13 Ghradam an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais do Chontae na Gaillimhe
Déar, 23 Beal 2024 09:11:00 BST
Baineann Trá Thráchta stádas an Bhrait Ghoirm amach arís.
Bronnadh Gradam clúiteach an Bhrait Ghoirm ar sheacht dtrá i gContae na Gaillimhe, agus fuair sé thrá eile Gradam an Chósta Ghlais le haghaidh 2024, gradam a mbíonn an-tóir air i gcónaí.
Ag searmanas bronnta náisiúnta a reáchtáladh in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá inniu (Dé Luain, 20 Bealtaine 2024), bhronn an Taisce Brait Ghorma aran bPointe Fada, Loch Riabhach, Baile Locha Riach, ar láthair shnámha Phort Omna, ar Thrá Inis Oírr, ar Thrá an Dóilín ar an gCeathrú Rua, ar an Trá Mhór in Indreabhán agus ar Thrá Chill Mhuirbhigh in Inis Mór. Cuireadh borradh faoin bpobal áitiúil agus faoi earnáil na turasóireachta i gCinn Mhara nuair a bronnadh stádas an Bhrait Ghoirm ar Trá Thráchta arís, tar éis dó é a chailleadh in 2022.
Bronntar Brait Ghorma ar láithreacha snámha a bhfuil ardchaighdeán cáilíochta uisce agus áiseanna éagsúla acu, gardaí tarrthála agus áiseanna leithris ina measc.
Bhain sé áit Gradam an Chósta Ghlais amach, a thugann aitheantas do láithreacha snámha a bhfuil ardcháilíocht uisce acu chomh maith le timpeallachtaí cosanta ardchaighdeáin i suíomhanna áille nach bhfuil loite. Is iad na suíomhanna sin Trá Inis Oírr agus Trá Pholl na gCaorach ar Inis Oírr, an Ceann Thoir agus Dumhach ar Inis Bó Finne, an Aill Bhreac, Baile Conaola agus Trá Rinn Mhaoile (Crois na Tulaí).
“Tá clú agus cáil ar thránna Chontae na Gaillimhe as a dtimpeallacht ghlan, cáilíocht iontach an uisce agus an áilleacht nádúrtha, agus tá áthas orainn go bhfuil Gradaim an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais, a mbíonn an-tóir orthu, bainte amach ag an oireadh acu arís,” arsa an Comhairleoir Liam Carroll, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe. Dúirt sé freisin, “Léiriú ar obair chrua agus ar thiomantas gach duine a ghlanann ár dtránna is ea na gradaim seo. Tá an-áthas orm a fheiceáil gur bhain Trá Thráchta a Brat Gorm amach arís, éacht a gcuirfidh an pobal áitiúil an-fháilte roimhe.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Cuireann na gradaim seo in iúl dár saoránaigh agus do dhaoine ar fud an domhain go bhfuil Contae na Gaillimhe réidh chun fáilte a chur roimh chuairteoirí, agus go bhfuil ár dtránna glan, bainistithe go maith, agus sábháilte chun taitneamh a bhaint astu. Táimid faoi chomaoin mhór ag an bhfoireann in Oifigí an Cheantair, Maoir an Phobail, agus na hoibrithe deonacha go léir agus grúpaí glanta na dtránna as a gcuid oibre crua uilig agus as a dtiomantas, agus iad ag cinntiú go gcoinnítear ár gcósta glan.”
Dúirt Eileen Ruane, Stiúrthóir Seirbhísí, an Rannóg Comhshaoil, “Ba cheart an t-aitheantas cuí a thabhairt do chomhiarrachtaí fhoireann Chomhairle Chontae na Gaillimhe, na n-oibrithe deonacha, mhuintir na háite agus na ngnólachtaí as na gradaim seo a bhaint amach, iad siúd a bhí ag obair gan stad gan staonadh chun ár dtránna is ansa le cách agus is mó a bhfuil tóir orthu a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú. Is féidir le cuairteoirí ar thrá a bhfuil Brat Gorm ar crochadh ann a bheith cinnte gur trá glan, sábháilte é, agus go gcomhlíonann sé na caighdeáin chomhshaoil is airde, chomh maith le caighdeáin cháilíochta idirnáisiúnta an uisce snámha agus is féidir le cuairteoirí ar thrá a bhfuil Brat Glas ar crochadh ann a bheith cinnte go bhfuil an t-uisce ar ardchaighdeán.”
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le Maria Flynn, Oifigeach Riaracháin, an Rannóg Comhshaoil ag mflynn@galwaycoco.ie nó 087-923 4911
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte