Oidhreacht & Pobail
- Naisc ábhartha eile
- Eolas Fúinn & Céard is Oidhreacht ann?
- Nuacht & Ócáidí
- Oidhreacht Ar-Líne
- Seandálaíocht & Oidhreacht Thógtha
- Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha
- Oidhreacht Chultúir
- Reiligí
- Plean Oidhreachta & Fóram Oidhreachta
- Oidhreacht & Pobail
Oibríonn Oifig Oidhreachta Chontae na Gaillimhe go réamhghníomhach le daoine aonair, pobail agus scoileanna ag cuidiú leo feasacht maidir lena n-oidhreacht thógtha, nádúrtha agus cultúir a mhéadú; chun eolas ar oidhreacht áitiúil a mhéadú agus chun tabhairt faoi thionscadail agus ag an am céanna ag comhlíonadh dea-chleachtais oidhreachta. Ina theannta sin oibríonn an Oifig Oidhreachta i gcomhpháirtíocht (ag brath ar acmhainní) le grúpaí oidhreachta ar réimse leathan de thionscnaimh oidhreachta áitiúla. Tugann an Seandálaí Pobail, treoir agus cúnamh do dhaoine aonair, do phobail agus do scoileanna ar réimse leathan ceisteanna agus tionscadal oidhreachta seandálaíochta. Ar chuid de na tionscadail pobail a bhfuil baint ag an Oifig Oidhreachta leo tá na cinn seo leanas: Galway Beo, Tionscadal Scéim Eisimirce Tuke, Tionscadal Mhíle Órga na Gaillimhe, Lá Bhailte Múrtha Bhaile Átha an Rí, Féile Mheánaoiseach Bhaile Locha Riach, mapáil dhigiteach na reiligí, iniúchtaí oidhreachta a fhorbairt agus Féile na gCloch.
Ciste Séadchomharthaí Pobail 2025
CMF 2025 - Ceardlann Faisnéise
Bígí linn ar ZOOM 18 Nollaig 2024 10 a chlog, má tá sé beartaithe agat cur isteach ar Mhaoiniú Séadchomharthaí Pobail 2025. Rachaimid tríd an bhfoirm and freagróimid aon cheisteanna atá agat.
Link to Join Zoom Meeting/ Bígí linn
https://us02web.zoom.us/j/83451256031?pwd=RTqx5YYX0YRjhkR0Qq2OIk6tMjtT8q.1
Meeting ID: 834 5125 6031
Passcode: 032316
Ciste Séadchomharthaí Pobail
Bunaíodh an Ciste Séadchomharthaí Pobail in 2020 chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann. Tugtar tús áite don mhaoiniú seo d’Údaráis Áitiúla, d’úinéirí agus do chaomhnóirí príobháideacha agus do ghrúpaí pobail le haghaidh cúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí seandálaíochta.
Is é an maoiniú iomlán a bheidh ar fáil go náisiúnta do thionscadail faoin gCiste Séadchomharthaí Pobail 2025 ná €7,400,000.
Tá caipiteal riachtanach á infheistiú ag an gCiste Séadchomharthaí Pobail inár n[1]oidhreacht seandálaíochta chun cabhrú le húinéirí agus caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne. Tá tionchair an athraithe aeráide ar ár séadchomharthaí ag éirí níos soiléire. Le méadú ar an síonchaitheamh agus ar imeachtaí tromchúiseacha aeráide, tá an timthriall deisiúcháin ar an oidhreacht thógtha ag éirí níos giorra. Tá cothabháil agus deisiú méadaithe ríthábhachtach chun seasmhacht a thógáil i séadchomharthaí chun cur ar a gcumas tionchair timpeallachta atá ag athrú a sheasamh.
Is iad príomhaidhmeanna an Chiste ná caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur i láthair séadchomharthaí seandálaíochta. Déanfaidh sé: cumasú ar oibreacha caomhantais a dhéanamh ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu; seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí le cur ar a gcumas tionchair an athraithe aeráide a sheasamh; rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú.
Traenáil Scileanna Traidisiúnta
Molann an Roinn gné oiliúna scileanna traidisiúnta a bheith mar chuid de na tionscadail. Déantar é seo chun cabhrú le scileanna traidisiúnta tógála agus ceardaíochta, a bhfuil leas acu i gcaomhnú séadchomharthaí seandálaíochta, a chaomhnú agus chun cumas a thógáil san earnáil. D’fhéadfadh go molfar oiliúint nuair a bhíonn bearna sna scileanna traidisiúnta atá ar fáil. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo, mar shampla, traenáil agus breisoiliúint i saoirseacht thraidisiúnta agus úsáid moirtéal aoil, ballaí cloiche tirime, díonta, cur tuí, siúinéireacht agus obair iarainn, srl. Beidh sé soiléir san iarratas cé a gheobhaidh an oiliúint agus cé a sholáthróidh an oiliúint. Ba chóir go léirítear go bhfuil creidiúnú cuí ag soláthraithe oiliúna.
Cé Atá In Ann Iarratas A Dhéanamh?
Cuireann an Ciste Séadchomharthaí Pobail maoiniú ar fáil do thionscadail a bhaineann le: (i) Séadchomharthaí Seandálaíochta atá ar áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú); (ii) Séadchomharthaí Seandálaíochta atá aitheanta sa Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí a thiomsaigh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Gheofaí tionscadail incháilithe as na catagóirí seo a leanas: a) tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, i gcás ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta agus leas pobail nó poiblí léirithe; b) tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bharr iarratas ó iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcaomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iomchuí i gcás ina bhfuil leas poiblí follasach ann; c) tionscadail a bhfuil béim oidhreachta sainithe go soiléir acu agus a bhfuil leas pobail nó poiblí acu, atá molta go díreach don Roinn ag eagraíocht státmhaoinithe atá ag obair in earnáil na hoidhreachta
Má tá aon cheist agat déan teagmháil le:
Marie Mannion,
Oifigeach Oidhreachta
Fón 087 9088387
ríomhphost mmannion@galwaycoco.ie
nó
Bernie Doherty,
Seandálaí Pobail na Gaillimhe
Fón 086 1003888
ríomhphost g.c.archaeology@gmail.com
nó
Ann Marie Cusack,
Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta
Fón 091 378924
ríomhphost amcusack@galwaycoco.ie
Please note that completed application forms must be submitted by Friday 31st January 2025 and emailed to heritage@galwaycoco.ie
Tabhair faoi deara le do thoil nach mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach faoin Dé hAoine 31 Eanáir 2025 agus iad a sheoladh ar ríomhphost chuig heritage@galwaycoco.ie
CMF2025 - Lámhleabhar an Chiste
CMF2025 - Foirm Mheasúnaithe B
CMF2025 - Foirm Éilimh ar Aisghabháil C
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte