Freastalaíonn 300 duine ar oíche eolais ar tithíochta inacmhainne Bhaile Chláir
Aoine, 11 DFómh 2024 09:34:00 BST
D’fhreastail 300 duine ar ócáid faisnéise poiblí i mBaile Chláir tráthnóna Déardaoin maidir leis an gcéad scéim tithíochta inacmhainne atá le forbairt i gContae na Gaillimhe ó 2013 i leith.
Tá 61 aonad tithíochta inacmhainne á soláthar i bhforbairt Gharraí na Gaoithe atá sa chéad scéim thithíochta lándéanta a bhfuil tithíocht inacmhainne inti i gContae na Gaillimhe faoi bheartas Tithíocht an Rialtais ‘Tithíocht do Chách’. Lonnaithe ar Bhóthar Radharc na Locha, tá naíolann sa scéim thithíochta agus tá sí suite gar d’áiseanna áitiúla Bhaile Chláir.
Dhírigh an tráthnóna fáisnéise poiblí ar an gcéad chéim den fhorbairt a bheidh le críochnú le gairid, a chuimsíonn 17 aonad lena n-áirítear 2 a bhfuil dhá sheomra leapa iontu, 9 le trí sheomra leapa agus 6 le ceithre sheomra leapa. Tá na tithe á gcur ar díol ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le déanaí.
Cuirfear tús ar an obair ar 16 tithe breise sa dara céim den fhorbairt in Eanáir agus déanfar iad a sholáthar i lár 2025 agus forbrófar 28 aonad eile sa tríú céim níos déanaí sa bhliain.
Dúirt an Comhairleoir Albert Dolan, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Léiríodh an-suim sa scéim tithíochta seo le linn an tráthnóna eolais, rud a thug deis don phobal a gcuid ceisteanna a chur ar oifigigh ó Stiúrthóireacht Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ar na forbróirí.”
“Tá éileamh soiléir leanúnach ar thithíocht inacmhainne i gContae na Gaillimhe. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus í ag iarraidh méadú suntasach a dhéanamh ar stoc tithíochta inacmhainne an chontae sna míonna agus sna blianta amach romhainn,” a dúirt an Cathaoirleach.
Glacfar le hiarratais trí thairseach iarratais ar líne a bheidh beo ar an 14 Deireadh Fómhair, 2024 ag 10.00am. Féadfar iarratais a dhéanamh idir an 14 Deireadh Fómhair agus an 11 Samhain, 2024. Tá tuilleadh eolais faoin scéim Gharraí na Gaoithe, lena n-áirítear an Scéim Thosaíochta, an nasc chuig an bhfoirm iarratais agus an cháipéisíocht tacaíochta riachtanach ar fáil ag www.galway.ie/affordable.
Idir an dá linn, cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte roimh an bpobal páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne mar chuid dá hiarrachtaí chun an leibhéal spéise i dtithe inacmhainne i gContae na Gaillimhe, chomh maith leis na suíomhanna is fearr le haghaidh na dtithe sin, a fháil amach.
Tá an suirbhé ar www.galway.ie/affordablesurvey dírithe orthu siúd a airíonn go bhféadfaidís a bheith incháilithe teach inacmhainne a bheith acu le ceannach nó ar cíos ón Údarás Áitiúil. Beidh an t-aiseolas a bhaileofar ón suirbhé 5 nóiméad mar bhonn eolais do sholáthar Tithíocht Inacmhainne sa chontae. Áirítear leis an eolas atá á lorg líon na ndaoine/dteaghlach a bhfuil spéis acu i dtithíocht inacmhainne, méid an teaghlaigh, an cineál tithíochta/iostais atá ag teastáil, praghsanna tithe a d’fhéadfadh daoine a íoc, agus suíomhanna roghnaithe.
Déanann John Waters ó Stiúrthóireacht Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe cur i láthair ag ócáid faisnéise poiblí tráthnóna Déardaoin maidir le forbairt Gharraí na Gaoithe i mBaile Chláir. Grianghraf Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte