BUISÉAD 2025
Déar, 21 Samh 2024 09:39:00 GMT
Mar a moladh agus a comhaontaíodh ag an gcruinniú iomlánach le déanaí, aistríodh an dáta sceidealta don Chruinniú Buiséid atá le teacht go dtí an 30ú Samhain ag 9a.m.
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréacht-Bhuiséad do Chomhairle Chontae na Gaillimhe don tréimhse an 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025 ullmhaithe agus go mbreithneoidh an Chomhairle é ag an gCruinniú Reachtúil Buiséid a reáchtálfar, 30ú Samhain, 2024 ag 9a.m. in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Beidh cóip den Dréacht-Bhuiséad in Oifigí na Comhairle in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh lena scrúdú ansin, saor in aisce, ag aon duine den phobal ón Aoine 22ú Samhain 2024 le linn ghnáthuaireanta oibre na hoifige. Is féidir cóip den Dréacht-Bhuiséad a chur ar fáil do gach duine a dhéanfaidh iarratas ar chóip ar chostas deich euro (€10.00) agus beidh sé ar fail freisin ar ár láithreán gréasáin le híoslódáil ag an seoladh www.gaillimh.ie
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte