Deontas Power Up
Céad, 30 DFómh 2024 15:54:00 GMT
Gairm ar ghnólachtaí miondíola agus fáilteachais – cláraígí anois le haghaidh an deontais €4,000 Power Up
Tá deontas Power Up €4,000 ar fáil do ghnólachtaí sna hearnálacha fáilteachais agus miondíola
Cláraígí ar mycoco.ie/powerup faoi Dé hAoine, an 8 Samhain 2024.
Tá Údaráis Áitiúla ag seoladh ríomhphoist anois chuig gnólachtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe don deontas Power Up. Tá sonraí sa ríomhphost maidir le conas clárú. Ná deanaigí moill ag clárú, níl an tairseach clárúcháin Power Up oscailte ach ar feadh tréimhse teoranta ionas gur féidir íocaíochtaí a chur ar fáil do ghnólachtaí roimh dheireadh na bliana.
Tá clárú cosúil leis an gclárú ICOB (costais mhéadaithe gnó) agus tá sé tapa agus éasca.
Téigí chuig mycoco.ie/powerup chun tuilleadh eolais a fháil.
Mura bhfuil ríomhphost faighte agaibh agus má cheapann sibh go bhfuil tú incháilithe, déanaigí teagmháil le d’Údarás Áitiúil, le do thoil.
Cad é an deontas Power Up?
D’fhógair an Rialtas an deontas Power Up mar chuid de Bhuiséad 2025 do ghnólachtaí san earnáil miondíola agus fáilteachais. Tá buiséad de €170 milliún ag an deontas Power Up agus beidh an deontas do ghnólachtaí incháilithe cothrom le €4,000.
Cé atá incháilithe le haghaidh Power Up?
Tá dhá chineál gnólachta incháilithe:
- gnólacht a fuair an dara híocaíocht ICOB agus a leanann de bheith incháilithe le haghaidh ICOB
- féadfaidh gnólachtaí san earnáil fáilteachais agus miondíola nach raibh bille rátaí acu in 2023 cáiliú má shásaíonn siad na critéir. Ba cheart do na gnólachtaí sin seiceáil lena n-údarás áitiúil chun incháilitheacht a mheas a luaithe a chuirtear an scéim beo
Ag tacú le gnólachtaí - Deontas Power Up
Deontas €4,000 ar fáil do ghnólachtaí miondíola agus fáilteachais. Cláraigh faoin 8 Samhain ag enterprise.gov.ie/powerup
A ghnólachtaí miondíola agus fáilteachais - Tuigeann an Rialtas an brú atá oraibh ó thaobh costas de.
Tá infheistiú €4,000 ar fáil mar chuid den Deontas Power Up chun cuidiú libh dul i ngleic le costais mhéadaithe, go háirithe costais fuinnimh.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte