Arduithe tithíochta do Bhaile Locha Riach agus Tuaim
Máirt, 19 Márta 2024 09:51:00 GMT
Tá pleananna fógartha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe breis agus 65 teach nua a sholáthar ar thalamh atá faoi úinéireacht an údaráis áitiúil i mBaile Locha Riach agus i dTuaim.
Tar éis don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maoiniú a fhaomhadh faoin gClár Infheistíochta i dTithíocht Shóisialta, tá conarthaí seirbhísí comhairleoireachta deartha bronnta ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Vincent Hannon Architects (VHA).
Déanfar an dhá fhorbairt tithíochta nua a sheachadadh ar athfhorbraíochta ar an tSráid Ard i dTuaim agus ar láithreán úrnua 3.3 heicteár ag Cosmona, Baile Locha Riach.
Dúirt Comhairle Contae na Gaillimhe go bhfuil sé i gceist acu iarratais phleanála a chur isteach do na tionscadail tithíochta an samhradh seo agus tairiscintí tógála a fhógairt roimh dheireadh na bliana 2024.
D’fháiltigh an Comhlr. Liam Carroll, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe roimh shíniú na gconarthaí agus mhol sé forbairt na dtionscadal nua ar láithreáin faoi úinéireacht údaráis áitiúil.
“Fáiltím go mór roimh an infheistíocht leanúnach atá á ndéanamh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ina stoc tithíochta tar éis síniú na conarthaí tógála an tseachtain seo caite le d’fhorbairtí tithíochta in Ard Raithin agus Béal Átha na Sluaighe. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'fhoireann Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe as an mbainistíocht a ndearna siad ar an dá thionscadal tithíochta nua seo”, arsa an Comhairleoir.
Dhúirt Liam Connelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil raon leathan tionscadal tithíochta á gcur chun cinn ag an Údarás Áitiúil agus ag cur tithe a bhfuil géarghá leo ar fáil do dhaoine i mbailte agus i sráidbhailte tuaithe ar fud Chontae na Gaillimhe.
Dhúirt sé “Le tacaíocht leanúnach an rialtais, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do bheith chun tosaigh maidir le dul i ngleic le heasnaimh chóiríochta ar fud an chontae trí thithe ar ardchaighdeán a sholáthar a chuireann le beogacht na bpobal ina bhfuil siad lonnaithe.
Dhúirt Michael Owens, Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Freagra na hÚcráine, “Soláthróidh an plean do níos mó ná 65 aonad tithíochta nua i mBaile Locha Riach agus i dTuaim tithe ardchaighdeáin do theaghlaigh agus do dhaoine aonair, agus cabhróidh sé le saol nua a thabhairt do na pobail áitiúla lena mbaineann. Mar is léir ó thionscadail tithíochta eile ar fud an chontae, déanfar na haonaid nua tithíochta i mBaile Locha Riach agus i dTuaim a sheachadadh ar na caighdeáin is airde maidir le dearadh, inrochtaineacht agus inúsáidteacht”.
Tá an fhoireann deartha chomhtháite, faoi cheannas VHA Architects, comhdhéanta de Tobin Consulting Engineers (Sibhialta & Struchtúrtha), Coffey Consulting Engineers (Foirgníochta & Meicniúla & Leictreach), agus Tom McNamara & Partners (Suirbhéirí Cainníochta).
Tosaíonn obair na foirne láithreach agus folaíonn sé seachadadh na ndearthaí tosaigh, ullmhú toilithe pleanála, dearaí mionsonraithe, ullmhú agus meastóireacht ar thairiscintí le haghaidh tógála, lena n-áirítear deimhniú oibreacha agus comhlíonadh na rialachán um rialú foirgníochta.
Appointment of VHA Lead Consultant for High St. Tuam.
Back Row: Cllr. Mary Hoade (Tuam M.D.), Jason Lavelle (Executive Engineer, GCC), Michael Owens (Director of Services, GCC)
Front Row: Brian Fahy (VHA), Cllr Liam Carroll (Cathaoirleach GCC), Liam Conneally (Chief Executive, GCC) and Eithne Murphy (Senior Executive Engineer, GCC) Photo Mike Shaughnessy
Appointment of VHA Lead Consultant for Cosmona Loughrea.
Back Row: Alan Brogan (Executive Engineer GCC) and Michael Owens (Director of Services, GCC)
Front Row: Brian Fahy (VHA), Cllr Liam Carroll (Cathaoirleach GCC), Liam Conneally (Chief Executive, GCC) and Eithne Murphy (Senior Executive Engineer, GCC) Photo Mike Shaughnessy
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte