Buaiteoirí an Chomórtais Phóstaeir in Aghaidh an Bhruscair fógartha in Áras an
Máirt, 24 MFómh 2024 09:49:00 BST
Chruinnigh daoine óga ó gach cearn de Chontae na Gaillimhe le chéile in Áras an Chontae d’fhógairt bhuaiteoirí Chomórtas Phóstaer in aghaidh an Bhruscair bhliantúil Chomhairle Chontae na Gaillimhe.Toisc gur fógraíodh buaiteoirí meánscoile an chomórtais níos luaithe i mbliana, deis na bunscoile agus na n-iarrthóirí ar leith a bhí ann a gcuid póstaer a léiriú.
Fuarthas beagnach 1,000 iontráil sa chomórtas, a leag béim ar théamaí maidir leis an tábhacht a bhaineann le contae saor ó bhruscar a chruthú agus a choinneáil, conas mar a mhilleann bruscar áilleacht an tírdhreacha, freagracht an phobail gan aon bhruscar a chaitheamh, conas boscaí poiblí bruscair a úsáid i gceart, agus an tábhacht a bhaineann le gach aon lorg a fhágáil trí dhramhaíl a thabhairt abhaile leat.
Ba í Ava Belton, dalta rang a 3 i Scoil Náisiúnta Chill Tartan buaiteoir chatagóir ‘Bunscoileanna’ an chomórtais, agus ba í Claudia Coyle ó Bhaile an Doirín a ghnóthaigh an catagóir ‘Duine Aonair’.
Dúirt an Comhairleoir Ollie Turner, Leas Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Léiríonn buaiteoirí an chomórtais tallanna na gcéadta duine a chuir isteach air. Bhí sé an-deacair ar na moltóirí na hiontrálacha is fearr a roghnú mar gheall ar an gcaighdeán ard, toisc gur chruthaigh gach iarrthóir a shaothar ealaíne pearsanta féin, a léiríonn an meon atá aige i leith bruscar a chaitheamh.”
Luaigh Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Tá an Comórtas Póstaeir mar chuid dár gclár leanúnach Frithbhruscair a spreagann gach duine páirt a ghlacadh san fheachtas go mbeadh ár gContae Saor Ó Bhruscar, toisc gur freagracht gach duine atá ann, Gaillimh a choinneáil glan. Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an ról tábhachtach atá á imirt ag scoileanna agus ag daoine aonair maidir leis an bhfeasacht chomhshaoil a chur chun cinn, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlacann páirt inár dtograí comhshaoil uilig.”
Chuir Jacqueline Carroll, Stiúrthóir Seirbhísí don Fhorbairt Tuaithe & Phobail, Lánpháirtíocht agus Comhshaol an méid seo a leanasin iúl, “Thug an comórtas deis iontach do na hiarrthóirí a n-eispéiris foghlama a fhorbairt, trína gcruthaitheacht a léiriú sa teanga agus san ealaín agus cur lena bhfeasacht agus lena bhfreagracht ar an gcomhshaol.” “Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe thar a bheith sásta leis an bhfreagairt sna Comórtais Phóstaeir in Aghaidh an Bhruscair. Tá sé i gceist againn na comórtais seo a reáchtáil in 2025 arís agus leanúint lenár n-iarrachtaí go mbeadh Gaillimh Saor ó Bhruscar,” a chuir Uas. Carroll leis.
Buaiteoirí an Chomórtais Phóstaeir in Aghaidh an Bhruscair:
Buaiteoir Foriomlán sa chatagóir ‘Bunscoileanna’: Ava Belton, Rang a 3 i Scoil Náisiúnta Chill Tartan.
Naíonáin Shóisearacha: (1) Oliver Green, SN an Charnáin; (2) Oisín Lucas, SN Bhaile an Doirín; (3) Aoife Ní Fhátharta, SN Inis Meáin; (Ardmholadh tugtha - AM) Leia Barry, SN an Chloiginn
Naíonáin Shinsearacha: (1) Hugh Gavin, SN an Chladaigh Dhuibh; (2) Leila da Silva, SN na Cathrach Gile; (3) Éanna Ó Fátharta, SN Inis Meáin; (AM) Conall Ó Mainín (Scoil Éinne an Spidéal)
Rang a 1: (1) Mya O’Sullivan Bourke, SN Chill Tiarnáin; (2) Leighton Ward, SN Chill Tiarnáin; (3) Liam Melia, SN Chaladh na Muc; (AM) Rang a hAon SN Ainbhthin Naofa, Ros Cathail.
Rang a 2: (1) Leah Ní Fhóighil, Scoil Éinne Spidéal; (2)Jack Connolly, SN Chill Tiarnáin; (3) Ava Tuohy, SN Loch Cútra; (AM) Tori Kilkenny, SN Chill Tormóir.
Rang a 3: (1) Thomas Heffernan, SN Chill Tiarnáin; (2) Eleanor Marascal, SN Inis Meáin; (3) Zoe Brannelly SN Mhuine Mheá; (AM) Sophie Ní Cheallaigh, SN Aird Mhóir
Rang a 4: (1) Lauren Cloonan, Scoil Mhuire, Órán Mór; (2) Kate O’Sullivan, Scoil Mhuire Órán Mór; (3) Elsa Flood, Scoil Mhuire Mhaigh Cuilinn; (AM) Aoife Mannion, Glinsce; Oran Gillespie, SN Chreachmhaoile; Sophia Morgan, SN Chill Tulach; Sophie O’Grady, SN Pholl na bhFia Thiar; Nicole Barrett, SN Bhaile Mhic an Bhaird.
Rang a 5: (1) Sophie Cosgrave, SN Chromghlinne; (2) Sinéad Ní Mhaoláin, SN Thír an Fhia; (3) Aishling Forde, SN Chill Tartan; (AM) Ryan Walsh, SN Chluain Bheirn; Aoibhín McDermott, SN Mheáraí.
Rang a 6: (1) Ellie Walsh, SN an Chladaigh Dhuibh; (2) Shauna Belton, SN Chill Tartan; (3) Jimmy Ó Maolalaidh, SN Thír an Fhia; (AM) Darragh O’Halloran, SN Chaladh na Muc; (AM) Caoimhe Early, SN Bhaile Conaola.
Buaiteoir Foriomlán sa chatagóir ‘Duine Aonair’: Claudia Coyle, Baile an Doirín.
Duine Aonair 6 & faoina bhun sin: 1 Laura Walsh; 2 Ailbhe Little; 3 Lisa Conneely.
Duine Aonair 8 & faoina bhun sin: 1 Finn Bennett; 2 Tom Sammon; 3 Rory Sammon AM Chloe Beirne, Ava Walsh.
Duine Aonair 10 & faoina bhun sin: 1 Darragh Wang; 2 Isabelle Barrett; 3 Niall Keane.
Duine Aonair 12 & faoina bhun sin: 1 Karen O’Malley; 2 Jamie Ward; 3 Ellen Keane.
13 bliana go 18 mbliana: 1 Mariia Novikova; 2 Erin Godswill; 3 Ógtheagmháil Thuama.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte