Gradaim an Chathaoirligh agus Ceolchoirm Mhór an Chathaoirligh 2024
Máirt, 16 Aib 2024 15:33:00 BST
Gradaim an Chathaoirligh agus Ceolchoirm Mhór an Chathaoirligh 2024
Beidh Gradaim an Chathaoirligh agus Ceolchoirm Mór(Gala Ball) an Chathaoirligh 2024 ar siúl in Óstán an Clayton Déardaoin 16 Bealtaine ag 6.30i.n.
Ceannaigh do thicéad ar Eventbrite ag https://www.eventbrite.ie/e/cathaoirleachs-charity-ball-tickets-884727181817?aff=oddtdtcreator.
D'ainmnigh Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe ACT for Meningitis agus i4Life mar charthanachtaí áitiúila a bheidh mar thairbhithe ón gceolchoirm mór (Gala Ball) na bliana seo.
Is carthanas náisiúnta tacaíochta agus feasachta é ACT for Meningitis atá lonnaithe i nGaillimh a oibríonn chun beatha daoine a shábháil trí fheasacht níos fearr ar ghalair, agus ag an am céanna ag cur seirbhísí tacaíochta saor in aisce ar fáil ar fud na hÉireann d'aon duine a ndeachaigh meiningíteas i bhfeidhm orthu. Bhunaigh Siobhan agus Noel Carroll é in 2011 tar éis gur cailleadh a n-iníon Aoibhe, ceithre bliana d'aois, tá feasacht meiningíteas méadaithe ag ACT for Meningitis agus chuidigh sé le go leor daoine a shábháil sa phróiseas.
Bhunaigh grúpa gairmithe sláinte deonacha ó Iarthar na hÉireann i4Life atá lonnaithe in Áth Cinn agus tháinig siad le chéile in 2009 chun a gcuid saineolais a chur ar fáil le béim ar leith ar shláinte leanaí do dhaoine faoi bhun 5 bliana d'aois i bpobail imeallaithe ar fud na Saimbia agus i dtíortha íseal acmhainne eile. Ó shin i leith, tá i4Life tar éis fás go mór i méid agus teacht chun cúram sláinte príomhúil agus tacaíocht chothaitheach a thairiscint. Ó 2009 i leith, tá os cionn 210 gairmí sláinte tar éis a gcuid saineolais a thairiscint do thionscadail sa tSaimbia, in Uganda, sa Libéir agus le Dídeanaithe sa Ghréig.
Chomh maith leis sin, fógrófar buaiteoirí Ghradaim an Chathaoirligh, comhfhiontar idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (PPN).
Tugann an scéim dámhachtainí aitheantas oifigiúil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí a raibh tionchar suntasach acu ar chaighdeán na beatha i bpobail ar fud Chontae na Gaillimhe.
Bronnfar duais lámhdhéanta, teastas agus duais airgid €500 ar bhuaiteoirí na gcatagóirí i dtreo a gcuid oibre.
Bronnfar Gradaim Aitheantais Speisialta Iarbháis ar theaghlaigh Shaoirse Ruane, nach maireann, as Cill Tulach agus Martin Horgan as Órán Mór.
Cuirfear tús le Ceolchoirm mhór (Gala Ball) an Chathaoirligh agus Gradaim an Chathaoirligh ag 6.30pm Déardaoin 16 Bealtaine in Óstán an Clayton.
Is é Ollie Turner a bheidh ag déanamh fear an tí chomh maith le haíonna speisialta a bheidh le feiceáil ar an tráthnóna Ceol leis na Lewd Tunes.
Tá praghas €80 ar thicéid agus tá siad ar fáil ó Eventbrite, agus rachaidh na fáltais go léir chuig ACT for Meningitis agus i4Life.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte