Plean Oidhreachta & Fóram Oidhreachta
- Naisc ábhartha eile
- Eolas Fúinn & Céard is Oidhreacht ann?
- Nuacht & Ócáidí
- Oidhreacht Ar-Líne
- Seandálaíocht & Oidhreacht Thógtha
- Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha
- Oidhreacht Chultúir
- Reiligí
- Plean Oidhreachta & Fóram Oidhreachta
- Oidhreacht & Pobail
Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2017-2022
Is é Plean Oidhreachta Chontae na Gaillimhe 2017-2022 an tríú Plean Oidhreachta do Chontae na Gaillimhe agus tá an aidhm foriomlán a bhí i gceist leis na pleananna roimhe seo tugtha chun cinn leis, is é sin "cúrsaí oidhreachta agus bithéagsúlachta a bheith i gceartlár an tsaoil phoiblí sa chontae". Bainfear sin amach trí fheasacht, rannpháirtíocht, sult, eolas agus tuiscint ar ár n-oidhreacht roinnte a neartú chun í a chaomhnú, í a bhainistiú agus í a chosaint i gceart agus chun an oidhreacht sin a choinneáil slán do na glúnta amach romhainn.
An Aisling
Go mbeidh meas ar shaibhreas oidhreachta agus bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe, go dtuigfear an fiúntas atá leis agus go ndéanfar a chaomhnú agus a fheabhsú ar bhealach lena léirítear tuiscint ar an stair, ar riachtanais na linne seo agus ar chúrsaí inmharthanachta maidir leis an am atá le theacht.
Cuspóirí
Sonraítear trí cinn de mhórchuspóirí a bheidh de bhonn leis na gníomhartha a dhéantar maidir leis na cúig phríomhthéama (féach thíos). Seo a leanas na cuspóirí sin:
- cur leis an tuiscint, leis an meas agus leis an rannpháirtíocht
- eolas a bhailiú agus a scaipeadh
- bainistíocht agus caomhnú a dhéanamh ar an oidhreacht, an bhithéagsúlacht san áireamh.
Téamaí
Déanfar gníomhartha a leagan amach faoi gach ceann de na cúig théama seo a leanas:
- rannpháirtíocht an phobail
- oideachas agus oiliúint
- taighde agus eolas
- Comhairle Chontae na Gaillimhe: daoine, áitribh agus oibreacha
- caidreamh le páirtithe leasmhara agus tabhairt faoi dheiseanna le páirtnéirí eile.
Plean Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe 2017-2022
Fhóram Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe
Tá ionadaíocht thar ceann earnálacha leasmhara ar Fhóram Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe, ina measc an rialtas áitiúil, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí neamhrialtais, feirmeoirí agus úinéirí eile talún, gníomhaireachtaí forbartha áitiúla agus réigiúnacha, earnáil an oideachais agus earnáil na hoidhreachta agus earnáil an phobail agus na n-eagraíochtaí deonacha.
Cuireadh an Fóram Oidhreachta agus Bithéagsúlachta ar bun sa bhliain 2004 chun lón comhairle agus treorach a chur ar fáil maidir le Pleananna Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae na Gaillimhe a chur i dtoll a chéile agus a chur i bhfeidhm, agus chun cláir oibre bhliantúla a chur le chéile agus a thabhairt faoi athbhreithniú.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte