Foireann Bhaile Áth Cinn – Léirithe Spéise
- Naisc ábhartha eile
- Fúinn
- Theach Cúirte Phort Omna
- Gort Inse Guaire
- Athghiniúint Thuama
- Scéim um Fheabhsú Sráid-dreacha 2020
- Foireann Bhaile Bhéal Átha na Sluaighe – Léirithe
- Foireann Bhaile Órán Mór – Léirithe Spéise
- Foireann Bhaile Áth Cinn – Léirithe Spéise
Ba mhaith le Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte a chur roimh léirithe spéise ón bpobal áitiúil chun Foireann Baile thiomanta Lár Bailte ar dTús (LBT) a chruthú d'Áth Cinn. Is éard atá i gceist le Foireann Baile LBT ná grúpa de chónaitheoirí áitiúla, lucht gnó, ionadaithe pobail agus páirtithe leasmhara eile a thagann le chéile chun áit atá níos fearr le maireachtáil, le hoibriú, le staidéar ann agus le cuairt a thabhairt air a dhéanamh dá gceantar. Féadfaidh baill Fhoireann Baile LBT teacht ó earnálacha agus ó chúlraí éagsúla. Tá seasamh ar leith acu sa phobal le bheith ina ‘saineolaithe áitiúla’ ar a gceantar agus le ról ceannaireachta a ghlacadh ar fhorbairt tionscadal a fhéadfaidh athruithe dearfacha fadtéarmacha a chur ar an mbaile.
Oibreoidh Foireann Baile LBT go dlúth leis an Oifigeach Athnuachana Baile agus le foireann ildisciplíneach Athnuachana na Comhairle. Ní mór do bhaill oibriú ar son an phobail ina iomláine seachas ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe le duine aonair nó le grúpa(í) ar leith.
Tar éis don ghlao seo ar léirithe Spéise a bheith dúntacruthófar gearrliosta iarratasóirí.
Léirigh do chuid spéise trí Fhoirm Léirithe Spéise a chur isteach ar ríomhphost chuig regeneration@galwaycoco.ie nó sa phost chuig Foireann Athnuachana Uirbí & Tuaithe, Forbairt agus Pleanáil Eacnamaíochta, Áras Tuaithe an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh H91 H6KX.
Dáta Deiridh Dé Céadaoin an 21 Lúnasa
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte