44 teach inacmhainne ar díol i mBaile Chláir
Déar, 30 Ean 2025 15:13:00 GMT
Tá 44 teach inacmhainne á dtógáil i mBaile Chláir agus á gcur ar fáil le díol ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá na tithe seo i measc 61 aonad tithíochta inacmhainne atá á soláthar i bhforbairt Gharraí na Gaoithe atá sa chéad scéim thithíochta lándéanta a bhfuil tithíocht inacmhainne inti i gContae na Gaillimhe faoi bheartas Tithíocht an Rialtais ‘Tithíocht do Chách’.
Tá na haonaid ar cheann de na chéad tithe inacmhainne a forbraíodh i gContae na Gaillimhe ó 2013 i leith freisin.
Glacfar le hiarratais ar na 44 aonad, a chuimsíonn 2 theach le dhá sheomra leapa, 27 teach le trí sheomra leapa agus 15 theach le ceithre sheomra leapa, trí thairseach iarratais ar líne ón Luan 24 Feabhra 2025 ag 10:00am go dtí an spriocdháta Dé Luain 17 Márta 2025 ag 5:00pm. Tabharfar tús áite do gach iarratas ar dtús de réir an dáta agus an ama a gheofar iad.
Beidh oíche eolais ‘buail isteach’ ar an bhforbairt agus ar an bpróiseas iarratais ar siúl san Óstán Bhaile Chláir (Claregalway Hotel) ar an Déardaoin, 13 Feabhra 2025, ó 4:00pm go 8:00pm.
Lonnaithe ar Bhóthar Radharc na Locha, tá naíolann sa scéim thithíochta Gharraí na Gaoithe agus tá sí suite gar d’áiseanna áitiúla Bhaile Chláir.
Dúirt an Comhairleoir Martina Kinane, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe,“Cuirim fáilte is fiche roimh na céimeanna fiúntacha atá á nglacadh ag an Údarás Áitiúil, le tacaíocht ó Chomhaltaí Tofa, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais tithíochta na dteaghlach ar fud Chontae na Gaillimhe. Léiríonn tithe Gharraí na Gaoithe tiomantas Chomhairle Chontae na Gaillimhe d’fhorbairtí inbhuanaithe a thacaíonn le teaghlaigh a chruthú atá suite gar do thaitneamhachtaí áitiúla agus a chabhraíonn le fuinneamh nua a thabhairt isteach sna pobail ina bhfuil siad lonnaithe.”
Dar le Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, “Tharraing an chéad chéim den fhorbairt suim shuntasach nuair a chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe ar díol iad. D’fhreastail níos mó ná 300 duine ar sheisiún faisnéise poiblí agus bhí 116 iarratas ar na 17 dteach a bhí ar fáil sa chéad chéim den tionscadal laistigh den chéad trí lá ó osclaíodh an tairseach gréasáin. Táimid ag súil le suim shuntasach cosúil leis sin sa chéim seo, an dara céim den fhorbairt.”
Thug Michael Owens, Stiúrthóir Tithíochta do Chomhairle Chontae na Gaillimhe cuntas ar an gcaoi a bhfuil an t-éileamh ar thithíocht inacmhainne i gContae na Gaillimhe ag dul i méid, agus go leanfadh sé ag fás.
“Ciallaíonn an méadú ar chostais mhaireachtála go bhfuil praghsanna ró-ard sa mhargadh tithíochta do líon méadaitheach daoine. Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh i gContae na Gaillimhe, áfach,” a mhínigh sé.
Lean an tUasal Owens ar aghaidh, “I mí na Samhna seo caite, cheadaigh Comhaltaí Tofa iasachtaí arbh fhiú €66.5 milliún iad chun tionscadail agus scéimeanna ríthábhachtacha tithíochta a mhaoiniú, rud a chuideoidh ní amháin linn freastal ar riachtanais reatha tithíochta ach a chabhróidh linn chun freastal ar éileamh amach anseo freisin. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ag leanúint ar aghaidh freisin ag dul i dteagmháil le forbróirí réadmhaoine, pleanálaithe agus príomhpháirtithe leasmhara chun deiseanna a iniúchadh chun tionscadail nua tithíochta inacmhainne a sheachadadh ar fud na Gaillimhe.”
Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe an 44 teach inacmhainne ag Garraí na Gaoithe le díol faoi na socruithe ceannaigh inacmhainne atá san áireamh san Acht um Thithíocht Inacmhainne 2021 agus sna Rialacháin Ghaolmhara um Thithíocht Inacmhainne.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim Gharraí, lena n-áirítear an Scéim Thosaíochta, an nasc chuig an bhfoirm iarratais agus an cháipéisíocht tacaíochta riachtanach ar fáil ag www.galway.ie/affordable. Tabharfar tús áite do gach iarratas de réir an dáta a gheofar iad ar dtús.
Sa phictiúr seo ag forbairt Gharraí na Gaoithe ag Baile Chláir, Contae na Gaillimhe clé-deas: John Waters ó Stiúrthóireacht Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe; Michael Owens, Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe; Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; Comhairleoir Martina Kinane, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; agus Karen O’Donnell, Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tugtar aitheantas do Andrew Downes, xposure.
Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe agus an Comhairleoir Martina Kinane, Cathaoirleach Chomhairle Contae na Gaillimhe sa phictiúr ag forbairt Gharraí na Gaoithe i mBaile Chláir, Co. na Gaillimhe. Tugtar aitheantas do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tugtar aitheantas do Andrew Downes, xposure.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte