Foireann Bhaile Órán Mór – Léirithe Spéise
- Naisc ábhartha eile
- Fúinn
- Theach Cúirte Phort Omna
- Gort Inse Guaire
- Athghiniúint Thuama
- Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha 2020
- Foireann Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe – Léirithe
- Foireann Bhaile Órán Mór – Léirithe Spéise
- Foireann Bhaile Áth Cinn – Léirithe Spéise
Ba mhaith le Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte a chur roimh léirithe spéise ón bpobal áitiúil chun Foireann Bhaile tiomnaithe Lár Bailte ar dTús (LBT) a chruthú d'Órán Mór.
Tá sé mar aidhm ag beartas Lár Bailte ar dTús láir bhaile a chruthú a fheidhmíonn mar láithreacha bríomhara tarraingteacha do dhaoine le maireachtáil agus le oibriú ann agus le cuairt a thabhairt orthu, agus ag an am céanna feidhmiú mar mhol sóisialta, cultúrtha, eacnamaíoch agus áineasa don phobal áitiúil.
Díríonn cur chuige an LBT ar phróiseas comhoibritheach a bhfuil baint ag na páirtithe leasmhara ábhartha go léir leis, a bhfuil ionadaíocht ag Foireann Baile air.
Is grúpa daoine áitiúla, ó chúlraí éagsúla, í an Fhoireann Baile agus é mar chuspóir acu athrú dearfach a chur ar a mbaile. Agus ag obair go dlúth leis an Oifigeach Athghiniúna Baile agus leis an bhFoireann Athghiniúna, is é aidhm Fhoireann Bhaile Orán Mór sraith tionscadal a aithint a bheidh dírithe ar an mBaile a fheabhsú a bheidh san áireamh i bPlean Lár Bailte ar dTús.
Má tá suim agat a bheith i do bhall den Fhoireann Baile, cláraigh do spéis tríd an bhFoirm Léirithe Spéise thíos a chur isteach ar ríomhphost chuig regeneration@galwaycoco.ie nó sa phost chuig an bhFoireann um Athghiniúint Uirbeach & Tuaithe, Forbairt agus Pleanáil Eacnamaíochta, Áras an Chontae, Cnoc an Radhairc, Gaillimh H91 H6KX. Is féidir teacht ar fhoirmeacha iarratais ar ár suíomh gréasáin thíos:
Is é 12 an t-uaslíon ball a bheidh ar an bhFoireann Baile, déanfar próiseas gearrliostaithe a chur chun cinn tar éis an dáta deiridh.
Dáta Deiridh Dé Céadaoin an 21 Lúnasa
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte