Suirbhé ar líne chun spéis i dtithíocht inacmhainne i gContae na Gaillimhe
Céad, 04 MFómh 2024 11:44:00 BST
Suirbhé ar líne chun spéis i dtithíocht inacmhainne i gContae na Gaillimhe a shainaithint
Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe fáilte roimh an bpobal páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne mar chuid dá hiarrachtaí chun an leibhéal spéise i dtithe inacmhainne i gContae na Gaillimhe, chomh maith leis na suíomhanna is fearr le haghaidh na dtithe sin, a fháil amach.
Is é an cuspóir atá le scéim tithíochta inacmhainne ná tithe a sholáthar ar phraghas laghdaithe d’iarratasóirí incháilithe, lena n-áirítear Ceannaitheoirí Céaduaire agus Ceannaitheoirí Tús Úr, i gceantair ina bhfuil éileamh sainaitheanta ar thithíocht agus srian inacmhainneachta.
Dúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe go gcuirfidh an suirbhé bonn eolais faoina cuid oibre leanúnaí chun tithíocht inacmhainne a fhorbairt ar fud an Chontae, de réir ‘Plean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta do Chách 2022-2026’.
Dúirt an Comhairleoir Albert Dolan, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Cuireann scéimeanna tithíochta inacmhainne tithe ar fáil ar phraghas laghdaithe d’iarratasóirí incháilithe, mar sin táim ag achainí ar dhaoine a bhraitheann go bhféadfaidís a bheith i dteideal teach inacmhainne a fháil nó a fháil ar cíos ón Údarás Áitiúil chun an suirbhé gairid a chomhlánú. Is chéim thábhachtach tosaigh é chun scéimeanna tithíochta inacmhainne a sholáthar sa chontae.”
Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Beidh an t‑aiseolas a bhailítear ón suirbhé seo, a thógann níos lú ná 5 nóiméad le comhlíonadh, mar bhonn eolais dár seachadadh Tithíochta Inacmhainne sa chontae. Áirítear leis an eolas atá á lorg againn líon na ndaoine/dteaghlach a bhfuil spéis acu i dtithíocht inacmhainne, méid an teaghlaigh, an cineál tithíochta/iostais atá ag teastáil, praghsanna tithe a d’fhéadfadh daoine a íoc, agus suíomhanna roghnaithe.”
“Úsáidfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an fhaisnéis a bhaileofar chun eolas a thabhairt d’fhorbairt spriocdhírithe ar scéimeanna Tithíochta Inacmhainne sa todhchaí i gContae na Gaillimhe, ar chainéil mheáin an Údaráis Áitiúil de réir mar a fhorbrófar iad,” a dúirt an tUasal Owens.
Féach agus comhlánaigh an suirbhé ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag www.galway.ie/affordablesurvey. Fanfaidh an suirbhé ar oscailt d’aighneachtaí ar feadh 4 seachtaine.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte