Fógra Toghcháin 2024
Céad, 10 Aib 2024 12:17:00 BST
FÓGRA TOGHCHÁIN
Údarás Áitiúil: Comhairle Chontae na Gaillimhe
Táthar ar tí toghchán a reáchtáil chun comhaltaí do gach aon cheann de thoghlimistéir áitiúla a thoghadh don údarás áitiúil atá luaite thuas.
Is féidir páipéir ainmniúcháin a fháil ón seoladh thíos le linn gnáthuaire oifige.
Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir i dtoghchán nó féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir rialtais aitiúil i limistéar an údaráis áitiúil a bhfuil sé beartaithe ag an duine an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é nó í a ainmniú, lena thoiliú nó lena toiliú i scríbhinn.
Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le páipéar ainmniúcháin ó iarrthóir páirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear é a thabhairt ar aird domsa lena fhoirm/lena foirm ainmniúcháin chomhlánaithe.
Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh –
- cúig aontú dhéag leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh cláraithe sa toghlimistéar áitiúil ábhartha (tá na foirmeacha ar fáil uaimse nó ón údarás cláraithe), nó
- éarlais de €100 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin).
Is é 12 meánlae an 18ú lá de mhí na Bealtaine, 2024 an t-am is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Is féidir leis an iarrthóir nó lena mholtóir/a moltóir páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe a sheachadadh chugam i bpearsa tráth ar bith a bhím i m’oifig, ó 10am an 11ú lá de mhí na Bealtaine, 2024 go 12 meánlae ar an lá is déanaí le hainmniúcháin a ghlacadh.
Tá ceangal orm faoin dlí a bheith i láthair le glacadh le hainmniúcháin idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm an17ú lá de mhí na Bealtaine, 2024 agus idir 10am agus 12 meán lae an 18ú lá de mhí na Bealtaine, 2024.
Má bhíonn toghachán comhraic ann, reáchtálfar vótaíocht an 7ú lá de mhí an Mheithimh, idir 7am agus 10pm.
Sínithe: Michael Owens, An Ceann Comhairimh
Seoladh: Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX
Dáta: 11ú Aibreán 2024
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte