Seandálaíocht & Oidhreacht Thógtha
- Naisc ábhartha eile
- Eolas Fúinn & Céard is Oidhreacht ann?
- Nuacht & Ócáidí
- Oidhreacht Ar-Líne
- Seandálaíocht & Oidhreacht Thógtha
- Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha
- Oidhreacht Chultúir
- Reiligí
- Plean Oidhreachta & Fóram Oidhreachta
- Oidhreacht & Pobail
An tSeandálaíocht sa Phróiseas Pleanála
Áirítear sa roinn seo séadchomharthaí, ábhar seandálaíochta, raic, oidhreacht ailtireachta, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, ábhar oidhreachta agus uiscebhealaí intíre.
Sainmhíniú ar Sheandálaíocht
Is é atá i Seandálaíocht ná staidéar ar shochaithe agus ar chultúir a bhain leis an am atá caite trí mheasúnacht a dhéanamh ar an ábhar atá fágtha ina ndiaidh acu agus ar fhianaise a dtimpeallachta. Déanann sí imscrúdú ar a dtithe, a lonnaíochtaí, a dtuamaí agus ar na huirlisí a d’úsáid siad gach lá. Féachann sí le tuiscint a fháil ar thírdhreach, fhásra agus aeráid an ama atá caite agus mar a chuaigh siad i gcion ar na daoine ag an am agus mar a chuaigh na daoine i gcion orthu.
Séadchomhartha
Áirítear ar shéadchomharthaí, cibé an bhfuil siad os cionn nó faoi dhromchla na talún nó dhromchla an uisce agus cibé an bhfuil siad greamaithe den talamh nó nach bhfuil:
(a) aon fhoirgneamh, struchtúr nó tógáil, nó aon ghrúpa foirgneamh, struchtúr nó tógálacha saorga nó leathshaorga,
(b) aon uaimh, chloch nó táirge nádúrtha eile, cibé a bhfuil siad mar chuid den talamh nó nach bhfuil, a bhfuil snoí, dealbhú nó obair shaorga eile déanta orthu nó (nuair nach bhfuil cuid nádúrtha den áit ina bhfuil siad iad) a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad lonnaithe nó socraithe ansin d’aon turas,
(c) aon cheann nó aon chuid de na nithe seo a leanas: tuama, uaigh nó taisce adhlactha réamhstairiúil nó ársa, suíomh deasghnátha, tionscail nó áitribh, agus
(d) aon áit a bhfuil iarsmaí nó lorg aon fhoirgnimh, struchtúir nó tógála, aon uaimhe, cloiche, taisce adhlactha nó táirge nádúrtha den sórt sin, nó aon tuama, uaigh, taisce adhlactha nó suíomh deasghnátha, tionscail nó áitribh, suite ar thalamh nó in uiscí teorann an Stáit, ach amháin aon fhoirgneamh, nó aon chuid d’aon fhoirgneamh, a bhíonn a úsáid de ghnáth i gcomhair gnóthaí eaglasta.
Raice
Soitheach, nó cuid de shoitheach, atá ina luí briste ar nó faoi ghrinneall na farraige nó i ngrinneall na farraige, ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce, agus aon ábhar atá istigh sa soitheach nó air, nó aon ábhar a bhí tráth istigh sa soitheach nó air, agus atá ina luí ar nó faoi ghrinneall na farraige nó i ngrinneall na farraige, nó ar thalamh nó i dtalamh ata clúdaithe le huisce.
Oidhreacht Ailtireachta
Gach struchtúr agus foirgneamh, traidisiúnta nó deartha, agus gach grúpa foirgneamh lena n-áirítear sráid-dreacha agus caol-léargais uirbeacha a bhfuil luach stairiúil, seandálaíochta, ealaíne, innealtóireachta, eolaíochta, sóisialta nó teicniúil ag baint leo, maraon lena suíomhanna, a dtailte coimhdeacha, a bhfearais, feistis agus inneachair, agus, gan chlaontacht do ghinearáltacht an méid a chuaigh roimhe seo, lena n-áirítear iarnróid agus foirgnimh agus struchtúir a bhaineann leo agus aon áit a bhfuil iarsmaí nó lorg a leithéid d’iarnróid, foirgnimh nó struchtúir.
Gairdíní & Páirceanna Oidhreachta
Ceantair oidhreachta nádúrtha, agus gairdíní agus páirceanna a bhfuil luach suntasach eolaíochta, luibheolaíoch, aeistéitiúil nó stairiúil ag baint lena mbailiúcháin plandaí, a ndearadh, gnéithe dá ndearadh, a bhfoirgnimh, suímh, stíl nó rud a bhaineann leo, nó a léiríonn gné éigin d’fhorbairt garraíodóireachta nó d’fhorbairt gairdíní agus páirceanna.
Uiscebhealaí Intíre
Canálacha, codanna canálaithe d’aibhneacha agus locha, cainéil loingseoireachta in aibhneacha agus i locha, agus na gnéithe loingseoireachta a bhaineann leo.
Ciste Séadchomharthaí Pobail 2024
Ciste Séadchomharthaí Pobail
Bunaíodh an Ciste Séadchomharthaí Pobail in 2020 chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann. Tugtar tús áite don mhaoiniú seo d’Údaráis Áitiúla, d’úinéirí agus do chaomhnóirí príobháideacha agus do ghrúpaí pobail le haghaidh cúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí seandálaíochta.
Is é an maoiniú iomlán a bheidh ar fáil go náisiúnta do thionscadail faoin gCiste Séadchomharthaí Pobail 2024 ná €7,000,000.
Tá caipiteal riachtanach á infheistiú ag an gCiste Séadchomharthaí Pobail inár n[1]oidhreacht seandálaíochta chun cabhrú le húinéirí agus caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne. Tá tionchair an athraithe aeráide ar ár séadchomharthaí ag éirí níos soiléire. Le méadú ar an síonchaitheamh agus ar imeachtaí tromchúiseacha aeráide, tá an timthriall deisiúcháin ar an oidhreacht thógtha ag éirí níos giorra. Tá cothabháil agus deisiú méadaithe ríthábhachtach chun seasmhacht a thógáil i séadchomharthaí chun cur ar a gcumas tionchair timpeallachta atá ag athrú a sheasamh.
Is iad príomhaidhmeanna an Chiste ná caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur i láthair séadchomharthaí seandálaíochta. Déanfaidh sé: cumasú ar oibreacha caomhantais a dhéanamh ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu; seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí le cur ar a gcumas tionchair an athraithe aeráide a sheasamh; rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú.
Traenáil Scileanna Traidisiúnta
Molann an Roinn gné oiliúna scileanna traidisiúnta a bheith mar chuid de na tionscadail. Déantar é seo chun cabhrú le scileanna traidisiúnta tógála agus ceardaíochta, a bhfuil leas acu i gcaomhnú séadchomharthaí seandálaíochta, a chaomhnú agus chun cumas a thógáil san earnáil. D’fhéadfadh go molfar oiliúint nuair a bhíonn bearna sna scileanna traidisiúnta atá ar fáil. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis seo, mar shampla, traenáil agus breisoiliúint i saoirseacht thraidisiúnta agus úsáid moirtéal aoil, ballaí cloiche tirime, díonta, cur tuí, siúinéireacht agus obair iarainn, srl. Beidh sé soiléir san iarratas cé a gheobhaidh an oiliúint agus cé a sholáthróidh an oiliúint. Ba chóir go léirítear go bhfuil creidiúnú cuí ag soláthraithe oiliúna.
Cé Atá In Ann Iarratas A Dhéanamh?
Cuireann an Ciste Séadchomharthaí Pobail maoiniú ar fáil do thionscadail a bhaineann le: (i) Séadchomharthaí Seandálaíochta atá ar áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSA) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 (arna leasú); (ii) Séadchomharthaí Seandálaíochta atá aitheanta sa Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí a thiomsaigh Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Gheofaí tionscadail incháilithe as na catagóirí seo a leanas: a) tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, i gcás ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta agus leas pobail nó poiblí léirithe; b) tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bharr iarratas ó iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcaomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iomchuí i gcás ina bhfuil leas poiblí follasach ann; c) tionscadail a bhfuil béim oidhreachta sainithe go soiléir acu agus a bhfuil leas pobail nó poiblí acu, atá molta go díreach don Roinn ag eagraíocht státmhaoinithe atá ag obair in earnáil na hoidhreachta
Má tá aon cheist agat déan teagmháil le:
Marie Mannion,
Oifigeach Oidhreachta
Fón 087 9088387
ríomhphost mmannion@galwaycoco.ie
nó
Bernie Doherty,
Seandálaí Pobail na Gaillimhe
Fón 086 1003888
ríomhphost g.c.archaeology@gmail.com
nó
Maírín Doddy,
Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta
Fón 091 509197
ríomhphost mdoddy@galwaycoco.ie
Tabhair faoi deara le do thoil nach mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach faoin Déardaoin 1 Feabhra ag 12 meán lae agus iad a sheoladh ar ríomhphost chuig Ita Gordon @ igordon@galwaycoco.ie
Community Monuments Fund 2024 - Handbook CMF2024_GAE
Community Monuments Fund 2024 - Application Form CMF-A_GAE
Community Monuments Fund 2024 - Appraisal Form CMF-B_GAE
Community Monuments Fund 2024 - Recoupment Claim Form CMF-C_GAE
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte