Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 isteach sa dlí Dé Céadaoin an 11 Márta 2015. Beidh tosach feidhme an Achta ar an 1 Meán Fómhair 2015.
Is é is cuspóir leis an Acht seo foráil a dhéanamh i leith Clár Brústocaireachta bunaithe ar an ngréasán chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leo siúd a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas sonrach, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha a aithint.
Tá gach eolas maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil le fáil ach dul chuig www.lobbying.ie.
Oifigigh Phoibli Shainithe Comhaltai Tofa 2024 - 2029
Oifigigh Phoiblí Ainmnithe - Foireann Feidhmiúcháin Iúil 2024
An Cód Trédhearcachta
Ceanglaítear le halt 5(7) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go ndéanfaidh an tAire cód a ullmhú agus a fhoilsiú ar a dtabharfar “an Cód Trédhearcachta”, ina leagfar amach conas a dhéanfaidh comhlachtaí poiblí ábhartha áirithe, amhail grúpaí comhairleacha aireachta, a gcuid gníomhaíochtaí a chomhlíonadh ar bhealach trédhearcach. Trí chloí leis an gCód Trédhearcachta sin, thiocfadh cumarsáidí leis na comhlachtaí sin faoin eisceacht ón gceanglas a bhaineann le gníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus a thuairisciú.
Dá réir sin, rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Cód Trédhearcachta a ullmhú. Tá cód den Chód ar fáil ach cliceáil anseo.
Tá ullmhú na scéime CBS do 2024-2029 á ullmhú i láthair na huaire. Ag an gCruinniú Cinn Bhliana a tionóladh ar an 21/06/24, toghadh na Comhairleoirí seo a leanas mar chathaoirligh ainmnithe ar na CBS. Nuair a ghlacfar le scéim CBS 2024-2029 agus nuair a bheidh ballraíocht gach CBS tugtha chun críche, déanfar na sonraí a nuashonrú.
Ár gCoistí
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe Ballraíocht Choiste Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Comhchoiste Póilíneachta Chontae na Gaillimhe (CCP)
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe (CFPA)
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun gach eolas a fháil ar Choiste Comhairleach Áitiúil um Chóiríocht don Lucht Siúil (CCACLS)
Chontae na Gaillimhe
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte