Ceadaíonn digitiú dúinn dhá rud fíor thábhachtach a dhéanamh, caomhnú trí cóip digiteach a dhéanamh agus rochtain a sholáthar trí rochtain ar líne a sholáthar do lucht féachana domhanda. Dá bhrí sin táimid tiomanta do bhailiúcháin thábhachtacha a bheith ar fáil ar-líne, le bheith ar fáil do chuile dhuine le úsáid agus sásamh a bhaint astu. Tá digitiú fíor chostasach agus tógfaidh sé cuid mhaith blianta sul má tá rogha cuimsitheach ar fáil againn ar an mbealach seo. Moltar do thaighdeoirí a dhul i gcomhairle le liosta tuairisciúil chuile bhailiúchán chun foghlaim faoin mhéid atá ann. Seachas sin téigh i gcomhairle le áiseanna cuardaithe eile, cosúil le catalóg ar-líne, atá leagtha amach ar an gcaoi le deis a thabhairt do chuairteoirí chuig ár suíomh idirlíon tuilleadh eolais a fháil maidir lenár mbailiúcháin. De bharr méid cuid de na comhaid tógfaidh siad achar bheag le n-íoslódáil. Tá gach comhad i bhformáid Adobe Acrobat (PDF).
Tá roinnt de bhailiúcháin Chartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe innéacsaithe ag FindMyPast agus tá siad curtha ar fáil ar a láithreán gréasáin, ar a bhfuil breis is dhá bhilliún taifead de stair theaghlaigh. Áirítear bailiúcháin Innéacsaithe Aontas Dhlí na mBocht Bhéal Átha na Sluaighe, an Chlocháin, an Ghoirt, an Chreagáin (cuid de) agus Thuaim, agus Clár Leighis Phort Omna (1881-1884) agus Suirbhé Eastáit Áth Cinn St George Mansergh (1775).
Íoslódáil an comhad le hamharc air ina iomláine
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte