SEACHTAIN NÁISIÚNTA NA gCRANN 2025
Máirt, 18 Feabh 2025 15:03:00 GMT
Beidh Seachtain Náisiúnta na gCrann 2025 ar siúl i mbliana ón 9ú Márta – 16ú Márta 2025. Tá Comhairle Crann na hÉireann agus Coillte ag dul i mbun comhpháirtíochta arís do Sheachtain Náisiúnta na gCrann agus is é téama na bliana seo "Ag Cur Crainn, Ag Fás Le Chéile”.
I gcomhar le Comhairle Crann na hÉireann agus Coillte, beidh crainn óga ar fáil saor in aisce ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe do ghrúpaí pobail, do scoileanna agus d'eagraíochtaí deonacha eile ina limisteir feidhme. Stoc teoranta a bheidh ann agus tabharfar amach iad de réir mar a iarrfar iad. Déan teagmháil leis an Rannóg Timpeallachta ag 091-509510 nó ag environment@galwaycoco.ie chun ordú a chur isteach.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte