Plean Gníomhaíochta glactha ag an gComhairle le dul i ngleic leis an ráta folúnt
Luan, 22 Aib 2024 16:32:00 BST
Plean Gníomhaíochta glactha ag an gComhairle le dul i ngleic leis an ráta folúntais i gContae na Gaillimhe
Tá plean 5 bliana ón Údarás Áitiúil ceadaithe ag Baill Thofa Chomhairle Chontae na Gaillimhe le dul i ngleic le rátaí folúntais agus chun soláthar tithíochta nua a mhéadú.
Cuimsítear seacht bpríomhchuspóir leis an bPlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha 2024-2029 lena n-áirítear réadmhaoin faoi úinéireacht phríobháideach atá folamh nó a bhfuil tearcúsáid á baint aisti a chur in úsáid arís agus seilbh a fháil ar láithreáin thréigthe agus athfhorbraíochta agus iad a athchóiriú mar aonaid chónaithe ar mhaithe leis an éileamh tithíochta i bpríomhbhailte an Chontae a chomhlíonadh.
Ag 6.0%, bhí an ráta folúntais cónaithe sa dara contae is mó in Éirinn ar an tríú ceann is airde sa tír i mí an Mheithimh 2023, i gcomparáid leis an meánráta náisiúnta 3.9%.
“Tá éileamh ard ar thithíocht i gContae na Gaillimhe ar fud na dtionachtaí uile, rud a dhéantar níos measa le daonra atá ag fás agus le ceisteanna níos leithne maidir le hinacmhainneacht réadmhaoine le fáil ar cíos nó le ceannach agus an fháil atá orthu,” a dúirt an Comh. Liam Carroll, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Lean sé leis, “Tacaíonn na Baill Thofa go hiomlán leis an gcáipéis straitéise ardleibhéil seo i dtaca le aghaidh a thabhairt ar fholúntas agus tearcúsáid na réadmhaoine cónaithe, rud a mhéadóidh an soláthar tithíochta sa chontae.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe go bhféachann an plean nua ar na cúiseanna a bhaineann le réadmhaoin fholamh, chomh maith leis an gcomhairle agus an tacaíocht atá ar fáil d’úinéirí réadmhaoine foilmhe, agus an chaoi a mbaineann Comhairle Chontae na Gaillimhe úsáid as an réimse scéimeanna agus tacaíochtaí atá ar fáil chun tacú le húinéirí réadmhaoine foilmhe agus le húinéirí ionchasacha réadmhaoine foilmhe chun an réadmhaoin a thabhairt ar ais in úsáid.
Dúirt sé freisin, “Tá sé mar aidhm ag an bplean gníomhaíochta seo cur chuige spriocdhírithe a chur ar fáil i dtaca le haonaid tithíochta folmha a shainaithint ar mhaithe leo a thabhairt ar ais in úsáid mar thithíocht phríobháideach agus shóisialta araon. Tá sé mar sprioc ag an bplean freisin forbairt lár na mbailte agus na sráidbhailte a chur chun cinn, rud a chabhraíonn le réadmhaoin thréigthe agus fholamh a laghdú.”
Tá gealltanas tugtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe sraith gníomhartha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm le linn shaolré an phlean lena n-áirítear bunachar sonraí um réadmhaoin fholamh a bhunú agus a chaomhnú, an Scéim Rogha Tithíochta (SRT) a chur i bhfeidhm arís ar mhaithe le tithe in áiteanna ina mbíonn sé deacair tithe a ligean ar cíos, agus ceannach éigeantach foirgneamh faoin Acht um Láithreáin Thréigthe agus diúscairt tithe sóisialta atá tréigthe agus nach bhfuil inmharthana a thuilleadh le gur féidir iad a chur in úsáid arís mar thithíocht phríobháideach nó shóisialta.
I measc na ngníomhartha eile tá oibriú le húinéirí réadmhaoine foilmhe a sainaithníodh i Suirbhé um Thithe Folmha a chuir an tÚdarás Áitiúil i gcrích in 2023 d’fhonn réadmhaoin fholamh a chur in úsáid arís, an ráta folúntais in eastáit tithíochta neamhchríochnaithe a laghdú, agus rannpháirtíocht sna Deontais Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh (an Scéim Croí Cónaithe) a mhéadú, scéim lena mealladh 364 iarratas suas go dtí deireadh an chéad ráithe de 2024.
Tá Oifigeach Tithe Folmha lánaimseartha ceaptha ag an Údarás Áitiúil freisin le cur i bhfeidhm an phlean nua a chomhordú. Cuimsítear lena ról sonraí maidir le folúntais a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar an scéal chomh maith le rannpháirtíocht i dtionscnaimh, scéimeanna agus cláir mhaoinithe éagsúla a mhéadú laistigh den phobal áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar fholúntais agus chun réadmhaoin fholamh a thabhairt ar ais in úsáid chónaithe.
Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Seirbhísí, Tithíochta agus Fhreagairt na hÚcráine, go mbíonn tionchar ag líon na n-iarrthóirí (3300) ar an liosta tithíochta sóisialta de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ag an méadú ar iarratais ar thacaíocht tithíochta atá á bhfáil ag an Údarás Áitiúil, ag margadh cíosa ar mó an t-éileamh ná an soláthar, agus ag daoine agus teaghlaigh a fhanann i gcóiríocht chíosa nó i gcóiríocht phríobháideach nach bhfuil oiriúnach dá riachtanais ar an nganntanas tithíochta sa chontae.
“Tá an soláthar tithíochta dóibh siúd nach féidir teach a fháil ar a gconlán féin mar phríomhthosaíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe ach is dúshlán ollmhór dúinn é,” a dúirt sé freisin. “Is é an aidhm ná go mbeidh sé de chumas ag gach teaghlach a dteastaíonn amhlaidh rochtain a fháil ar theach inacmhainne ar ardchaighdeán atá oiriúnach dá riachtanais agus atá i dtimpeallacht shlán. Trí thithe folmha a thabhairt ar ais in úsáid, cabhrófar linn i dtreo an chuspóra seo a bhaint amach.”
Dhearbhaigh an tUasal Owens go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe i mbun comhairle leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun sprioc bhliantúil a leagan síos maidir le líon na réadmhaoine foilmhe atá le cur i ngníomh le linn shaolré an phlean nua.
“Cuimseofar leis an sprioc seo líon na réadmhaoine foilmhe atá le bheith faoi réir Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ), más gá, lena gcur ar ais in úsáid. Meastar gur cúpla céad in aghaidh na bliana a bheidh mar sprioc i dtaca le líon na reádmhaoine foilmhe a chuirfear i ngníomh,” a dúirt sé.
Arna ullmhú ag an Rannóg Tithíochta de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi choimirce Chonair 4 den chlár Tithíocht do Chách de chuid an Rialtais, bhí ionchur sa Phlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha 2024-2029 ó na ranna Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta agus Forbartha Tuaithe agus Pobail de chuid an Údaráis Áitiúil maidir le réadmhaoin fholamh a chur i ngníomh sa Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte chomh maith leis na príomhchritéir sa Chiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (CAFU) agus sa Chiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe (CAFT) chomh maith leis an bPolasaí Lár Bailte ar dTús.
Pictiúr glactha tar éis an Phlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha 2024-2029 (clé go deis): Cllr. Joe Byrne, Chair of Housing SPC, Cllr. Liam Carroll, Cathaoirleach, Michelle Connellan, Vacant Homes Officer, Carmel Kilcoyne, Senior Executive Officer, Liam Conneally, Chief Executive, Michael Owens, Director of Services.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte