Déanann Indreabhán comóradh ar Sheachtain na hOidhreachta le himeacht cladaigh
Céad, 14 Lún 2024 15:20:00 BST
Déanann Indreabhán comóradh ar Sheachtain na hOidhreachta le himeacht cladaigh ag an Trá Mhór
Tá cuireadh á thabhairt do phobal áitiúil Indreabháin i gContae na Gaillimhe chun páirt a ghlacadh i mBith-Blitz Cladaigh, Tóraíocht Taisce, agus Glanadh Bruscair Trá ar an Trá Mhór Dé Luain seo chugainn an 19 Lúnasa.
Tá an t-imeacht dátheangach á eagrú ag Rannóg Comhshaoil Chomhairle Chontae na Gaillimhe mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, ina ndéantar ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha, thógtha, agus nádúrtha na hÉireann lena n-áirítear na tránna iomadúla i gContae na Gaillimhe.
Dúirt an Comhairleoir Albert Dolan, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, “Beidh sé iontach daoine de gach aois a fheiceáil agus iad páirteach san Imeacht cladaigh. Tá an tacaíocht a fuair Contae na Gaillimhe ó Nóirín Burke agus Tara Noonan, Galway Atlantaquaria, Uisceadán Náisiúnta na hÉireann ríthábhachtach dúinn agus an t-imeacht seo á eagrú againn.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Táimid ag iarraidh ár dtránna gan mhilleadh i gContae na Gaillimhe a chur chun cinn agus feasacht a chruthú ar an mbithéagsúlacht ar ár gcladaigh, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann lenár dtránna a choinneáil glan agus néata, agus an comhshaol nádúrtha sárluachmhar is féidir a fháil ar an trá.”
Deir Jacqueline O’Carroll, Stiúrthóir Seirbhísí don Rannóg Comhshaoil i gComhairle Chontae na Gaillimhe, “Tá córais trá agus duimhche sláintiúla tábhachtach do roinnt mhaith orgánach, lena n-áirítear éin agus rónta neamhchoitianta agus atá i mbaol. Má choinnítear tránna cothaithe, beidh limistéir thábhachtacha gnáthóg fiadhúlra le fáil iontu atá curtha i mbaol le creimeadh, bruscar agus athrú aeráide. Is gá go mbeadh ár ndaoine óga ar an eolas faoi na tosca sin agus rannchuidíonn imeachtaí cosúil leis seo sa mhéid sin”.
Beidh an Bith-Blitz Cladaigh, Tóraíocht Taisce, agus Glanadh Bruscair Trá ar an Trá Mhór ar siúl idir 11.00 r.n. agus 1.00 i.n. Dé Luain seo chugainn (19 Lúnasa). Féach ar www.heritageweek.ie le tuilleadh faisnéise a fháil.
Le tuilleadh faisnéise a fháil déan teagmháil le:
Maria Flynn
Oifigeach Riaracháin
An Rannóg Comhshaoil
Ríomhphost: mflynn@galwaycoco.ie
Teil: 087 923 4911
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte