Déan aighneacht
- Naisc ábhartha eile
- Déan aighneacht
- Féach ar Aighneachtaí
De réir Alt 12(1)(b) d’Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), tá Dréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022 – 2028 forbartha ag Comhairle Contae na Gaillimhe a bheidh ar taispeáint go poiblí agus ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí ón 20 Bealtaine 2021 go dtí an 30 Iúil 2021 (an dá dháta san áireamh) ag na suíomhanna seo a leanas:
- https://consult.galway.ie/
- An Oifig Pleanála, Áras on Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh (caithfear coinne a dhéanamh i rith gnáthuaireanta oscailte de réir Threoirlínte Covid-19)
- Gach leabharlann brainse sa Chontae i rith gnáthuaireanta oscailte agus faoi réir shrianta Covid-19 atá i bhfeidhm ag an am
I dteannta leis an Dréachtphlean tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a ullmhaíodh de réir na Rialachán um Phleanáil & Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, Measúnacht Oiriúnach, de bhun Airteagal 6 (3) agus Airteagal 4 den Treoir maidir le Gnáthóga 92/43/CEE agus Measúnacht Straitéiseach Riosca i gcás Tuilte a ullmhaíodh de réir Threoirlínte an Chórais Pleanála agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte 2009. Tá Ráiteas Scríofa le fáil in Imleabhar 1 agus tá Pleananna Lonnaíochta le fáil in Imleabhar 2 den Dréachtphlean.
Seimineár Gréasáin
Tá sé beartaithe seimineár gréasáin a reáchtáil i rith thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí chun forléargas a thabhairt ar an Dréachtphlean agus treoir a thabhairt maidir le conas aighneacht a dhéanamh. Foilseofar sonraí an imeachta seo ar láithreán gréasáin na Comhairle https://consult.galway.ie/.
Aighneachtaí
Tugann Comhairle Contae na Gaillimhe cuireadh leis seo d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir le Dréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022- 2028, i scríbhinn / go leictreonach tríd an láithreán gréasáin, chuig an Údarás Pleanála idir an 20 Bealtaine 2021 agus Dé hAoine, an 30 Iúil 2021 (an dá dháta san áireamh).
Ní mór aird a thabhairt ar an méid seo a leanas má tá sé beartaithe agat aighneacht nó breathnóireacht a dhéanamh: -
- · Tá leanaí nó grúpaí agus cumainn a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar leasa leanaí i dteideal aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh maidir le cuspóirí beartais chun straitéis fhoriomlán a sholáthar le haghaidh pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe cheantar an phlean forbartha;
- · Tá Comhairle Contae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF) (arna leasú). Tabhair faoi deara go bhfoilseofar gach aighneacht a fhaightear ar líne de réir cheanglais an Achta Pleanála. Ba cheart duit a chinntiú nach bhfuil aon fhaisnéis chráiteach, chlúmhillteach nó rúnda, lena n-áirítear faisnéis rúnda a bhaineann le tríú páirtí (nach bhfuil toiliú tugtha ag an tríú páirtí, go sainráite, nó go hintuigthe sna himthosca, dá nochtadh) le fáil i d’aighneacht. Coimeádann an tÚdarás Pleanála an ceart aon aighneacht nó cuid d’aighneacht nach gcomhlíonann an ceanglas seo a cheilt. Tabhair faoi deara go bhfoilseofar an aighneacht iomlán;
- · Tá Comhairle Contae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí (arna leasú) agus an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun cabhrú linn ceanglais Cosanta Sonraí agus RGCS a chomhlíonadh soláthair d’ainm agus do shonraí teagmhála (agus más cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta etc., a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta air/uirthi), ar bhileog ar leith le d’aighneacht/ le do bhreathnóireacht. Tá an phróiseáil seo ar do chuid sonraí pearsanta dlíthiúil faoi Airteagal 6 (1) (e) de na Rialacháin Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá Beartas Cosanta Sonraí na Comhairle le fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle.
- · Tabhair faoi deara, de réir Alt 19 d’Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 go bhfoilseofar gach aighneacht bhailí a fhaigheann an Chomhairle ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae na Gaillimhe laistigh de 10 lá oibre óna leithéid a bheith faighte ag an gComhairle. Is próiseas oscailte agus poiblí é an próiseas pleanála agus, dá réir sin, beidh d’aighneacht (cuid den aighneacht nó an aighneacht iomlán) le fáil ar líne ag https://consult.galway.ie/. Breithneofar gach breathnóireacht nó aighneacht a fhaightear i rith na tréimhse ama thuasluaite sula gcuirfear Plean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028 i dtoll a chéile.
Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
- Seol i scríbhinn chuig: An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh. (Ba cheart ‘Dréachtphlean Forbartha Contae na Gaillimhe 2022-2028’ a scríobh ar an gcomhfhreagras)
Nó
- I bhformáid leictreonach tríd an láithreán gréasáin speisialta ag https://consult.galway.ie/
Ní ghlacfar le haighneachtaí i ndiaidh 4.30pm, Dé hAoine, an 30 Iúil 2021.
Seol aighneacht ar aghaidh ar bhealach amháin i.e. cóip chrua nó ar an láithreán gréasáin.
Is féidir cóipeanna crua den Dréachtphlean agus de na doiciméid ghaolmhara a cheannach ón Rannóg Pleanála.
Brústocaireacht
Is cuid riachtanach den phróiseas daonlathach é brústocaireacht. Cuireann sé ar chumas saoránach agus eagraíochtaí tuairimí a fhorbairt maidir le beartas poiblí agus seirbhísí poiblí cosúil le criosú talamhúsáide a bhfuil polaiteoirí agus seirbhísigh phoiblí ar an eolas faoi (Oifigigh Phoiblí ainmnithe). Má tá aon bhaint agat le brústocaireacht, b’fhéidir go mbeadh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Clárú ar láithreán gréasáin an Chláir Brústocaireachta atá á chothabháil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin: www.lobbying.ie
- Faisnéis a roinnt leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le do ghníomhaíochtaí brústocaireachta trí huaire sa bhliain.
- Tá tuilleadh faisnéise le fáil ag www.lobbying.ie.
Tá an fhaisnéis phearsanta (na sonraí) a bhailítear i rith an phróisis chomhairliúcháin (d’fhéadfadh go mbeadh bailiú sonraí pearsanta íogaire i gceist) á bailiú chun críche glacadh le haighneachtaí agus déileáil leo agus tá aon sonraí a bhailítear faoi réir ráiteas príobháideachais Chomhairle Contae na Gaillimhe atá le fáil ag http://www.galway.ie/en/services/yourcouncil/privacystatement/
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte