtar comhairle i dtaobh an bhfuil taifid againn a bhaineann leis an bhfiosrúchán.
Ginealas
Ní féidir le Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe seirbhís taighde ginealais a sholáthar ach tugtar comhairle maidir le hábhair chartlainne ábhartha. Tá comhairle faoi ghinealas, mar aon le liosta taighdeoirí ginealais, ar fáil ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann. Aon duine a bhfuil spies aige/aici sa ghinealas, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Leabharlanna Contae na Gaillimhe Rannóg Stair Áitiúil freisin ina sealbhaítear taifid a d’fhéadfadh a bheith cuiditheach i ndáil le taighde teaghlaigh, lena n-áirítear taifid dhaonáirimh 1901 agus 1911 ar mhicreascannán, ar ábhar é sin atá ar fáil ar líne freisin ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann National Archives, agus, chomh maith leis sin, ag Luacháil Uí Ghríofa Griffith’s valuation.
Níl aon taifid shibhialta Breithe, Pósta agus Báis againn Birth, Marriage and Death, ach is féidir rochtain a fháil orthu tríd an bPríomh-Oifig Chlárúcháin, Baile Átha Cliath General Register Office, Dublin.
Tá an Irish Family History Foundation i mbun ríomhairiú a dhéanamh ar fhaisnéis ghinealais a bheidh le húsáid le linn stair teaghlaigh a imscrúdú.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte