CLÁRAIGH MAR "SIÚLÓIRÍ GLASA MADRAÍ"
Déar, 21 Iúil 2022 15:33:00 BST
Feachtas in aghaidh Shalachar Madraí 2022 Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Scéim na Siúlóirí Glasa Madraí
Meon daoine a athrú go réamhghníomhach ó thaobh salachar madraí i gCo. na Gaillimhe.
An béim is mó atá le “Scéim na Siúlóirí Glasa Madraí” ná oideachas a chur ar úinéirí madraí agus tionchar a imirt ar a gcuid iompair maidir le salachar madraí is mó atá leis an bhFeachtas leanúnach in aghaidh Shalachar Madraí atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.. Leantar leis an bhfeachtas le béim a chur ar an úinéir/siúlóir madra a bheith freagrach as salachar madraí agus nach mór dóibh glanadh suas i ndiaidh a madra.
Tugtar cuireadh d’úinéirí madraí agus do shiúlóirí madraí i gCo. na Gaillimhe clárú mar “Siúlóirí Glasa Madraí” sa scéim seo.
Is bealach dearfach, réamhghníomhach, neamh-ionsaitheach, lách atá i Scéim na Siúlóirí Glasa Madraí chun an mheoin atá ag daoine i leith salachar madraí i gCo. na Gaillimhe a athrú. Cuireadh an clár i bhfeidhm i roinnt ceantair in Éirinn agus cruthaíodh gur éirigh go hiontach leis. Is éard atá i gceist leis an scéim ná úinéirí madraí agus siúlóirí madraí atá tiomanta do ghlanadh suas i ndiaidh a madra, agus a chur i gcuimhne do shiúlóirí madraí eile glanadh suas i ndiaidh a madraí, ach sin a dhéanamh ar bhealach lách agus gan bheith trodach ná achrannach faoin gceist. Tá bileog eolais faoin scéim agus foirm ghealltanais ar fáil.
Céard atá i gceist nuair a chuireann tú d’ainm síos?
Nuair a chláraíonn tú don scéim, seolfar veist ard-Infheictheachta Shiúlóirí Glasa Madraí, agus dáileoir málaí salachair ‘cnámh madraí’ chomh maith le rolla málaí saor in aisce chugat.
Nuair a chláraíonn tú don scéim, ciallaíonn sé go bhfuil “Gealltanas tugtha Agat” glanadh suas i gcónaí i ndiaidh do mhadra, go mbeidh málaí breise le haghaidh salachar madraí ar iompar agat agus go dtabharfaidh tú mála do dhaoine eile dá madra má iarrann siad ort ceann a fháil uait. Má chaitheann tú an veist Ard-Infheictheachta Shiúlóirí Glasa Madraí, tá tú ag tabhairt le fios gur úinéir madra freagrach thú a ghlacann páirt i scéim na Siúlóirí Glasa Madraí agus a thacaíonn leis an scéim, agus gur teagmhálaí thú do dhaoine eile a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh eolais a fháil faoin scéim.
Molann muid do gach duine tacú leis an bhfeachtas chun é a dhéanamh níos éifeachtaí. Le níos mó rannpháirtíochta, bheadh tionchar mór ann chun dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le salachar madraí in Éirinn. Tá an chuid is mó d’úinéirí madraí an-fhreagrach ach tá cásanna ann ina bhfuil salachar madraí ar na sráideanna agus in áiteanna glasa, agus déanann sé dochar do shláinte gach duine. Cuireann sé isteach go mór ar an bpobal i gcoitinne nuair a fhaightear salachar madraí ar bhróga, ar chathaoireacha rothaí nó ar bhugaithe!
An bhfuil tú ag iarraidh páirt a ghlacadh i scéim na Siúlóirí Glasa Madraí?
Comhlánaigh an Foirm Iarratas agus seol ríomhphost chuig environment@galwaycoco.ie nó íosódáil Siúlóirí Glasa Madraí agus postail chuig
Rannóg Comhshaoil,
Comhairle Chontae na Gaillimhe,
Áras an Chontae, Cnoc na Radharc,
Gaillimh H91H6KX
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte