Home page
Fáilte chuig Catalóg Bhailiúcháin Chartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe Ar Líne
Tá cuntais mhionsonraithe sa Chatalóg ar Líne ar ábhar catalógaithe cartlainne a choinnítear i gCartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ó leibhéal an bhailiúcháin go dtí leibhéal na sraithe agus na míre. Tá fáil ar rochtain ar na taifid ar mhaithe le comhairliúchán sa Seomra Taighde ach coinne a dhéanamh roimh ré leis an gcartlannaí. Cuirfear ábhar leis an gcatalóg go rialta de réir mar a ndéanfar na bailiúcháin a phróiseáil. Chun ábhar cartlainne a chuardach téigh chuig an leathanach cuardaigh Cé nach gcuirtear rochtain ar fáil ar an taifead é féin tríd an gcatalóg, sa chás go bhfuil fáil ar chóip dhigiteach den doiciméad ar líne bíonn nasc san iontráil chatalóige chuig na Taifid Dhigiteacha, áit ar féidir rochtain a fháil air.
Séanadh, Sonraí Pearsanta agus Rochtain
Tabhair ar aird nach ndéanann Comhairle Chontae na Gaillimhe uiríoll ná barántaí ar bith maidir le cruinneas ná hoiriúnacht na faisnéise atá in ábhar na Catalóige ar Líne agus dá bhrí sin, ní glacann aon dliteanas i ndáil le hiarmhairtí aon earráide, caillteanais ná damáiste a bhaineann d’úsáideoirí na faisnéise atá sa chatalóg. D’fhéadfadh roinnt sonraí pearsanta a bheith i mbunachar sonraí na catalóige ar líne. Ghlac an fhoireann cúram réasúnach chun a chinntiú go bhfeidhmímid laistigh d’fhorálacha na reachtaíochta cosanta sonraí. Má cheapann tú gur cúis damáiste nó ciaptha shuntasaí atá in aon chuid de na sonraí atá sa Chatalóg ar Líne, nó má cheapann tú go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis damáiste nó ciaptha shuntasaí, duitse nó do dhaoine ar bith eile atá beo, déan teagmháil linn ar ríomhphost ar archivist@galwaycoco.ie agus bíodh mionsonraí sonracha agat.
Tabhair ar aird go bhféadfadh sé tarlú ó am go chéile nach mbeadh rochtain ar iontrálacha sa Chatalóg ar Líne ar feadh tamaill agus nach mbeadh rochtain ar roinnt taifead sa Seomra Taighde de bharr srianta rochtana nó ábhair imní a bhaineann le cúrsaí caomhnúcháin.
© Cóipcheart Comhairle Chontae na Gaillimhe.