Deich mBliana na gCuimhneachán 2013 - 2023
- Naisc ábhartha eile
- Faoi Chomhairle Chontae na Gaillimhe
- Plean Corparáideach 2025-2029
- Cosaint Sonraí
- Vótáil - Clár na dToghthóirí
- Oifigí Ceantair
- Oifigigh Phoiblí Shainithe faoin Acht 2015
- Na Comhairleoirí
- Eolas ar do Chomhairle
- Seirbhís Custaiméara
- Doiciméid Corparáideacha
- Cláir agus Miontuairiscí
- Tinreamh & Íocaíochtaí na gComhaltaí
- Baill Choistí Polasaí Straitéiseach & Miontuairis
- Comhchoiste Póilíneachta
- Nochtuithe Cosanta
- Scéim Foilseacháin SF
- Airgeadais
- Fodhlíthe maidir
- Do Chearta ar Fhaisnéis
- Deich mBliana na gCuimhneachán 2013 - 2023
- Eitic
Imeachtaí cinniúnacha cinntitheacha a bhí in imeachtaí na ndeich mbliana sa tréimhse ó 1913 go 1923. Ba iad sin na deich mbliana a chuaigh i gcion ar ghaolmhaireachtaí ar feadh glúine agus ba thréimhse í inar baineadh saoirse amach d’Éirinn agus inar bunaíodh ár Stát.
Ba thréimhse í freisin inar tharla claochlú agus athnuachan cultúir i sochaí na hÉireann mar thoradh ar athchóiriú toghcháin, athchóiriú talún, athchóiriú oideachais agus imirce. Tharla an t-éileamh ar athrú bunreachtúil i gcomhthráth le dearbhú chearta na n-oibrithe agus chearta na mban.
Bhí na deich mbliana sin ar na tréimhsí deich mbliana is cinniúnaí dá raibh ann i nua-stair na hÉireann agus is ceart clár cuimhneacháin cuimsitheach a bheith ann trína dtugtar aitheantas do thábhacht na tréimhse, trína dtugtar admháil i leith an méid an bhain an ghlúin sin daoine amach agus trína gcuirtear leis an tuiscint atá ann sa lá atá inniu ann ar na himeachtaí a chruthaigh an tsochaí atá ann anois.
Cé go raibh tionchar mór náisiúnta ag na himeachtaí a tharla idir na blianta 1913 agus 1923, bhí baint ar leith acu le Contae na Gaillimhe. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs a róil i ndáil le ceannaireacht chathartha a sholáthar, aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an tábhacht a ghabhann le ról dearfach réamhghníomhach a chomhlíonadh i dtaca le ceiliúradh agus gníomhaíochtaí cuimhneacháin a thionscnamh le linn na ndeich mbliana atá romhainn.
STRAITÉIS CHUIMHNEACHÁIN DO CHONTAE NA GAILLIMHE
Trí Straitéis Chuimhneacháin na Gaillimhe agus trí na cláir chuimhneacháin bhliantúla, tabharfar spreagadh do mhuintir na Gaillimhe, sa bhaile agus thar lear, i leith cuimhneamh a dhéanamh ar ár stair chomhpháirteach agus i leith machnamh a dhéanamh ar na himeachtaí a chruthaigh sinn.
Is é is aidhm dó ná an iliomad scéalta nua faoin tréimhse seo a nochtadh agus a scrúdú, ar scéalta iad a thabharfaidh léiriú ar an nasc idir ár stair agus ár saoil agus sinn ag cuimhneamh ar na haimsirí sin, ní amháin trí thaispeántais, trí leabhair/fhoilseacháin agus trí léachtaí ach, freisin, trí ealaín, trí cheol agus trí scéalaíocht.
Sa Straitéis seo, agus sna cláir chuimhneacháin bhliantúla, leagfar béim mhór ar spreagadh a thabhairt maidir le rannpháirtíocht ghníomhach phobail, agus teagmháil leis an bpobal, ar fud Dheich mBliana na gCuimhneachán agus ar chumasú a dhéanamh ina leith sin.
Féachfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le huasmhéadú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an phobail trí thacaíocht agus comhairle a sholáthar trí Ghrúpa Stiúrtha Dheich mBliana na gCuimhneachán agus de réir theorainneacha an mhaoiniúcháin atá ar fáil, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar, trí Scéim na nDeontas Pobail, d’imeachtaí pobail atá i gcomhréir le haidhmeanna, prionsabail agus cuspóirí na Straitéise Cuimhneacháin.
Déanfaidh Straitéis Chuimhneacháin na Gaillimhe treoir a sholáthar dár gcur chuige agus tabharfaidh sé spreagadh do mhuintir na Gaillimhe, sa bhaile agus thar lear, chun teacht le chéile agus comóradh a dhéanamh ar an am atá caite agus urraim a thabhairt don am i láthair ar shlí trína gcumasófar dúinn dóchas agus ionchas maidir leis an todhchaí a chomhroinnt lena chéile agus a chruthú.
Straitéis Chuimhneacháin Do Chontae na Gaillimhe 2013-2023
rphost: decadeofcommemorations@galwaycoco.ie
Gaolta Daoine a Ghlac Páirt in Éirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe
Ba mhaith le Comhairle Chontae na Gaillimhe teagmháil a dhéanamh le gaolta daoine a ghlac páirt in Éirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe. Má ghlac duine de do mhuintir páirt in Éirí Amach 1916 i gContae na Gaillimhe, agus más mian leat go gcuirfí ar an eolas tú faoi imeachtaí arna n-eagrú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun an comóradh céad bliain a cheiliúradh, comhlánaigh an fhoirm agus seol ar ais sa phost nó trí ríomhphost í chuig na seoltaí atá tugtha san fhoirm.
Má tá níos mó ná gaol amháin agat a ghlac páirt in Éirí Amach 1916 comhlánaigh an fhoirm thíos i leith gach gaoil.
Mura bhfuil tú cinnte maidir le haon cheann de na mionsonraí san fhoirm thíos (e.g. cathlán nó garastún do ghaoil le linn Éirí Amach 1916) féadfaidh tú taifid na Cartlainne Míleata a sheiceáil.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte