Athrú ar an Scéim Leithdháilte Tithíochta chun leasa do phobail Ghaeltacht
Aoine, 26 Aib 2024 14:58:00 BST
Tá leasú tugtha isteach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar a Scéim Leithdháilte Tithíochta atá dírithe ar dhul i ngleic le laghdú daonra agus an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a neartú i gcodanna den Ghaeltacht is mó in Éirinn.
Éascóidh an leasú do thionóntaí de chuid na n-údarás áitiúil, arb as Gaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas dóibh agus a bhfuil glactha acu le tionóntacht taobh amuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh ar aistriú chun cabhrú leo filleadh chun cónaí sa Ghaeltacht.
Tar éis do CBS Tithíochta an Údaráis Áitiúil é a cheadú agus tar éis ceadú d'aon toil a fháil ó Chomhaltaí Tofa ag Cruinniú Míosúil mhí Aibreáin de Chomhairle Chontae na Gaillimhe inniu, cuirfear an beartas aistrithe leasaithe i bhfeidhm i mí Bealtaine 2024 faoi réir cheadú an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD.
Agus é ag cur fáilte roimh an athrú, dúirt an Comhairleoir Liam Carroll, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, "Cuideoidh an leasú le tacú le pobail inbhuanaithe i nGaeltacht na Gaillimhe agus beidh sé ina chúnamh freisin chun an Ghaeilge a chur chun cinn tuilleadh mar theanga bheo."
Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Seirbhísí, Tithíochta & Freagra na hÚcráine, "Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe eolach go bhfuil an Ghaeltacht is mó agus is mó daonra sa tír sa chontae, rud atá thar a bheith tábhachtach. Mar sin, caithfear machnamh cúramach a dhéanamh chun a chinntiú go gcaomhnaítear agus go gcuirtear chun cinn é ag gach deis, rud a chinnteoidh fás agus beocht fhadtéarmach na Gaeltachta."
Lean sé air, "Aithníonn an Chomhairle freisin go bhfuil an Ghaeilge níos láidre i bpobail áirithe ná i bpobail eile. Meastar go gcabhróidh an leasú seo agus an cur chuige nua seo tuilleadh le dul i ngleic le laghdú daonra i gceantair áirithe sa Ghaeltacht agus ag an am céanna ag cinntiú daingniú agus neartú na Gaeilge agus chultúr na Gaeltachta."
Soláthraíonn an Scéim Leithdháilte Tithíochta do Chomhairle Chontae na Gaillimhe taifead a choinneáil de theaghlaigh a rinne iarratas ar aistriú chuig áit chónaithe eile. Is éard atá sa taifead ná liosta aistrithe de thionóntaí atá ann cheana féin, lena n-áirítear tionóntaí le áit chónaithe ar léas, tionóntaí áit chónaithe a cuireadh ar fáil faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC), agus teaghlaigh cháilithe a bhain leas as an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, (HAP) ar mian leo bogadh go háit chónaithe eile.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte