Athghiniúint Thuama
- Naisc ábhartha eile
- Fúinn
- Gort Inse Guaire
- Athghiniúint Thuama
- Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha 2020
- Foireann Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe – Léirithe
- Foireann Bhaile Órán Mór – Léirithe Spéise
- Foireann Bhaile Áth Cinn – Léirithe Spéise
ÁISTIRPHLEAN ATHGHINIÚNA THUAMA
Cuireadh Máistirphlean Athghiniúna Thuama ar fáil faoin gCiste Forbartha agus Athghiniúna Tuaithe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. Féachtar leis an bplean aghaidh a thabhairt ar dheiseanna sóisialta, eacnamaíochta, cultúir agus timpeallachta chomh maith leis na dúshláin sna réimsí céanna sin i dTuaim agus iad a chuimsiú i bPlean Athghiniúna cuimsitheach. Ghlac Comhaltaí de chuid Cheantar Bardasach Thuama leis an bPlean ar an 12 Aibreán 2021.
Aithnítear sraith de mholtaí mianaidhmeacha atá comhoiriúnach agus comhlántach laistigh de chreat pleanála reatha an bhaile i Máistirphlean Athghiniúna Thuama. Déanfar cur chuige céim ar chéim maidir le maoiniú amach anseo agus maidir le deiseanna infheistíochta a bheidh ar fáil do Thuaim a éascú leis na moltaí.
Tá Máistirphlean Athghiniúna Thuama agus cáipéisíocht tacaíochta ar fáil don phobal lena iniúchadh ar líne agus in Oifig Cheantair Thuama, Comhairle Chontae na Gaillimhe, An tSráid Ard, Tuaim, Gaillimh H54 F627 i gcúinsí eisceachtúla amháin trí choinne a dhéanamh idir na huaireanta seo a leanas: 9.10am–1.00pm, 2.00pm–5.00pm Luan go hAoine faoi Shrianta Covid.
Cinneadh- AA - Mháistirphlean Athghiniúna Thuama
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte