Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha
- Naisc ábhartha eile
- Eolas Fúinn & Céard is Oidhreacht ann?
- Nuacht & Ócáidí
- Oidhreacht Ar-Líne
- Seandálaíocht & Oidhreacht Thógtha
- Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha
- Oidhreacht Chultúir
- Reiligí
- Plean Oidhreachta & Fóram Oidhreachta
- Oidhreacht & Pobail
Is giorrú 'bithéagsúlacht' ar éagsúlacht bitheolaíochta. Tugtar de shainmhíniú ina leith sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, 1992 go gciallaíonn bithéagsúlacht athraitheacht i measc orgánaigh beo ó gach foinse, lena n-áirítear éiceachórais talún agus mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad; áirítear leis sin éagsúlacht laistigh de speiceas agus idir speicis agus éagsúlacht éiceachóras. Is cnuastéarma bithéagsúlacht a dtagann na horgánaigh beo uile ar an bpláinéad faoina scáth, baictéir, plandaí agus ainmhithe san áireamh chomh maith lena gcuid gnáthóg. Go simplí, is ionann an bhithéagsúlacht agus cineálacha iléagsúil na beatha ar an Domhan agus na pátrúin nádúrtha a ghabhann leis an dúlra.
Tá an t-ádh orainn i nGaillimh oiread saibhris a bheith ag baint le hoidhreacht nádúrtha na háite, cuid mhór atá gan milleadh nó gan mórán cur isteach. Tá gnáthóga agus speicis ainmhithe agus plandaí ag baint le bithéagsúlacht na Gaillimhe nach bhfuil coitianta, nó nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith, in áiteanna eile in Éirinn nó san Eoraip. Tá bratphortaigh, portaigh ardaithe, aillte, dumhcha, turlaigh, calaidh abhann, pábháil aolchloiche, tránna méarla agus tailte féaraigh atá lán le speicis éagsúla ar fáil i gContae na Gaillimhe gan iomlán na ngnáthóg a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo a lua.
Faoin Acht Oidhreachta 1995, tugtar sainmhíniú ar aon dul lena bhfuil anseo síos ar réimsí éagsúla, mar shampla fána, flóra, geolaíocht, an taobh tíre, réimsí farraige agus gnáthóg fiadhúlra:
Fána
Gach éan fiáin agus gach ainmhí fiáin (idir uiscí agus talúnta) agus folaíonn sé go háirithe éisc, mamaigh fhiáine, reiptílí, ainmhithe agus amfaibiaigh inveirteabracha neamhuiscí, agus uibheacha, larbhaí, pupaí nó céim neamhaibí eile agus óga na n-ainmhithe fiáine sin uile, ach maidir le héisc nó le hainmhithe inveirteabracha uiscí (nó lena n-uibheacha nó lena sceathrach nó le céim neamhaibí eile nó lena n-ál nó lena n-óga) ní fholaíonn sé ach éisc agus na hainmhithe inveirteabracha uiscí sin is de speiceas arna shonrú i rialacháin faoi alt 23 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.
Flóra
Gach planda (idir uiscí agus talúnta) san fhianas (laistigh nó lasmuigh den Stát) nach crainn, toir ná plandaí eile a bhíonn á bhfás i gcúrsa talmhaíochta, foraoiseachta nó gortóireachta, agus folaíonn sé go háirithe léicin, caonaigh, aelusanna, fungais, algaí agus plandaí soithíocha, is é sin le rá, plandaí bláthiompair, raithneacha agus plandaí raithneachúla agus aon chumann plandaí den sórt sin.
Geolaíocht
Staidéar uilechuimsitheach nó sainréimseach, ar phláinéad an Domhain, ar chineálacha ábhair an phláinéid, ar na próisis a oibríonn agus a d'oibrigh cheana ar an ábhar agus ar cruthaíodh de tháirgí agus de struchtúir de thoradh na bpróiseas, stair fisice agus stair bitheolaíochta an phláinéid ó thráth a bhunúis lena n-áirítear stair na beatha de réir mar atá caomhnaithe in iontaisí sa chloch nó sil-leagtha ar dhroim an domhain nó i sraitheanna faoi dhroim an domhain, an sliocht stratagrafaíochta, pluaiseanna, ábhar iontaise nó gnéithe ar bith eile is ábhar spéise ó thaobh na heolaíochta agus tugtar gnéithe geomoirfeolaíochta, liteolaíochta agus mianreolaíochta san áireamh.
Réimse Tíre
Limistéir, suíomhanna, radhairc agus gnéithe a bhfuil suntas leo ó thaobh scéimhe, seandálaíochta, geolaíochta, staire, éiceolaíocht nó ábhar eile eolaíochta.
Réimse Farraige
Limistéir agus suíomhanna uisce le cósta, ar a n-áirítear inbhir, cuanta agus murlaigh lena mbaineann suntas ó thaobh scéimhe, geolaíochta, éiceolaíocht nó ábhar eile eolaíochta.
Gnáthóg Fiadhúlra
An timpeallacht éiceolaíochta ina maireann orgánaigh faoi leith agus aon chumann den sórt sin.
Féach ar na láithreáin ghréasán agus cainéil meán sóisialta thíos chun tuilleadh eolais a fháil:
https://biodiversity.galwaycommunityheritage.org/
https://www.facebook.com/peopleandnature/
https://heritage.galwaycommunityheritage.org/content/category/places/galway-beo-project
https://www.facebook.com/pages/category/Community-Service/Galway-Beo-102500174744778/
https://www.youtube.com/channel/UC_bWW4CrzofP-4HlMwjTMfg
Spraoi don Teaghlach ar an Lá Bithéagsúlachta
i bPáirc Rinn Mhíl, Dé Domhnaigh 24 Bealtaine.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte