Déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe ceiliúradh ar an nGradam Dea-Chleachtais
Aoine, 20 MFómh 2024 09:51:00 BST
Aithníodh Rannóg Comhshaoil Chomhairle Chontae na Gaillimhe i gComórtas Dea-Chleachtais An Taisce toisc gur reáchtáil sí imeacht pobalbhunaithe cois cladaigh ar an Trá Mhór in Indreabhán.
Bhí an imeacht dátheangach mar chuid de chlár Sheachtain Oidhreachta na bliana seo caite i nGaillimh, a rinne ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha an Chontae. Bhí Tóraíocht Taisce,Bith-Blitz Cladaigh, Glanadh Suas Bruscair, Dúshlán Dealbhóra Gainimh agus Staidéar Bruscair i gclár an imeachta. Bronnadh an gradam seo sa chatagóir ‘Gníomhaíochtaí Oideachais Chomhshaoil’ den Chomórtas Dea-Chleachtais, ag aithint thiomantas an Údaráis Áitiúil don fheasacht chomhshaoil, an bhithéagsúlacht agus an t-oideachas a chur chun cinn.
Dúirt an Comhairleoir Albert Dolan, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Ba dheis iontach é an tImeacht Cladaigh chun foghlaim faoi bhithéagsúlacht ár gcladaigh, faoin tábhacht a bhaineann lenár dtránna a choinneáil glan agus néata, agus faoin gcomhshaol nádúrtha sárluachmhar is féidir a fháil ar an trá.” Ba thaithí speisialta í do gach duine a ghlac páirt mar gheall ar an gcur chuige teagmhálach.”
Chuir Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe in iúl go raibh áthas air faoin éacht, ag rá, “Is léiriú é an gradam seo ar obair chrua agus ar dhíograis na foirne inár Rannóg Comhshaoil. Tá tionchar mór á imirt ag a gcur chuige nuálach i leith an oideachais chomhshaoil ar phobail na Gaillimhe, agus táimid thar a bheith bródúil as an méid a bhain siad amach.”
“Ba thogra den chéad scoth é an tImeacht Cladaigh ag an Trá Mhór, ag spreagadh an phobail agus ag cothú tuiscint níos doimhne ar ár dtimpeallacht nádúrtha. Leagann an t-aitheantas seo ón Taisce béim ar ár n-iarrachtaí agus spreagann sé muid leanúint lenár gcuid oibre san oideachas comhshaoil,” a dúirt an tUasal Conneally freisin.
Dar le Jacqueline O’Carroll, Stiúrthóir Seirbhísí na Rannóige Comhshaoil i gComhairle Chontae na Gaillimhe, “Bhí ról lárnach ag an Imeacht Cladaigh ar an Trá Mhór maidir leis an bpobal a chur ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann lenár n-éiceachórais cois cósta a chaomhnú. Trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha agus seisiúin fhaisnéiseacha, fuair na rannpháirtithe léargas luachmhar ar bhithéagsúlacht shaibhir an chladaigh agus ar an ngá é a chosaint.
“Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta i gcónaí don inbhuanaitheacht agus oideachas comhshaoil a chur chun cinn, agus beidh an gradam seo ina spreagadh dúinn chun tuilleadh feabhais a chur ar a dtograí,” a dúirt an tUasal Carroll mar fhocal scoir.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte