Eolas Fúinn & Céard is Oidhreacht ann?
- Naisc ábhartha eile
- Eolas Fúinn & Céard is Oidhreacht ann?
- Nuacht & Ócáidí
- Oidhreacht Ar-Líne
- Seandálaíocht & Oidhreacht Thógtha
- Bithéagsúlacht & Oidhreacht Nádúrtha
- Oidhreacht Chultúir
- Reiligí
- Plean Oidhreachta & Fóram Oidhreachta
- Oidhreacht & Pobail
Bunaíodh Oifig Oidhreachta Chontae na Gaillimhe i Meitheamh 2000 nuair a ceapadh an chéad Oifigeach Oidhreachta i gContae na Gaillimhe. Is comhthionscnamh é Clár an Oifigigh Oidhreachta idir an Chomhairle Oidhreachta agus na húdaráis áitiúla, Comhairle Chontae na Gaillimhe ina measc.
Is é an aidhm atá ag Oifig Oidhreachta Chontae na Gaillimhe ná:
- Feasacht, eolas agus mórtas maidir le hoidhreacht Chontae na Gaillimhe a spreagadh
- Comhairle, treoir agus faisnéis ar ghnéithe éagsúla den oidhreacht a sholáthar
- Comhpháirtíocht agus rannpháirtíocht a spreagadh.
- Dea-chleachtas i réimse na hoidhreachta a spreagadh
- Gníomhaíochtaí de chuid Phlean Oidhreachta Chontae na Gaillimhe 2017-2022 a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhpháirtíocht le Fóram Oidhreachta Chontae na Gaillimhe
- Tiomsú, sonraí agus taighde a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla d’oidhreacht Chontae na Gaillimhe
- Tacú le comhtháthú agus le cuimsiú beartais oidhreachta ar fud gach earnái
Tugtar de shainmhíniú ar an oidhreacht faoin Acht Oidhreachta 1995, go dtagann san áireamh léi séadchomharthaí, iarsmaí seandálaíochta, iarsmaí oidhreachta, an oidhreacht ailtireachta, flóra, réimsí farraige, báid bhriste, gnéithe geolaíochta, uiscebhealaí intíre agus gairdíní agus páirceanna oidhreachta. Déantar soláthar le Plean Oidhreachta Chontae na Gaillimhe 2017-2022 do na gnéithe sin den oidhreacht a shonraítear san Acht. Ach, déantar soláthar leis an bPlean Oidhreachta chomh maith do ghnéithe den oidhreacht nach mbaineann ach leis an gcontae amháin agus a mheasann muintir Chontae na Gaillimhe iad a bheith mar chuid den oidhreacht shaibhir seo. Mar sin, measann Oifig Chomhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil an Ghaeilge, an seanchas agus an béaloideas, logainmneacha, an cheardaíocht thraidisiúnta, cúrsaí ginealais agus an stair áitiúil ina ngnéithe tábhachtacha d'oidhreacht ar leith Chontae na Gaillimhe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte