Na céad tithe inacmhainne i gContae na Gaillimhe ó 2013 beagnach críochnaithe
Déar, 26 MFómh 2024 13:40:00 BST
Tá na céad tithe inacmhainne le forbairt i gContae na Gaillimhe ó 2013 beagnach críochnaithe i mBaile Chláir agus chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe ar fáil le díol iad.
Tá 61 aonad tithíochta inacmhainne á soláthar i bhforbairt Gharraí na Gaoithe atá sa chéad scéim thithíochta lándéanta a bhfuil tithíocht inacmhainne inti i gContae na Gaillimhe faoi bheartas Tithíocht an Rialtais ‘Tithíocht do Chách’.
Tá 17 aonad, lena n-áirítear 2 a bhfuil dhá sheomra leapa iontu, 9 le trí sheomra leapa agus 6 le ceithre sheomra leapa, á soláthar a bheidh le críochnú le gairid sa chéad chéim den fhorbairt.
Cuirfear tús ar an obair ar 16 tithe breise sa dara céim den fhorbairt in Eanáir agus déanfar iad a sholáthar i lár 2025 agus forbrófar 28 aonad eile sa tríú céim níos déanaí sa bhliain.
Lonnaithe ar Bhóthar Radharc na Locha, tá naíolann sa scéim thithíochta agus tá sí suite gar d’áiseanna áitiúla Bhaile Chláir.
Dúirt Comhairleoir Albert Dolan, Cathaoirleach ar Chontae na Gaillimhe “go ndéanfaidh ceannaitheoirí céaduaire agus ceannaitheoirí incháilithe eile nach bhfuil sé d’acmhainn acu teach a cheannach ar an margadh oscailte fáilte a chur roimh na haonaid tithíochta seo. Sa chéad chéim den fhorbairt seo, léirítear na céad tithe inacmhainne atá le soláthar i nGaillimh le 12 bliain agus tacaím féin agus na Comhaltaí Tofa go hiomlán le hobair Stiúrthóireacht Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun stoc tithíochta inacmhainne a mhéadú go suntasach thar na míonna agus blianta amach romhainn.”
Luaigh Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “tá Garraí na Gaoithe sa Phlean Straitéiseach Limistéar Ceannchathartha (PSLC) atá suite laistigh 10km ó chathair na Gaillimhe. Mar gheall ar ghaireacht na forbartha chun áiseanna agus scoileanna áitiúla, tá muid ag súil go mbeidh suim shuntasach sna tithe a chuirfidh fáilte roimh na húinéirí nua in Eanáir.”
Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Sheirbhísí Tithíochta go bhfuil na 17 teach nua ag Garraí na Gaoithe á gcur ar fáil le díol ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi na socrúcháin cheannaigh inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne 2021 agus Rialacháin Tithíochta Inacmhainne Gaolmhara.
“Glacfar le hiarratais trí thairseach iarratais ar líne a bheidh beo ar an 14 Deireadh Fómhair, 2024 ag 10.00am. Féadfar iarratais a dhéanamh idir Deireadh Fómhair 14 agus Samhain 11, 2024,” a luaigh sé freisin.
Idir an dá linn, mheabhraigh an tUas. Owens don phobal go gcuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte roimh an bpobal a bheith páirteach i suirbhé ar líne mar chuid de na hiarrachtaí leibhéal na suime agus suíomhanna roghnaithe le haghaidh tithíochta inacmhainne i gContae na Gaillimhe a mheas.
“Tá an suirbhé ar www.galway.ie/affordablesurvey dírithe orthu siúd a airíonn go bhféadfaidís a bheith incháilithe teach inacmhainne a bheith acu le ceannach nó ar cíos ón Údarás Áitiúil. Déanfar leis an aiseolas a bhailítear ón suirbhé 5-nóiméad eolas do sholáthar ár dTithíocht Inacmhainne sa chontae. Áirítear leis an eolas atá á lorg againn líon na ndaoine/dteaghlach a bhfuil spéis acu i dtithíocht inacmhainne, méid an teaghlaigh, an cineál tithíochta/iostais atá ag teastáil, praghsanna tithe a d’fhéadfadh daoine a íoc, agus suíomhanna roghnaithe.”
Beidh tráthnóna eolais ar fhorbairt Gharraí na Gaoithe ar siúl in Óstán Bhaile Chláir ar Dhéardaoin an 3 Deireadh Fómhair ag 7:00pm.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim Gharraí na Gaoithe, lena n-áirítear an Scéim Thosaíochta, an nasc chuig an bhfoirm iarratais agus an cháipéisíocht tacaíochta riachtanach ar fáil agwww.galway.ie/affordable.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte