Cuardaigh Taifid Reiligí na Cartlainne
Fáilte chuig innéacs na n-iontrálaithe ar chláir reiligí Chartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Féachtar leis an mbunachar sonraí rochtain saor in aisce a thabhairt ar gach taifead de dhaoine a adhlacadh i gContae na Gaillimhe. Is ó thaifid i gCartlann na Comhairle an t-eolas seo.
Tá innéacsú i mbunachar sonraí déanta ar iontrálaithe a scríobhadh de lámh sna cláir de réir ainm, sloinne, dáta a adhlacadh agus reilig.
Tá bailiúchán mór, ach neamhiomlán, clár ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe a bhaineann le reiligí atá faoi úinéireacht agus á mbainistiú ag an údarás áitiúil. Baineann siad go ginearálta leis an tréimhse ó lár na 1940í go dtí an lá atá inniu ann. Tá cláir níos sine, ó lár na 1880í, coinnithe do reiligí bhaile Bhéal Átha na Sluaighe[1] agus Thuama[2].
Tá dhá chineál clár i gceist:
- Clár Adhlactha (GC/Env2) ina ndéantar taifeadadh in ord croineolaíoch ar shonraí daoine a adhlacadh sa reilig agus
- Leabhair Uaigheanna (GC/Env1/) ina ndéantar taifeadadh ar mhionsonraí den chineál céanna chomh leis an áit a bhfuil an uaighe.
Is mó de na Cláir Adhlactha atá sa Chartlann ná Leabhair Uaigheanna. Tá mionsonraí maidir leis na sealúchais ar fad le fáil sa chatalóg ar líne.
Cúlra
Tá bainistiú Reiligí faoi rialú ag reachtaíocht agus rialacháin éagsúla mar Rules Applicable to Burial Grounds Provided Under the Public Health (Ireland) Act, 1878, agus Rialacha agus Rialacháin a bhaineann le Reiligí a Rialú srl (arna leasú). Boird na Reiligí a thug faoi reiligí a rialú agus a bhainistiú ar dtús. Ba fho-choistí iad sin faoi Dhlí na mBocht. Ghlac Comhairlí Ceantair Tuaithe an fheidhm sin in 1889 thar cheann an údaráis áitiúil agus ansin ó timpeall 1923 ba iad na Boird Sláinte agus Cúnamh Poiblí a bhí ina bhun. Ó thús na 1940í ar aghaidh is ar an gComhairle Contae atá an fhreagracht seo. An Rannóg Seirbhísí Uisce agus an Rannóg Ilchuspóireach a bhí mbun na feidhme ar dtús. Nuair a bunaíodh Rannóg Timpeallachta i lár na 1990í aistríodh an fhreagracht chuig an rannóg sin.
Bíonn baint ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le hairígh a cheapadh agus le reiligí a chur ar fáil agus a chothabháil. Airígh san áit a thugann faoi bhainistiú na reiligí ó lá go lá thar ceann na Comhairle Contae. Is iad a bhíonn freagrach as Cláir a líonadh, sonraí na n-adhlacthaí a thaifeadadh, íocaíocht a ghlacadh maidir le huaigheanna a cheannach agus mar sin.
Ní raibh/Níl ag roinnt Airíoch ach Clár Adhlachtha. Déantar taifeadadh sna Cláir seo go croineolaíoch ar shonraí adhlactha duine ach ní thugtar an áit a bhfuil uaigh sa reilig.
Tá 225 reilig faoi úinéireacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus meastar go bhfuil 250 reilig eile sa Chontae nach leis an gComhairle iad. Tá reiligí leanaí nó cillíní i measc líon mór de na reiligí nach bhfuil faoi úinéireacht na Comhairle.
Ní théann na cláir na reiligí a bhaineann le reiligí faoi úinéireacht na Comhairle ach siar go dtí lár na 1940í. Is beag Clár a théann siar níos faide ná sin ach i gcás Bhéal Átha na Sluaighe agus Thuama.
Faraor do lucht ginealais, níl aon taifid scríofa reiligí ann ach i gcás roinnt bheag reiligí. Caithfidh staraithe dul i muinín clocha cinn agus cuimhneacháin i gcás reiligí eile. Is féidir go mbeadh suim ag lucht taighde sa tionscadal inscríbhinne cloch cinn i reiligí agus mapála digití arna bhainistiú ag Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Chomh maith leis sin tá cóipeanna d'inscríbhinn cuimhneacháin i leith reiligí éagsúla sa chontae le fáil i rannóg Stair Áitiúil Leabharlanna Chontae na Gaillimhe. Cumainn Stair Teaghlaigh na Gaillimhe FÁS a chuir sin i dtoll a céile sna 1990í.
An Tionscadal Innéacsúcháin & Trascríbhneoireachta
Tá gach iontráil lámhscríofa sna Cláir Adhlactha (GC/Env2/) agus i Leabhair na nUaigheanna (GC/Env1/) trascríofa agus inchuardaithe sa bhunachar sonraí. Tá gach iontráil trascríofa ansin nasctha leis an leathanach a chomhfhreagraíonn leis sa chlár digitithe iomchuí.
Ó tharla an réimse leathan dátaí a bhaineann leis na Cláir agus an éagsúlacht atá ann i dtaobh chaighdeán na lámhscríbhneoireachta agus mar a cuireadh sonraí i dtoll a chéile sna Cláir, in éineacht le bail na mbunchláir, bíonn sé deacair nó dodhéanta in amanna na téacscanna a léamh. Cé gur deineadh gach iarracht trascríobh chomh cruinn agus chomh iomlán agus is féidir a dhéanamh, ní d'aon ghnó a rinneadh earráidí/a fágadh ábhar ar lár.
- Rinneadh focail a litriú mar a bhí sna Cláir tríd is tríd (ní hionann na scileanna litrithe a bhí ag na hairígh ar fad agus mar sin b'fhéidir gur cheart leaganacha éagsúla de shloinnte a chuardach , e.g. Murry and Murray; Donnellan agus Donellan; Redington agus Reddington.
- Sa chás nach bhfuil dáta cláraithe i gClár ach go dtugtar bliain mheasta, tugtar ‘00/00/yy’ de ghnáth nó sa chás nach dtugtar dáta chlár bunaidh tugtar ‘00/00/00’ nó ‘?’.
- De ghnáth, nuair nach dtugtar ainm tugtar ‘[Blank]’ nó ‘?’.
Tá roinnt mioncheartúcháin / leasuithe déanta, chun leasa Cosanta Sonraí den chuid is mó.
Sampla d'iontráil i Leabhar Uaigheanna Reilig Mhaigh Locha (GC/Env1/22), a bhfuil ainm & seoladh an té atá adhlactha ann folaithe chun críocha Cosanta Sonraí.
Sampla d'iontráil i gClár Adhlacthaí Mhíleac, Reilig Dhún an Uchta (GC/Env2/71), a bhfuil ainm & seoladh an té atá adhlactha ann folaithe chun críocha Cosanta Sonraí.
Comhairle Chontae na Gaillimhe a rinne maoiniú ar an tionscadal cuimsitheach trascríbhneoireachta agus innéacsaithe seo a raibh 37,000 iontráil lámhscríofa i gceist agus a ghlac roinnt blianta. Cuirfear leis an mbunachar sonraí de réir a chéile agus nuair a leagtar Cláir nua isteach sa Chartlann. Beidh níos mó teachta ag an bpobal anois ar na sonraí ó tharla é ar líne agus déanfar na buntaifid a chaomhnú ar bhonn leanúnach.
Duine atá Adhlactha a Chuardach
Chun an bunachar sonraí a chuardach, níl le déanamh ach an t-eolas atá ar fáil a chur isteach sa réimse cuardaigh chuí. Mura bhfuil ach an sloinne ar eolas, cuir isteach an sloinne sa réimse cuardaigh chuí. Má thagann leaganacha éagsúla den ainm aníos faoi, roghnaigh an ceann atá uait. Roghnaítear an sloinne Smyth sa sampla seo lena dtugtar 54 toradh.
Chun líon na dtorthaí a laghdú, roghnaigh, mar shampla, reilig nó céadainm go deimhin. Roghnaítear Drumacoo sa gcás seo, lena laghdaítear na torthaí go dtí 5 thoradh.
Chun féachaint ar an iontráil ar an leathanach den Chlár bunaigh, cliceáil ar an deilbhín ar thaobh na láimhe clé den iontráil.
Cliceáil ar Athshocraigh chun an réimse cuardaigh a ghlanadh agus cuardach nua a thosú.
Chun méid an scáileáin a mhéadú, cliceáil ar an deilbhín ag íochtar an scáileáin ar dheis, agus cliceáil arís air chun an scáileáin a thabhairt ar ais go dtí an gnáthmhéid arís.
Is ag Comhairle Chontae na Gaillimhe atá an cóipcheart ar gach doiciméad agus sonraí sna Cláir agus sna liostaí a trascríobhadh. Ní ceadmhach aon chuid de na cláir ná liostaí a chóipeáil ná a dháileadh gan cead roimh ré ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, seachas i gcás taighde, críocha neamhthráchtála nó staidéar go príobháideach agus sin amháin. Is chun críocha eolais agus neamhthráchtála amháin a bhaintear úsáid as íomhánna agus doiciméid. Ní ceadmhach aon íomhánna a leasú ar aon bhealach.
Is féidir go mbeadh suim freisin ag lucht staire teaghlaigh, ginealeolaithe agus daoine eile sa tionscadal inscríbhinne cloch cinn i reiligí agus mapála digití arna bhainistiú ag Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Is mian le Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe aitheantas a thabhairt don bhaint a bhí ag Mallon Technologies Ltd. agus ag foireann Seirbhísí Eolais Chomhairle Chontae an Gaillimhe leis an tionscadal.
Chun fiosrú a dhéanamh faoi sheanreiligí nó reiligí déan teagmháil le Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe archivist@galwaycoco.ie.
Chun fiosrú a dhéanamh faoi adhlacthaí faoi láthair nó amach anseo, déan teagmháil le Rannóg Timpeallachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag an uimhir 091 509 559.
[1]BTC/2/1 i leith 1885-1994, agus BTC2/2 i leith 1886-1993
[2]GC/ENV2/27 i leith 1882-1902; GC/ENV2/28 i leith 1902-1920; agus GC/ENV2/29 i leith 1920-1943, 63)
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte