Foireann Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe – Léirithe
- Naisc ábhartha eile
- Fúinn
- Theach Cúirte Phort Omna
- Gort Inse Guaire
- Athghiniúint Thuama
- Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha 2020
- Foireann Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe – Léirithe
- Foireann Bhaile Órán Mór – Léirithe Spéise
- Foireann Bhaile Áth Cinn – Léirithe Spéise
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur tús leis an bpróiseas chun Plean Lár Bailte ar dTús (LBT) a fhorbairt do Lár Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe agus ba mhaith léí fáilte a chur roimh phobal áitiúil léirithe spéise chun Foireann Baile thiomnaithe Lár Bailte ar dTús a chruthú.
https://consult.galway.ie/en/consultation/ballinasloe-town-centre-first-plan
Is aidhm leis an mbeartas Lár Bailte ar dTús láir bhaile a chruthú a fheidhmíonn mar láithreacha bríomhara tarraingteacha do dhaoine le maireachtáil agus le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt orthu, agus ag an am céanna feidhmiú mar mhol sóisialta, cultúrtha, eacnamaíoch agus áineasa don phobal áitiúil.
Díríonn cur chuige LBT ar phróiseas comhoibríoch ina bhfuil na páirtithe leasmhara áitiúla ábhartha go léir páirteach, arna ionadú ag Foireann Baile.
Is grúpa daoine áitiúla, ó chúlraí éagsúla, í an Fhoireann Baile agus é mar chuspóir acu athrú dearfach a chur ar a mbaile. Ag obair go dlúth leis an Oifigeach Athghiniúna Baile agus leis an bhFoireann Athghiniúna, is é aidhm Fhoireann Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe ná sraith tionscadal a aithint atá dírithe ar an mBaile a fheabhsú a bheidh san áireamh i bPlean Lár Bailte ar dTús.
Má tá suim agat a bheith i do bhall den Fhoireann Baile, cláraigh do spéis tríd an bhFoirm Léirithe Spéise thíos a chur isteach ar ríomhphost chuig regeneration@galwaycoco.ie nó sa phost chuig an bhFoireann um Athghiniúint Uirbeach & Tuaithe, Forbairt agus Pleanáil Eacnamaíochta, Áras an Chontae, Cnoc an Radhairc, Gaillimh H91 H6KX. Is féidir teacht ar fhoirmeacha iarratais ar ár suíomh gréasáin thíos:
Is é 12 an t-uaslíon ball a bheidh ar an bhFoireann Baile, déanfar próiseas gearrliostaithe a chur chun cinn tar éis an dáta deiridh.
Dáta deiridh Dé Céadaoin an 21 Lúnasa
Foirm LS Bhéal Átha na Sluaighe
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte