Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 isteach sa dlí Dé Céadaoin an 11 Márta 2015. Beidh tosach feidhme an Achta ar an 1 Meán Fómhair 2015.
Is é is cuspóir leis an Acht seo foráil a dhéanamh i leith Clár Brústocaireachta bunaithe ar an ngréasán chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leo siúd a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas sonrach, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha a aithint.
Tá gach eolas maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil le fáil ach dul chuig www.lobbying.ie.
Oifigigh Phoibli Shainithe Comhaltai Tofa 2019 - 2024..
Oifigigh Phoibli Shainithe Foireann Feidhmiuchain Deireadh Fómhair 2023
An Cód Trédhearcachta
Ceanglaítear le halt 5(7) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go ndéanfaidh an tAire cód a ullmhú agus a fhoilsiú ar a dtabharfar “an Cód Trédhearcachta”, ina leagfar amach conas a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí ábhartha áirithe, amhail grúpaí comhairleacha aireachta, a gcuid gníomhaíochtaí a chomhlíonadh ar bhealach trédhearcach. Trí chloí leis an gCód Trédhearcachta sin, thiocfadh cumarsáidí leis na comhlachtaí sin faoin eisceacht ón gceanglas a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus a thuairisciú.
Dá réir sin, rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Cód Trédhearcachta a ullmhú. Tá cód den Chód ar fáil ach cliceáil anseo.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte